Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 8:8 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus is amhluidh bhías, a nuáir ghéabhthaói an chathair, go ccuirfidhe an chathair tré theine: do réir aithne an TIGHEARNA do dhéantáoi. Féachuidh, do aithin misi dháoibh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 Nuair a bheidh an chathair gafa agaibh, cuirigí trí thine í de réir aithne an Tiarna. Féachaigí chuige go ndéanfaidh sibh mar a d'ordaigh mé daoibh.”

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 8:8
12 Tagairtí Cros  

¶ Anois do aithin Absolon da shearbhfhoghantaighibh, gha rádh, Comharthuigh anois a nuáir bhías croidhe Amnon súgach o fhíon, agus a nuáir a déara misi ribh, Buaíligh Amnon; annsin marbhuidh é, ná bíodh eagla oruibh: nach ar áithin misi dhibh é? bíghi curata, agus bíghi beódha.


¶ Ach do chaíthreachuibh na muintiresi, noch do bheir do THIGHEARNA Día dhuit mar oighreachd, ní shaorfa tú béo éinní ann a mbía anál:


¶ Agus do fhreagradarsan Iosua, ghá rádh, A nuile ní aitheonus tusa dhínn do dhéanam é, agus gidh bé ait a gcuirfe tú sinn racham ann.


Nách ar aithin misi dhíot? Bí láidir agus lán bhéodha; ná bíodh eagla ort, agus ná bí meata: óir atá do THIGHEARNA Día maille leachd gidh bé áit a racha tú.


Agus do loisgeadar an chathair le teinidh, agus a nuile ní dá raibh inte: amháin do chuireadar an tairgiod, agus an tór, agus na sóithighe práis agus íaruinn, a nionmhus thighe an TIGHEARNA.


Agus a núair do shuigheadar na dáoine, eadhon an slúagh do bhí don táoibh thúaigh don chathruigh, agus a luigheachan don táobh shíar, do chúaidh Iosua a noidhchesin go lár an ghleanna.


Agus do dhéana tú ré Hái agus re na rígh, mar do rinne tú ré Iericho agus re na rígh: amháim a héadáil, agus a háirnéis, glacfuidhe mar chreich chugaibh féin: cuir luigheachan duit ar an ccathruigh táobh shíar dhí.


Agus tangadar cách eile amach as an gcathruigh ua naghaidh; ionnus go rabhadar a lár Israel, cuid don taóíbhsi, is cuid don taóibh úd: agus do bhuáileadar íad, ionnus nar léigeadar neach ar bith as, nó imtheachd díobh.


Agus do loisg Iosua Ai, agus do rinne cárn di go bráth, áit fhásuigh gus a niugh.


Ar a nadhbharsin teithfimne rompasan. Agus annsin éireochthaóisi as an luigheachán, agus sealbhuighidh an chathair: óir do bhéara bhur TTIGHEARNA Día ann bhur láimh í.


¶ Uimesin do chuir Iosua amach íad: agus do chuádar do luighe a bhforaire, agus do fhosadair idir Bhetel agus Ai, an táobh shíar do Ai: ach do fhan Iosua a noidhchesin a measg an phobuil.


Agus do chuir sí fios, agus do ghoir sí Bárac mhac Abinoam amach as Cedesnaphtali, agus a dubhairt sí ris, A né nar aithin an TIGHEARNA Día Israel, Eirghidh agus tarruigh leath ré slíabh Tábor, agus beir leachd deich míle fear do chloinn Naphtali agus do chloinn Sebulun?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí