Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 9:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 “Seirbhísigh duitse sinn,” ar siad le Iósua. “Agus cé hé sibh féin?” arsa Iósua, “agus cad as daoibh?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus a dubhradarsan re Iosua, As seírbhísigh dhuit sinn. Agus a dubhairt Iosua ríusan, Cía sibh? agus cáit as a ttangabhair?

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 9:8
9 Tagairtí Cros  

Dá bhrí sin sheol reachtaire an pháláis, agus rialtóir na cathrach, na sinsir agus an lucht altrama scéala go dtí Iéahú: “Searbhóntaí de do chuid sinne; déanfaimid cibé rud a ordóidh tú dúinn; ní dhéanfaimid rí d'aon duine; déan mar is áil leat.”


Má ghlacann sí le síocháin agus a geataí a oscailt romhat, ansin cuirtear iallach ar an muintir go léir inti saothar a dhéanamh duit agus fónamh duit.


Chuir muintir Ghibeón scéala chun Iósua ina champa i nGilgeál á rá: “Ná tréig do shearbhóntaí; brostaigh anseo aníos chugainn chun sinn a fhuascailt agus fóirithint orainn mar go bhfuil ríthe na nAmórach go léir atá ag cur fúthu sna hardáin cruinnithe le chéile inár n‑aghaidh.”


Dúirt ár seanóirí agus muintir ár dtíre go léir linn: ‘Tógaigí lón libh don aistear, agus téigí ina n‑airicis agus abraigí leo: “Seirbhísigh daoibh sinne: seo anois, déanaigí conradh linn.’ ”


Tá mallacht oraibh anois dá bhrí sin agus beidh cuid agaibh in bhur sclábhaithe, in bhur ngiollaí brosna agus uisce i dteach mo Dhé go deo.”


Anois, féach, táimid faoi do bhois; déan linn mar is ceart agus is cóir a dhéanamh linn dar leat.”


Ach ón lá sin amach rinne Iósua giollaí brosna agus uisce díobh don chomhthionól agus chuir de cheangal orthu, go dtí an lá atá inniu ann, freastal ar altóir an Tiarna cibé ball ba rogha leis.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí