Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 9:10 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Agus a nuile ní da ndéarna sé ré dhá rígh na Namoriteach, do bhí táobh thall do Iordan, ré Sihon rígh Hesbon, agus ré Og rígh Básan, noch do bhí ann Astárot.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

10 agus ar a ndearna sé leis an mbeirt rí Amórach a bhí lastall den Iordáin, Síochon rí Heisbeon agus Óg rí Bháiseán a bhí ag cur faoi in Aisteárót.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 9:10
13 Tagairtí Cros  

Agus annsa ceathramhadh Bliadhain déug tainic Chedorlaomer, agus na righthe do bhí na fhochair, agus do bhuáileadur na Rephamigh an Asterot Carnaim, agus na Susimigh ann Ham, agus na Hemimigh an Sabheh Ciriataim,


Do mhacaibh Gersom tugadh as muinntir leiththreibhe Mhanasseh, Gólan ann Básan gun a bailtibh, agus Astarot gun a bailtibh:


¶ Agus do chuir Maóise teachda ó Chades go righ Edom, Is mar so a deir do dhearbhrathair Israel, Atá a fhios agad ar gach ní dar éirigh dhuinne ann ar tturus:


Tar éis Sihon righ na Namoríteach do mharbhadh dho, noch do áitreibh ann Hesbon, agus Og rígh Básan, noch do áitreibh ann Astarot ann Edréi:


Achd nior áill lé Sihon rígh Hesbon léigean dúinn gabháil thairis: óir do crúadhuigh an TIGHEARNA bhur Ndíasa a spiorad, agus do rinne sé a chroidhe easumhal, chor go seachódadh sé ad láimhse é, mar as follus a niugh


Agus cósta Og rígh Básan, noch do bhí dfuighioll na naitheach do áitreabh an Astárot agus ann Edrei,


Agus leath Gílead, agus Astárot, agus Edrei, caithreacha do rioghachd Og a Mbásan, noch do bhain re cloinn Mhachir mhíc Manasseh, eadhon do leath chloinne Machir do réir a mumtear.


Oír do chúalamar mar do thiormaigh an TIGHEARNA uisge na mara Ruaidhe romhuibh, a nuair thangabhair amach as an Négipt; agus mar do rinneabhair ré dhá rígh na Namoríteach, dó bhí don táobh oile do Iordan, Sihon agus Og, noch do scriosabhair go hiomlán.


Agus a dubhairt ris na dáoinibh, Atá a fhios agum go ttug an TIGHEARNA an tír dhíbh, agus gur thuit bhur nuamhan oruinn, agus gur lagadh dúthchusaigh na tíre eile air bhur son.


Ar anadhbharsin do labhradar sinnsir agus muintir ar ttíre uile rinn, ga rádh, Beiridh lónn libh chum a nastair, agus éirgidhe do theagmháil dóibh, agus abraidh ríu, Is seirbhísigh dhaóibh sinne: uimésin a nois déanuidhsi ceangal rinn.


A dubhradarsan ris, O thír ró fhada uáit thangadar do sheírbhísigh ar son anma do THIGHEARNA Dé: óir do chúalamar a chlú, agus a ndéarna sé uile san Negipt,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí