Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 8:22 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Agus tangadar cách eile amach as an gcathruigh ua naghaidh; ionnus go rabhadar a lár Israel, cuid don taóíbhsi, is cuid don taóibh úd: agus do bhuáileadar íad, ionnus nar léigeadar neach ar bith as, nó imtheachd díobh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

22 Tháinig an dream eile amach as an gcathair ina n‑aghaidh chomh maith i dtreo go rabhadar teanntaithe ag na hIosraelaigh, cuid díobh seo ar thaobh agus an chuid eile ar an taobh eile. Thugadar fúthu go dtí nár fágadh fuíoll áir ná fear inste scéil díobh,

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 8:22
10 Tagairtí Cros  

Gur géarr caithréim an drochdhuine, agus gáirdeachus an fhúarchráibhthigh nach bhfuil acht móiment ann?


Agus a nuáir do bhéara an TIGHEARNA do Dhía dhuit íad; buáilfe tú íad, agus scriossuidh tú íad thríd a mach; ní dhéana tú cunradh air bith riú, nó trócaire do thaisbeanadh dhóibh:


Oír an tan déuruid síad, Síothcháin agus neambáoghal; tiucfuidh sgrios obann orrtha an tan sin, mar thig iodhana go mnaói thorruidh; agus ní bhéuruid íad féin as.


¶ Agus an lá céadnasin do ghabh Iosua Macedah, agus do bhúail í le faobhar an chloidhimh, agus a rígh do mharbh sé thríd amach, íad féin, agus a raibh danmannuibh inte; níor léig sé aon díobh as: agus do rinne sé ré rígh Mhacedah mar do rinne re rígh Iericho.


Agus do scriosadar go huilidhe an mhéid do bhí sa gcathruigh, idir fhior agus mhnáoi, óg agus shean, dhamh, agus chaoirigh, agus assal, lé fáobhar an chloidhimh.


Agus a nuáir do chonnairc Iosua agus Israel uile gur ghabh an luidheachán an chathair, agus gur éirigh deatach na caithreach súas, annsin do fhilleadar a rís, agus do mharbhadar muintir Ai.


Agus do ghabhadar righ Ai na bheathaigh, agus tugadar chum Iosua é.


Agus is amhluidh bhías, a nuáir ghéabhthaói an chathair, go ccuirfidhe an chathair tré theine: do réir aithne an TIGHEARNA do dhéantáoi. Féachuidh, do aithin misi dháoibh é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí