Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 9:8 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus a dubhradarsan re Iosua, As seírbhísigh dhuit sinn. Agus a dubhairt Iosua ríusan, Cía sibh? agus cáit as a ttangabhair?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 “Seirbhísigh duitse sinn,” ar siad le Iósua. “Agus cé hé sibh féin?” arsa Iósua, “agus cad as daoibh?”

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 9:8
9 Tagairtí Cros  

Agus an té do bhí ós cionn an tighe, agus an té do bhí ós cionn na caithreach, na sinnsir mar an gcéadna, agus altranna na cloinne, do chuireadar teachda go Iehu, gha radh, Is sinne do shearbhfhoghantuighidhse, agus do dheánam gach ní déaras tú rinn; ní dhéanam rígh ar bith, deánasa ann ní is féarr do chítear dhuit.


Agus is amhluidh bhías, má bheir sí freagra síothchánta ort, agus oscladh romhad, ann sin is amhluidh bhias, a mbiáidh do dhaóinibh innte béid fa airdchíos agadsa, agus ag seirbhís duit.


¶ Agus do chuireadar muintir Ghibeon fios chum Iosua don champa go Gilgal, gá rádh, Ná mainneachdnuigh do lámh ód sherbhíseachuibh; tárr chuguinn tráth, agus sáor sinn, agus tárthuigh sinn: oir atáid na ríghthe nan Amoriteach áitreabhus air na sléibhtibh uile ar ccruinniughadh ar naghuidh.


Ar anadhbharsin do labhradar sinnsir agus muintir ar ttíre uile rinn, ga rádh, Beiridh lónn libh chum a nastair, agus éirgidhe do theagmháil dóibh, agus abraidh ríu, Is seirbhísigh dhaóibh sinne: uimésin a nois déanuidhsi ceangal rinn.


Annois ar a nadhbharsin atáthaoi malluigh, agus ní bhiáidh éanduine aguibh saor ó bheith bhur ndaóirsineachuibh, agus bhur luchd búana connuigh agus tairngthe uisge chum tighe mo Dhé.


Agus a nois, féach, atámoid ad láimhsi: mar as fearr do chitear dhuit do dhéanamh rinn, déan é.


Agus do rinne Iosua an lá sin geárrthóiridh connuigh dhíobh agus tairngtheóiridh uisge don chomhchruinniughadh, agus daltóir an TIGHEARNA, gus an niugh, annsa náit do thoighfeadh sé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí