Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 8:14 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 ¶ Agus tárla, a núair do chonnairc rígh Ai sin, go ndearnadar deithbhir, agus gur éirgheadar súas go moch, agus do chuádar fir na caithreach amach a naghaidh Israel, é féin agus a mhuintir uile chum catha, a nam cinnte, as coinne an réitigh: achd níor mhothuigh go raibh luigheachán na aghuidh air an táoibh shíar don chathruigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

14 Nuair a chonaic rí Háí conas mar a bhí, bhrostaigh sé féin agus a mhuintir go léir, lucht na cathrach, amach go moch ar maidin chun clann Iosrael a ionsaí ar an bhfána i dtreo an Arabá. Ní raibh a fhios aige go rabhthas i luíochán air laistiar den chathair.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 8:14
15 Tagairtí Cros  

Oír ní fiós don duine fós a am féin: do nós na níasg gabhthar a ndroichlíon, agus amhúil na heóin gabhthar san phaintéar; marsin bhíd clann na ndaóine gabhtha a ndroch am, a nuáir thuitios sé go hobann orra.


¶ Gó deimhin is amadáin prionnsadha Sóan, is brúideamhuil comhairle chomhairleach nglic Phárao: cionnus a dearthaóisi re Phárao, Is misi mac na neagnuighe, mac ríogh bhfoirfe?


Is amadáin prionnsadha Soan, do mealladh prionnsadha Noph; do mhealladar fós a Négipt, eadhon an drong as fulang dá treabhuibhsion.


An feadh do bhí an focal a mbéul an rígh, do thuit guth ó neamh, ag rádh, A rígh Nebuchadnessar, is riotsa labharthar; Do dhealuigh an rioghachd riot.


Agus ni raibh a fhios aca nó go dtáiníc an díle, agus gur thógaibh sé lé íad uile; is mar sin bhías teachd Mhic an duine.


Tiocfuidh tighearna a nógláoich úd ann sa lá nach bhfuil súil aige rís, agus ann sa núair nach bhfuil a fhios aige,


Siadso na bríathra do labhair Maóise re Hisrael uile don táoibhsi do Iordan annsa bhtásach, annsa réiteach thall as coinne na mara Ruáidhe, idir pháran, agus Tophel, agus Laban, agus Haserot, agus Disahab.


Agus a núair do shuigheadar na dáoine, eadhon an slúagh do bhí don táoibh thúaigh don chathruigh, agus a luigheachan don táobh shíar, do chúaidh Iosua a noidhchesin go lár an ghleanna.


Agus do léig Iosua agus Israel orra féin mar do bheidís búailte rompa, agus do theitheadar a slighe an nfásaigh.


Agus do goireadh a raibh do dháoinibh ann Ai a ccion a cheile na ttóruigheachd: agus do leanadar Iosua, agus do tairrngeadh on ccathruigh íad.


Agus racha misi, agus a bhfuil do dháoinibh lióm, chum na caithreach: agus tiocfa a ccrích, a nuair thiucfaid síadsan amach ar naghaidh, mar an ccéaduair, go tteithfimne rompa,


Agus tré shaínt béid dá bhur nimcheannuigheachd maille ré bríathruibh blasda; dream dhár cinneadh fada ó shin damnughadh nách dtéid a shíneadhm agus ní ghabhann codladh an sgrios thiucfus orrtha.


Agus do rinneadar na luidheacháin deithnios, agus do lingeadar ar Ghibeah; agus do tharruingeadar na luidheach ain ar anághaidh, agus do bhúaileadar án chathair uile le fáobhar an chloidhimh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí