Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 8:19 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Agus do éirigh an luigheachán go mear asa náitibh, agus do ritheadar ar ball ar shín seision a lámh: agus do chúadar a steach don chathruigh, agus do ghabhadar í, agus do dheifrigheadar agus do chuireadar an chathair tre theinidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

19 A luaithe a shín sé a lámh d'éirigh lucht an luíocháin go mear as a láthair agus ritheadar ar aghaidh agus isteach sa chathair leo; ghabhadar í agus chuireadar trí thine í gan mhoill.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 8:19
5 Tagairtí Cros  

Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Iosuá, Sín amach an gath atá ad láimh a naghaidh Ai; óir do bhéara misi ad láimh í. Agus do shín Iosua an gath do bhí iona laímh death ris an ccathruigh.


Agus do dhéana tú ré Hái agus re na rígh, mar do rinne tú ré Iericho agus re na rígh: amháim a héadáil, agus a háirnéis, glacfuidhe mar chreich chugaibh féin: cuir luigheachan duit ar an ccathruigh táobh shíar dhí.


Agus a núair do fhéachadar muintir Ai na ndíaigh, do chonncadar, agus, féach, do chuáidh deatach na caithreach súas go neamh, agus ní raibh neart aca teitheamh don táoibhsi ná don táoibh oile: agus na dáoine do theith fan bhfásach do fhilleadar ar a nais ar an ttóir.


Agus déirgheadar fir Israel uile súas as a náitibh, agus do chuireadar íad féin a nórdughadh catha ann Baaltámar: agus tangadar luidheacháin Israel amach as a náitibh, eadhon as móinfhéaruibh Ghibeah:


Agus do rinneadar na luidheacháin deithnios, agus do lingeadar ar Ghibeah; agus do tharruingeadar na luidheach ain ar anághaidh, agus do bhúaileadar án chathair uile le fáobhar an chloidhimh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí