Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 8:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 Tháinig an dream eile amach as an gcathair ina n‑aghaidh chomh maith i dtreo go rabhadar teanntaithe ag na hIosraelaigh, cuid díobh seo ar thaobh agus an chuid eile ar an taobh eile. Thugadar fúthu go dtí nár fágadh fuíoll áir ná fear inste scéil díobh,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Agus tangadar cách eile amach as an gcathruigh ua naghaidh; ionnus go rabhadar a lár Israel, cuid don taóíbhsi, is cuid don taóibh úd: agus do bhuáileadar íad, ionnus nar léigeadar neach ar bith as, nó imtheachd díobh.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 8:22
10 Tagairtí Cros  

Gur gearr í caithréim an urchóidigh, Agus nach bhfuil ach gal soip i lúcháir an pheacaigh.


agus nuair a dhéanfaidh an Tiarna do Dhia iad a thabhairt ar láimh duit, cloífidh tú iad. Ní foláir duit iad a chur faoi bhang, agus gan aon chonradh a dhéanamh leo, ná aon trócaire a dhéanamh orthu.


Nuair a bheidh daoine á rá: “Táthar slán sábháilte,” ansin gan choinne is ea a thiocfaidh an tubaiste, mar a thagann an tinneas ar bhean atá trom, agus ní bheidh aon éalú acu uaithi.


Ghabh Iósua Macaedá an lá céanna agus d'imir sé faobhar claímh ar an gcathair agus ar a rí. Chuir sé iad go léir faoin mbang, agus gach duine beo a bhí inti, gan ligean le haon duine. Thug sé an íde chéanna ar rí Mhacaedá agus a thug ar rí Ireachó.


Scriosadar a raibh sa chathair ar fad le faobhar claímh - fir agus mná, óg agus aosta, fiú na daimh, na caoirigh agus na hasail.


Nuair a chonaic Iósua agus clann Iosrael go léir go raibh an chathair gafa ag lucht an luíocháin, agus deatach na cathrach ag éirí in airde, d'iompaíodar ar ais agus d'ionsaíodar muintir Háí.


ach gur gabhadh rí Háí ina bheatha agus gur tugadh go Iósua é.


Nuair a bheidh an chathair gafa agaibh, cuirigí trí thine í de réir aithne an Tiarna. Féachaigí chuige go ndéanfaidh sibh mar a d'ordaigh mé daoibh.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí