Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 9:7 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus a dubhradar fir Israel ris na Hibhítibh, Do bféidir gurob éadruinn féin do níthí comhnuighe; agus cionnus do dhéanmaois ceangal ribh?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 Ach dúirt muintir Iosrael leis na Hivigh: “B'fhéidir go bhfuil cónaí oraibh inár measc. Conas mar sin a d'fhéadfaimís conradh a dhéanamh libh?”

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 9:7
14 Tagairtí Cros  

Agus an Hibhiteach, agus an Taircíteach, agus an Simteach,


Agus a nuáir do chonnairc Sechem mhac Hámor an Hibhiteach, prionnsa na críche í, do rug sé uirre, agus do luigh sé lé, agus do thruáilligh sé í.


Agus tangadar go daingion láidir Tíor, agus go caithreachaibh na Hibhiteach eile, agus na Gcananíteach: agus do chúadar amách don taóibh ó dheas do Iúdáh, go Beerséba.


Achd má umhluigheann tú dhá ríribh dhá ghuth, agus go ndéarna tú a nabruimsi uile; ann sin biaidh mé am námhuid dot naimhdibh; agus am eascaruid dod eascairdibh.


Agus tháinic mé a nuas dá sáoradh as lámhuibh na Négiptach, agus dá mbreith súas as an tír sin, go fearann maith fairsing, go fearann do bheir tuile bhainne agus mheala; go háit na Ccanaaniteach, agus na Hititeach, agus na Iebusiteach, agus na Namoríteach, agus na Bperisíteach, agus na Hibhiteach.


Tabhair haire dhuit féin, deagla go ndéantá cunnradh ré dúthchasuibh na tíre iona bhfuil tú ag dul, deagla go mbíadh sin na dhul ann do lár astigh:


Annsin cuirfidhe amach na huile dhúthchusaigh a nfhearuinn as bhur radharc, agus scriosfaidhe a níomháigheadh uile, agus millfidhe a níomháigheadh leaghtha uile, agus leagfuidhe síos go hiomlán a náite árda uile:


¶ Ach do chaíthreachuibh na muintiresi, noch do bheir do THIGHEARNA Día dhuit mar oighreachd, ní shaorfa tú béo éinní ann a mbía anál:


Ní raíbh cathair do rínne síth ré cloinn Israel, acht na Hibhitigh amhaín áitreabhuigh Ghibeon: do gabhadar an chuid oile uile a ccath.


Agus tárla, a nuáir do chúaladar na ríghthe uile do bhí don taóibhsi do Iordan, air na slebhtíbh, agus air na gleantuibh, agus ar imlibh na fairge móire uile thall as coinne Lebanon, na Hititigh, agus na Hamoritigh, agus na Cananítigh, agus na Perissítigh, agus na Hibhitigh, agus na Iebusitigh;


Agus ní dhéantáoi síothchaín ar bith ré háitreabhaibh na tírese; teilgfidhe sios a naltóra: achd níor umhluigheabhaírse dom ghlór: cred fá ndearnabhair so?


Mar atá, cúig tighearna na Bhfilistíneach, agus na Canaanítigh uile, agus na Sidónianuigh, agus na Hibhitigh do áitribh a slíabh Lebanon, ó shlíabh Baalhermon go nuige dul a steach go Hámat.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí