Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 9:18 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Agus níor bhuáileadar clann Israel íad, do chionn mar thugadar prionnsuidhe an chomhchruinnigh a mionna dhóibh fán TTIGHEARNA Día Israel. Agus do rinneadar an comhchruinniughadh munbhar a naghaidh na bprionnsadha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

18 Níor ionsaigh clann Iosrael iad mar gur mhionnaigh ceannairí an phobail dar an Tiarna Dia Iosrael ach rinne an comhthionól go léir monabhar in aghaidh na gceannairí.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 9:18
11 Tagairtí Cros  

Acht do choigil an rígh Mephibóset, mhac Ionathan mhic Sauil, do bhrígh mhionna an TIGHEARNA do bhí eatorra, idir Dháibhi agus Ionatan mhac Sauil.


An té a ttarcuisnighthear an drochdhuine iona shúilibh; achd onóruighios an dream air a mbí eagla an TIGHEARNA. An té noch mhionnuighios chum a dhioghbhála féin, agus nach malartuighionn.


Ná bí obann le do bhéal, agus ná bíodh do chroidhe lúath do labhairt éinneithe a lathair Dé: óir atá Día air neamh, agus atá tusa air talamh: uimesin go má tearc do bhríathra.


Ná léig lé do bhéul a thábhairt ar thfeóil peacughadh; agus na habair a lathair a naingil, gurab earráid é: créd as a mbeith fearg ar Dhía fa do ghlórsa, agus obair do lámh do mhilleadh?


Is ionann thig gach uile ní do nuile dhuine: is ionann críoch do nfiréun, agus don chiontach; don mhaith agus don ghlan, agus don neamhghlan; don tí íodhbras, agus don tí nach íodhbrann: mar bhíos an duine maith, marsin bhíos an peacach; agus an té mhionnuighios, mar an té eagluighios mionna.


Má bheir bean mar an gcéadna móid don TIGHEARNA, agus í féin do cheangal a mbanna, a ttígh a hathar ann a hóige;


Acht muna ttuga tú móid, ní bhía na pheacadh ort.


Gidh bé ní do chuáidh amach as do bhéul coimhéadfa tú agus coimhlíonfa tú é; eadhon an nofráil thoileamhuil, do réir mar do mhóidigh tú dot THIGHEARNA Día, noch do gheall tú léd bhéul.


¶ A nuáir thiocfas tú go gárruidh fíneamhna do chomharsann, ansin is éidir leachd cáora fíneamhna do sháith dithe ar do thoil féin; achd ní chuirfe tú éinní ann do shoitheach.


Agus do ghluáisiodar clann Israel ar a naghuidh, agus tangadair dá gcaithreachaibh an treas lá. A nois dob íad a ccaithreacha Gibeon, agus Cephirah, agus Beerot, agus Ciriat‐iarim.


Acht a dúbhradar na prionsuidhe uile ris an gcomhchruinniughadh, Thugamar ar mionna dhóibh fan TTIGHEARNA Día Israel: a nois ar a nadhbharsin ní fhéadmaóid buáin ríu.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí