Bíobla ar líne

Fógraí

An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua


Iósua 9 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)
Iósua 9

Caibidil IX. Cealg na Ngibeoniteach. 16 Do dhearnadh daoirsinigh dhíobh.

1 Agus tárla, a nuáir do chúaladar na ríghthe uile do bhí don taóibhsi do Iordan, air na slebhtíbh, agus air na gleantuibh, agus ar imlibh na fairge móire uile thall as coinne Lebanon, na Hititigh, agus na Hamoritigh, agus na Cananítigh, agus na Perissítigh, agus na Hibhitigh, agus na Iebusitigh;

2 Gur chruinnigheadar íad féin uile a gcionn a chéile, do throid re Iosua agus ré Hisrael, déan toil amháin.

3 ¶ Achd a nuáir do chúaladar muintir Ghibeon mar do rinne Iosua ré Iericho agus ré Hái,

4 Do rinneadarsan go cealgach, agus do chúadar agus do léigeadar orra gur teachda íad, agus tugadar sean saic léo ar a nassaluibh, agus sean bhuidéil fhíona, briste, ceangailte súas;

5 Agus seanbhróga athchórighe air a ccosuibh, agus séanéaduighe orra; agus do bhí aráin a lóinn uile tirim agus líath.

6 Agus do chúadar go Iosua don nfoslungphort a Ngilgal, agus a dubhradar ris, agus re fearuibh Israel, Tangamar as tír imchéin: a nois uime sin déanuidhsi síth rinn.

7 Agus a dubhradar fir Israel ris na Hibhítibh, Do bféidir gurob éadruinn féin do níthí comhnuighe; agus cionnus do dhéanmaois ceangal ribh?

8 Agus a dubhradarsan re Iosua, As seírbhísigh dhuit sinn. Agus a dubhairt Iosua ríusan, Cía sibh? agus cáit as a ttangabhair?

9 A dubhradarsan ris, O thír ró fhada uáit thangadar do sheírbhísigh ar son anma do THIGHEARNA Dé: óir do chúalamar a chlú, agus a ndéarna sé uile san Negipt,

10 Agus a nuile ní da ndéarna sé ré dhá rígh na Namoriteach, do bhí táobh thall do Iordan, ré Sihon rígh Hesbon, agus ré Og rígh Básan, noch do bhí ann Astárot.

11 Ar anadhbharsin do labhradar sinnsir agus muintir ar ttíre uile rinn, ga rádh, Beiridh lónn libh chum a nastair, agus éirgidhe do theagmháil dóibh, agus abraidh ríu, Is seirbhísigh dhaóibh sinne: uimésin a nois déanuidhsi ceangal rinn.

12 Thugamar an taránso mar lónn linn teith ór ttighthibh an la thangamar amach do theachd go nuige sibhsi; achd a nois, féachuidh, atá an tarán tirim, agus atá sé líath:

13 Agus na buidéil si do líonamar dfíon, do bhádar núa; achd, féachuidh, atáid briste: agus íadso ar néaduighe agus ar mbróga atáid foirfe do bhrígh ar nastair rofhada.

14 Agus do ghlacadar na fir íad ar son a mbídh, agus níor iarradar comhairle as béul an TIGHEARNA.

15 Agus do rinne Iosua síth ríu, agus do rinne ceangal ríu, léigion dóibh marthuinn: agus tugadar prionnsuidhe an chomhchruinnigh mionna dhóibh.

16 ¶ Agus tárla a ccionn thrí lá tair éis osaigh do dhéanadh ríu, go ccuáladar gur bhíad sin a ccomharsanna, agus gur aithreabhadar eatorra.

17 Agus do ghluáisiodar clann Israel ar a naghuidh, agus tangadair dá gcaithreachaibh an treas lá. A nois dob íad a ccaithreacha Gibeon, agus Cephirah, agus Beerot, agus Ciriat‐iarim.

18 Agus níor bhuáileadar clann Israel íad, do chionn mar thugadar prionnsuidhe an chomhchruinnigh a mionna dhóibh fán TTIGHEARNA Día Israel. Agus do rinneadar an comhchruinniughadh munbhar a naghaidh na bprionnsadha.

19 Acht a dúbhradar na prionsuidhe uile ris an gcomhchruinniughadh, Thugamar ar mionna dhóibh fan TTIGHEARNA Día Israel: a nois ar a nadhbharsin ní fhéadmaóid buáin ríu.

20 Do dhéanam marso ríu; eadhon léigfeam dhóibh bheith béo, deagla dioghaltais do theachd oruinn, do bhrígh na mionn thugamar dhóibh.

21 Agus a dubhradar na prionnsuidhe ríu, Léigfidh dhóibh marthuinn; ach bidís na mbuainteoruibh connuigh agus na ttairrngeoruibh uisge don chomhchruinniughadh uile; mar do ghealladar na prionnsuidhe dhóibh.

22 ¶ Agus do ghoir Iosua orra, agus do labhair sé riu, gha rádh, Cread far mheallabhair sinn, gá rádh, Atámoid ro fhada úaibh; a núair gurob eadruinn chomhnuighthí?

23 Annois ar a nadhbharsin atáthaoi malluigh, agus ní bhiáidh éanduine aguibh saor ó bheith bhur ndaóirsineachuibh, agus bhur luchd búana connuigh agus tairngthe uisge chum tighe mo Dhé.

24 Agus do fhreagradarsan Iosua, agus a dubhradar, Do bhrigh gur dearbhadh dot sheirbhíseachuibh, mar do aithin do THIGHEARNA Día dhá óglach Maoise an dúithche uile do thabhairt daoibhsé, agus duthchusaigh na tíre uile do scríos romhuibh, uime sin do bhámar lán deagla ar nanmann romhuibhsi, agus do rinneamar an nísi.

25 Agus a nois, féach, atámoid ad láimhsi: mar as fearr do chitear dhuit do dhéanamh rinn, déan é.

26 Agus do rinne sé mar sin riú, agus do sháor as láimh chlainne Israel íad, nar mharbhadar íad.

27 Agus do rinne Iosua an lá sin geárrthóiridh connuigh dhíobh agus tairngtheóiridh uisge don chomhchruinniughadh, agus daltóir an TIGHEARNA, gus an niugh, annsa náit do thoighfeadh sé.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society