Iósua 8:2 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)2 Agus do dhéana tú ré Hái agus re na rígh, mar do rinne tú ré Iericho agus re na rígh: amháim a héadáil, agus a háirnéis, glacfuidhe mar chreich chugaibh féin: cuir luigheachan duit ar an ccathruigh táobh shíar dhí. Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 19812 Déan le Háí agus lena rí mar a rinne tú le Ireachó agus lena rí. Maidir le creach, ná tógaigí ach a mhaoin agus a eallach daoibh féin. Cuir luíochán ar an gcathair i leith a cúil.” Féach an chaibidil |
¶ Agus tárla, a núair do chonnairc rígh Ai sin, go ndearnadar deithbhir, agus gur éirgheadar súas go moch, agus do chuádar fir na caithreach amach a naghaidh Israel, é féin agus a mhuintir uile chum catha, a nam cinnte, as coinne an réitigh: achd níor mhothuigh go raibh luigheachán na aghuidh air an táoibh shíar don chathruigh.
Agus tárla, a nuáir do chríochnuigheadar Israel dúthchusaigh Ai uile do mharbhadh ann sa mhachaire, san bhfásach mar ar thiomáineadar íad, agus a nuáir do thuiteadar uile le fáobhar an chloidhimh, nó gur sgriosadh uile íad, gur fhilleadar na Hisraelitigh uile go Hái, agus gur bhuáileadar í lé fáobhar an chloidhimh.