Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 9:9 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 A dubhradarsan ris, O thír ró fhada uáit thangadar do sheírbhísigh ar son anma do THIGHEARNA Dé: óir do chúalamar a chlú, agus a ndéarna sé uile san Negipt,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

9 “Thángamar, do shearbhóntaí, ón imigéin,” ar siad, “de bharr clú an Tiarna do Dhia. Mar chualamar tuairisc air féin agus ar a ndearna sé san Éigipt;

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 9:9
21 Tagairtí Cros  

¶ Tuilleamh oile a dtaoibh choimhitheach, nach dot phobal Israel, ach thiucfas a ccein ar ghrádh hanmasa;


Annsin a dubhradar na Lebhitigh, Iessua, agus Cadmíel, Báni, Hasabniah, Serebiah, Hodiiah, Sebaniah, agus Petahiah, Seasuidh súas agus beannuigh bhur TIGHEARNA Día a sáoghal na saoghal: agus go madh beannuigh hainm glórmhar, noch atá ár nárdughadh ós cionn gach uile bheannuighthe agus mholta.


Molaidís ainm an TIGHEARNA; óir atá a ainm amháin ar na árdughadh go hoirdheirc; atá a ghlóir ós cionn na talmhan agus na neamh.


Agus go madh beannuigh bhías a ainm glórmhar go bráth: agus líontar an talamh le na ghlóir; Amen, agus Amen.


Do lathair a naithreadh do rinne se miorbhuil, a ttalamh na Hégipte, a machaire Soan.


Chor go mbia a fhios aca gur tusa amháin, dárab ainm IEHOBHAH, is ro áirde ós cionn na talmhan uile.


Cluinfid an pobal, agus biáidh eagla orra: géubha dóbrón greim ar aitreóiribh Phalestína.


Agus go deimhin is uime so do thóg mé thusa súas, ionnus go ttáisbeanfuinn ionnadsa mo chumhachda; agus go bhfoillseochuidh mainm ar feadh an domhuin uile.


Féuch, goirfidh tú cineadh nach feas duit, agus críocha da nár bhaithnid thusa rithfid síad chugad do bhrígh an TIGHEARNA do Dhía, agus ar son Aóin Náomhtha Israel; óir do ghlóruidh sé thú.


Agus cuirfidh mé comhartha iona measc, agus cuirfe mé an chuid rachus as díobh chum na ccineadhach, go Tarsis, go Pul, agus go Lud, noch thairngios an bogha, go Túbal, agus go Iábhan, gus na hoiléanuibh a nimchéin, nach ccúala mo thúarusgbháil, nach mó do chonnairc mo ghlóir; agus foillseochad mo ghloir a measc na ngeinteadh.


¶ Annois má mharbhann tú an pobalso uile mar éanduine, annsin laibheóruid na críocha da chualuidh do thásc, dá rádh,


¶ Agus do chuir Maóise teachda ó Chades go righ Edom, Is mar so a deir do dhearbhrathair Israel, Atá a fhios agad ar gach ní dar éirigh dhuinne ann ar tturus:


Oír do chúadar spíorada neamhghlana, amach as mórán ann a rabhadar, ag éimhghe do ghúth mhór: agus do slánughadh mórán do luchd paireilíse, agus do bhacachaibh.


Agus is amhluidh bhías, má bheir sí freagra síothchánta ort, agus oscladh romhad, ann sin is amhluidh bhias, a mbiáidh do dhaóinibh innte béid fa airdchíos agadsa, agus ag seirbhís duit.


Mar so dhéanas tú ris na caithreachuibh uile atá ro fhada uáit, nach bhfuil do chaithreachuibh na gcineadhach sa.


Agus a nuile ní da ndéarna sé ré dhá rígh na Namoriteach, do bhí táobh thall do Iordan, ré Sihon rígh Hesbon, agus ré Og rígh Básan, noch do bhí ann Astárot.


¶ Agus tárla a ccionn thrí lá tair éis osaigh do dhéanadh ríu, go ccuáladar gur bhíad sin a ccomharsanna, agus gur aithreabhadar eatorra.


Agus do ghluáisiodar clann Israel ar a naghuidh, agus tangadair dá gcaithreachaibh an treas lá. A nois dob íad a ccaithreacha Gibeon, agus Cephirah, agus Beerot, agus Ciriat‐iarim.


Agus do fhreagradarsan Iosua, agus a dubhradar, Do bhrigh gur dearbhadh dot sheirbhíseachuibh, mar do aithin do THIGHEARNA Día dhá óglach Maoise an dúithche uile do thabhairt daoibhsé, agus duthchusaigh na tíre uile do scríos romhuibh, uime sin do bhámar lán deagla ar nanmann romhuibhsi, agus do rinneamar an nísi.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí