Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 8:21 - An Bíobla Naofa 1981

21 Nuair a chonaic Iósua agus clann Iosrael go léir go raibh an chathair gafa ag lucht an luíocháin, agus deatach na cathrach ag éirí in airde, d'iompaíodar ar ais agus d'ionsaíodar muintir Háí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Agus a nuáir do chonnairc Iosua agus Israel uile gur ghabh an luidheachán an chathair, agus gur éirigh deatach na caithreach súas, annsin do fhilleadar a rís, agus do mharbhadar muintir Ai.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 8:21
4 Tagairtí Cros  

Nuair a chonaic Ióáb go raibh an cath le cur ar a bhéala agus ar a chúla, thogh sé cuid de rogha na nIosraelach agus chóirigh iad in aghaidh na nAramaech.


Tharla ansin gur insíodh do Adonaízidic rí Iarúsailéim gur ghabh Iósua Háí agus gur chuir sé an chathair faoi bhang, agus gur thug sé an íde chéanna uirthi féin agus ar a rí agus a thug ar Ireachó agus ar a rí; agus go ndearna lucht Ghibeón síocháin le clann Iosrael agus go rabhadar tagtha chun muintearais leo.


Nuair a d'fhéach muintir Háí siar chonaiceadar an deatach ag éirí ón gcathair chun na spéire; ní raibh breith acu ar theitheadh mar seo ná mar siúd, mar an mhuintir a theith i dtreo an fhásaigh, d'fhilleadar ar ais ar an tóir.


Tháinig an dream eile amach as an gcathair ina n‑aghaidh chomh maith i dtreo go rabhadar teanntaithe ag na hIosraelaigh, cuid díobh seo ar thaobh agus an chuid eile ar an taobh eile. Thugadar fúthu go dtí nár fágadh fuíoll áir ná fear inste scéil díobh,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí