Iósua 8 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil VIII. Do ghlacadh Ai tré shuighiughadh luigheachain orra. 32 Do scríobha na haitheanta ar chlochaibh. 1 Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Iosua, Na bíodh eagla ort, agus ná húamhnuighear thú: beir leachd na fir coguidh uile, agus éirigh, imthigh súas go Hái: feach, thug misi ad láimh rí Aí, agus a dhaóine, agus a chathair, agus a dhúithche: 2 Agus do dhéana tú ré Hái agus re na rígh, mar do rinne tú ré Iericho agus re na rígh: amháim a héadáil, agus a háirnéis, glacfuidhe mar chreich chugaibh féin: cuir luigheachan duit ar an ccathruigh táobh shíar dhí. 3 ¶ Annsin déirigh Iosua, agus an luchd cogaidh uile, chum dul súas a naghaidh Ai: agus do thogh Iosua amach tríochad míle dfearuibh láidre a ngaisgidh, agus do chuir ar siubhal íad san noidhche. 4 Agus do aithin sé dhíobh, ghá rádh, Féach, beithi a luigheachán re haghuidh na caithreach, táobh shíar don chathruigh: ná bíthí rófhada ón ccathrúigh, ach bithi uile réigh: 5 Agus racha misi, agus a bhfuil do dháoinibh lióm, chum na caithreach: agus tiocfa a ccrích, a nuair thiucfaid síadsan amach ar naghaidh, mar an ccéaduair, go tteithfimne rompa, 6 Oír tiucfaid siádsan ar ndíaigh amach nó go ttairngiom ón ccathruigh íad; óir a déaruid, Do theitheadar romhuin mar an gcéadúair: 7 Ar a nadhbharsin teithfimne rompasan. Agus annsin éireochthaóisi as an luigheachán, agus sealbhuighidh an chathair: óir do bhéara bhur TTIGHEARNA Día ann bhur láimh í. 8 Agus is amhluidh bhías, a nuáir ghéabhthaói an chathair, go ccuirfidhe an chathair tré theine: do réir aithne an TIGHEARNA do dhéantáoi. Féachuidh, do aithin misi dháoibh é. 9 ¶ Uimesin do chuir Iosua amach íad: agus do chuádar do luighe a bhforaire, agus do fhosadair idir Bhetel agus Ai, an táobh shíar do Ai: ach do fhan Iosua a noidhchesin a measg an phobuil. 10 Agus do éirigh Iósua go moch ar maidin, agus do áirimh sé an pobal, agus do chuáidh suás, é féin agus sinnsir Israel, roimhe an bpobal go Hái. 11 Agus do chúadar na dáoine uile, eadhon a raibh do luchd coguídh na fhocair súas, agus do thairngeadair a ccomhfhogus, agus tangadar as coinne na caithreach, agus do champuigheadar ar an ttáoibh thúaigh do Ai: a nois do bhí gleánn eatorra agus Ai. 12 Agus rug sé leis timchioll chúig míle fear, agus do chuir na luidhe íad a bhforaire idír Bhetel agus Ai, ar an ttáobh shíar don ccathruigh. 13 Agus a núair do shuigheadar na dáoine, eadhon an slúagh do bhí don táoibh thúaigh don chathruigh, agus a luigheachan don táobh shíar, do chúaidh Iosua a noidhchesin go lár an ghleanna. 14 ¶ Agus tárla, a núair do chonnairc rígh Ai sin, go ndearnadar deithbhir, agus gur éirgheadar súas go moch, agus do chuádar fir na caithreach amach a naghaidh Israel, é féin agus a mhuintir uile chum catha, a nam cinnte, as coinne an réitigh: achd níor mhothuigh go raibh luigheachán na aghuidh air an táoibh shíar don chathruigh. 15 Agus do léig Iosua agus Israel orra féin mar do bheidís búailte rompa, agus do theitheadar a slighe an nfásaigh. 16 Agus do goireadh a raibh do dháoinibh ann Ai a ccion a cheile na ttóruigheachd: agus do leanadar Iosua, agus do tairrngeadh on ccathruigh íad. 17 Agus níor fhágbhadh duine ann Ai nó a Mbetel, nach deachuidh amach do leanmhuin Israel: agus do fhágbhadar an chathair oscuilte, agus do leanadar Israel. 18 Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Iosuá, Sín amach an gath atá ad láimh a naghaidh Ai; óir do bhéara misi ad láimh í. Agus do shín Iosua an gath do bhí iona laímh death ris an ccathruigh. 19 Agus do éirigh an luigheachán go mear asa náitibh, agus do ritheadar ar ball ar shín seision a lámh: agus do chúadar a steach don chathruigh, agus do ghabhadar í, agus do dheifrigheadar agus do chuireadar an chathair tre theinidh. 20 Agus a núair do fhéachadar muintir Ai na ndíaigh, do chonncadar, agus, féach, do chuáidh deatach na caithreach súas go neamh, agus ní raibh neart aca teitheamh don táoibhsi ná don táoibh oile: agus na dáoine do theith fan bhfásach do fhilleadar ar a nais ar an ttóir. 21 Agus a nuáir do chonnairc Iosua agus Israel uile gur ghabh an luidheachán an chathair, agus gur éirigh deatach na caithreach súas, annsin do fhilleadar a rís, agus do mharbhadar muintir Ai. 22 Agus tangadar cách eile amach as an gcathruigh ua naghaidh; ionnus go rabhadar a lár Israel, cuid don taóíbhsi, is cuid don taóibh úd: agus do bhuáileadar íad, ionnus nar léigeadar neach ar bith as, nó imtheachd díobh. 23 Agus do ghabhadar righ Ai na bheathaigh, agus tugadar chum Iosua é. 24 Agus tárla, a nuáir do chríochnuigheadar Israel dúthchusaigh Ai uile do mharbhadh ann sa mhachaire, san bhfásach mar ar thiomáineadar íad, agus a nuáir do thuiteadar uile le fáobhar an chloidhimh, nó gur sgriosadh uile íad, gur fhilleadar na Hisraelitigh uile go Hái, agus gur bhuáileadar í lé fáobhar an chloidhimh. 25 Agus mar so do bhí, an mhéid do thuit an lá sin, idir fhearuibh agus mnaibh, do bhádar dha mhíle dhéug, eadhon múintir Aí uile. 26 Oir níor fhill Iosua a lámh air a hais, noch do shín sé leis an ngath, nó gur dhíothlairthigh sé áitreabhuigh Aí uile. 27 Amháin áirnéis agus éadáil na caithreacha sin rug Israel léo mar chreich dhóibh féin, do réir bhreithre an TIGHEARNA noch do aithin sé do Iosua. 28 Agus do loisg Iosua Ai, agus do rinne cárn di go bráth, áit fhásuigh gus a niugh. 29 Agus do chroch sé righ Aí ré crann go tráthnóna: agus ar ball a ndeachuidh an ghrían faói, do fhúagair Iosua a chorp do leagadh a nuas don chrann, agus a theilgion a ndul a steach gheata na caithreach, agus da thógbhadár cárn mór ós a chionn, noch mhairios gus a niugh. 30 ¶ Ann sin do rinne Iosua altóir don TIGHEARNA Día Israel a sliabh Ebal, 31 Mar do aithin Maóise óglach an TIGHEARNA do chloinn Israel, mar atá scríobhtha a leabhar dlighe Mhaóise, altóir do chlochuibh iomlána, air nar thóg duine ar bíth íarann: agus do ofráladar orra sin iodhbartha loisge don TIGHEARNA, agus do íodhbradar ofrála síothchána. 32 Agus do scríobh sé ansin ar na clochuibh cóib dhlighe Mhaóise, noch do scríobh sé a bhfiaghnuisi chloinne Israel. 33 Agus do sheas Israel uile, agus na seanóirighe, agus a noifigigh, agus a mbreitheamhuin, don taóibhsi don airc agus ar an ttaóibh oile roimhe na sagairt Lebhíteach, noch do iomchair airc chunnartha an TIGHEARNA, aráon an coimhidhtheach, agus an té rugadh na measc; leath dhíobh thall as coinne shléibhe Gerisim, agus an leath oile dhíobh thall as coinne shléibhe Ebal; mar do aithin Maóise óglach an TIGHEARNA roimhe, go mbeinneochaidís pobal Israel. 34 Agus na dhiáigh sin do léigh sé bríathra an dlighe uile, na beannáchda agus na mallachda, do réir a nuile neithe dá bhfuil scriobhtha a leabhar an dlighe. 35 Ní raibh focal dar aithin Maóise, nar léigh Iosua a lathair chomhchruinnigh chloinne Israel uile, maille ris na mnáibh, agus leis na leanbuibh, agus leis na coimhighthibh do bhí gnáthach na measg. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society