Tháinig an dream eile amach as an gcathair ina n‑aghaidh chomh maith i dtreo go rabhadar teanntaithe ag na hIosraelaigh, cuid díobh seo ar thaobh agus an chuid eile ar an taobh eile. Thugadar fúthu go dtí nár fágadh fuíoll áir ná fear inste scéil díobh,
Nuair a bhí deireadh ag clann Iosrael ag eirleach mhuintir Háí go léir sa mhachaire agus san fhásach mar ar chuireadar i raon madhma iad, agus nach raibh duine díobh nach raibh sínte marbh de rinn claímh, d'fhill clann Iosrael go léir ar Háí agus d'imríodar faobhar claímh uirthi.
Chroch sé rí Háí ar chrann go nóin agus le dul faoi na gréine d'ordaigh sé a chorp a thógáil anuas den chrann. Caitheadh é ansiúd sa bhealach isteach ag geata na cathrach agus tógadh carn mór os a chionn, rud atá ansiúd fós inniu.
Gabhadh an beithíoch agus, in éineacht leis, an fáidh bréige, an té a rinne comharthaí os a chomhair lenar mheall sé an dream a ghlac marc an bheithígh agus a shléacht le hómós dá dhealbh. Teilgeadh iad araon ina steillbheatha isteach sa linn tine ar lasadh le ruibh.