Iósua 8:24 - An Bíobla Naofa 198124 Nuair a bhí deireadh ag clann Iosrael ag eirleach mhuintir Háí go léir sa mhachaire agus san fhásach mar ar chuireadar i raon madhma iad, agus nach raibh duine díobh nach raibh sínte marbh de rinn claímh, d'fhill clann Iosrael go léir ar Háí agus d'imríodar faobhar claímh uirthi. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)24 Agus tárla, a nuáir do chríochnuigheadar Israel dúthchusaigh Ai uile do mharbhadh ann sa mhachaire, san bhfásach mar ar thiomáineadar íad, agus a nuáir do thuiteadar uile le fáobhar an chloidhimh, nó gur sgriosadh uile íad, gur fhilleadar na Hisraelitigh uile go Hái, agus gur bhuáileadar í lé fáobhar an chloidhimh. Féach an chaibidil |