Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 8:28 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

28 Agus do loisg Iosua Ai, agus do rinne cárn di go bráth, áit fhásuigh gus a niugh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

28 Loisc Iósua Háí agus d'fhág ina fothrach follamh í go brach, mar atá sí inniu féin.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 8:28
11 Tagairtí Cros  

Nach ccúala tusa fada ó shin cionnus do rinne mé é? agus gur chum mé é ó na seanaimsearuibh? anois thug mé a gcrích é, chor go mbeitheása chum déanamh fásuigh do chaithreachaibh daingne na ccárnuibh fásamhla.


Ualach Dhamascus. Féuch, rugadh Damascus as ó bheith na cathruigh, agus biáidh si na cárn scriosta.


Oír do rinne tú cárn do chathruigh; do rinne tú fásach do chathruigh dhaingin: pálás do choimhthigheachuibh gan bheith na cathruigh ar bith; ní cuirfighear súas í choidhche.


Uimesin, féuch, tiucfaid na láethe, a deir an TIGHEARNA, iona ttiubhra misi fa deara caismirt chogaidh do chluinsion ann Rabbah na Nammoníteach; agus biáidh sí na cárn dhólásach, agus loisgfighear a hingheana le teine: annsin biáidh Israel na oighre air an lucht do bhí na noighrighibh airsion, a deir an TIGHEARNA.


Tigidh na haghaídh ón ttéoruinn is faide amach, foscluidh a hionumhuis: teilgidh súas í amhuil cárn, agus scriosuidh thríd amach í, ná fágthar éainui dhi.


Agus do dhéana mé Ierusalem na cárnuibh, agus na húamhuigh dhragún; agus do dhéana mé caithreacha Iúdah uáigneach, gan áitreabhthach.


Uimesin treabhochthar Sion ar bhur sonsa amhuil machaire, agus biáidh Ierusalem na cárnuibh, agus slíabh an tighe mar áitibh árda na foraóise.


Agus cruinneocha tú a héadáil uile go lár a sráide, agus loiscfe tú le teinidh an chathair, agus a héadail uile ó bheag go mór, ar son an TIGHEARNA do Dhía: agus biáidh na carn go bráth; ní cuirfighear súas choidhche i.


Agus ní bheanfa éainní don ní mhalluigh dot láimh: chor go bhfillidh an TIGHEARNA ona dhásachd feirge, agus go ttaisbeanuidh grasa dhuitsi, agus go raibh truáighe aige dhuit, agus go méideochuidh sé thú, mar do mhionnuigh sé dot aithribh;


¶ Agus do chuir Iosua dhá chloich dhéag na seasamh a lár Iordan, san náit ar sheasadar cosa na sagart do iomchuir airc an chunartha: agus atáid ansin gus a niugh.


Agus do chroch sé righ Aí ré crann go tráthnóna: agus ar ball a ndeachuidh an ghrían faói, do fhúagair Iosua a chorp do leagadh a nuas don chrann, agus a theilgion a ndul a steach gheata na caithreach, agus da thógbhadár cárn mór ós a chionn, noch mhairios gus a niugh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí