Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 9:4 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Do rinneadarsan go cealgach, agus do chúadar agus do léigeadar orra gur teachda íad, agus tugadar sean saic léo ar a nassaluibh, agus sean bhuidéil fhíona, briste, ceangailte súas;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 bheartaíodar dul i mbun cneamhaireachta. D'imíodar agus fuaireadar lón agus thugadar leo seanmhálaí ar a n‑asail agus seanseichí fíona a bhí pollta ach iad deisithe;

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 9:4
12 Tagairtí Cros  

Agus do fhréagradur mic Iácob Sechem agus a athair Hámor go cealgach, ag radh, Do chionn gur thrúailligh sé a ndeirbhshiur Dínah:


Bíodh gur ba cosmhuil mé re buidéul annsa deatuigh; níor dhearmaid mé do reachdasa.


Féuch, cuirimse sibhse mar cháorchaibh a measg mhadradh állta: ar anadhbharsin bídhidh glic mar na haithreacha neimhe, agus neamburchóideach mar na colama.


Agus ní chuirid daóine fíon núa a seanbhuidéulaibh: nó brisdear na buidéil, agus dóirtear an fíon, agus téid na buidéil a múgha: achd cuirid síad fíon núa a mbuidéulaibh núadha, agus bíd síad aráon slán.


Agus ní chuireann neach ar bith fíon núa a seanbhuidéuluibh: nó brisidh an fíon núa na buidéil, agus dóirteár an fíon, agus téid na buidéil a mugha: achd is a mbuidéuluibh núadha is cóir fion núa do chur.


Agus do mhol an tighearna sdíobhard na héugcóra, do bhrigh go ndearuidh sé ní glic: oír is glíoca clann an tsáoghailsi ná clann an tsolais iona gcinél féin.


Thugamar an taránso mar lónn linn teith ór ttighthibh an la thangamar amach do theachd go nuige sibhsi; achd a nois, féachuidh, atá an tarán tirim, agus atá sé líath:


Agus na buidéil si do líonamar dfíon, do bhádar núa; achd, féachuidh, atáid briste: agus íadso ar néaduighe agus ar mbróga atáid foirfe do bhrígh ar nastair rofhada.


¶ Achd a nuáir do chúaladar muintir Ghibeon mar do rinne Iosua ré Iericho agus ré Hái,


Agus seanbhróga athchórighe air a ccosuibh, agus séanéaduighe orra; agus do bhí aráin a lóinn uile tirim agus líath.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí