Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Filéamón 1:20 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Mar sin, a bhráthair, cuir fá’n gcomaoin seo mé san Tighearna: tabhair suaimhneas dom i gCríost.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

20 Is mar sin, a bhráthair liom, a iarraim ort an rud sin a dhéanamh dom ar ghrá an Tiarna. Tabhair an sásamh sin do mo chroi as ucht Chríost.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

20 A seadh, a dhearbhráthair, faghuim gáirdeachas uáid sa Dtíghearna: cómhfurtuigh mo chroídhe sa Dtíghearna.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

20 Is ea, a bhráthair, táim ag iarraidh aisce ort sa Tiarna; tabhair tógáil chroí dom i gCríost.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

20 Is ea, a bhráthair, táim ag iarraidh aisce ort sa Tiarna; tabhair tógáil chroí dom i gCríost.

Féach an chaibidil Cóip




Filéamón 1:20
14 Tagairtí Cros  

Óir thugadar suaimhneas spioraid damh‐sa agus daoibh‐se: bíodh meas agaibh ar a leithéidibh‐sean d’á bhrigh sin.


Óir má chuirim doilgheas oraibh, cia h‐é fhéadas soilgheas do thabhairt dom munab é an té sin ar chuireas doilgheas air?


Ar an adhbhar sin fuaramar sólás, acht ba mhóide ár sólás áthas Thítuis, toisc go bhfuair a spiorad breis meanma uaibh go léir.


Óir is é Dia m’fhiadhnaidhe ar an dúil mhóir chuirim ionnaibh go léir le caomh‐ghrádh Íosa Críost.


Uime sin, a bhráithre ionmhaine ’n‐a bhfuil dúil mo chroidhe, agus atá mar bhród agus mar choróin agam, seasaidh go daingean san Tighearna, a cháirde dílse.


Tá sé féin curtha agam ar ais chugat, agus gur ab é mo chroidhe istigh féin é.


Óir ba mhór an t‐adhbhar áthais agus sóláis dom do ghrádh‐sa a bhráthair, toisc gur tógadh croidheacha na naomh tríot.


Bidhidh umhal d’bhúr dtreoruighthibh, agus tabhraidh ómós dóibh: óir bíonn siad ag faire bhur n‐anmanna, mar dhaoine go bhfuil sé de dhualgas ortha cunntas do thabhairt: chum go ndéanfaidh siad go lúthgháireach é, agus ní go doilgheasach: óir ní bhéadh sin chum bhur leasa.


Acht cibé duine go bhfuil maoin an tsaoghail seo aige, agus go bhfeiceann sé á bhráthair i riachtanas, agus go gcruadhann sé a chroidhe ’n‐a aghaidh, cionnas chómhnuigheann grádh Dé ann?


Ní mó an gáirdeachas bhíos orm ’ná a chlos go bhfuil mo chlánn ag siubhal san bhfírinne.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí