Iósua 8:23 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)23 Agus do ghabhadar righ Ai na bheathaigh, agus tugadar chum Iosua é. Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 198123 ach gur gabhadh rí Háí ina bheatha agus gur tugadh go Iósua é. Féach an chaibidil |
Agus tárla, a nuáir do chríochnuigheadar Israel dúthchusaigh Ai uile do mharbhadh ann sa mhachaire, san bhfásach mar ar thiomáineadar íad, agus a nuáir do thuiteadar uile le fáobhar an chloidhimh, nó gur sgriosadh uile íad, gur fhilleadar na Hisraelitigh uile go Hái, agus gur bhuáileadar í lé fáobhar an chloidhimh.