Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 8:35 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

35 Ní raibh focal dar aithin Maóise, nar léigh Iosua a lathair chomhchruinnigh chloinne Israel uile, maille ris na mnáibh, agus leis na leanbuibh, agus leis na coimhighthibh do bhí gnáthach na measg.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

35 Ní raibh focal dár aithin Maois nár léigh Iósua do chomhthionól chlann Iosrael go léir idir mhná agus leanaí, agus dheoraithe ag cur fúthu ina measc.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 8:35
15 Tagairtí Cros  

Anois an tan do ghuidh Esra, agus a núair do admhuimh sé, ag gul agus da theilgion féin ar lár a bhfiaghnuise thighe Dé, do chruinnigh chuige as Israel coimhthionól romhór fear agus ban agus leanabh: óir do chaóidheadar an pobal go ro ghéar.


Agus thug Esra an sagart an dligheadh as coinne an chomhchruinnigh fear agus ban, an mhéid lear bhféidir a chlos maille re tuigsin, ar an ccéad lá don tseachtmhadh mí.


Agus do léigh sé ann a bhfiadhnuisi na sráide do bhí as coinne geata a nuisge ó mhaidin go meadhon laói, a lathair na bhfear agus na mban, agus na méide dféud a thuigsin; agus do bhádar clúasa an phobail uile aireach ar leabhar an dlighe.


Agus mar an gceadna do chuadar mórán daoine cumaisce leó súas; agus tréada agus ealbhadha, rómhóran áirnéise.


Is marso a dear an TIGHEARNA, Seas a ccúirt thighe an TIGHEARNA, agus labhair ré huile chaithreachaibh Iúdah, noch thig go tigh an TIGHEARNA dadhradh, na huile bhríathra aitheonus misi dhíot do labhairt ríu; na laghduigh áon fhocal.


Cruinnighidh an pobal, náomhuigh an comhthionnal, comhghuiridh na sinsir, cruinnighidh an chlann, agus an mhéid ibhios an chíoch: éirghiodh an fear núadhphósta amach as a sheomra, agus an bhean núadhphósda amach as a cúil.


Is marso a deir TIGHEARNA na slógh; Annsna laéthibh sin, béaruid deithneamhar fear greim as uile theangaidh na ccineadhách, eadhon béaruid siád greim air sciorta an tí bhías na Iúduighe, ag rádh, Rachuimne leachd: óir do chúalamar go bhfuil Día maille ribh.


Achd an tan do chonnairc Iósa sin, do bhí míchéudfaidh aige orrthá, agus a dubhairt sé ríu, Leigidh do na leanbaibh teachd chugamsa, agus na toirmeasgaidh íad: óir is lé na leithéidibh súd flaitheas Dé.


Oír níor sheachain mé comhairle Dé fhoillsiughadh dhíbh go hiomlán.


Agus ar gcríochnughadh na laétheadh sin, do thríallamar romhain; agus tangadársan uile, agus a mná, agus a gclann ar gcuideachda as an gcathruigh amach: agus do leigeamar air ar nglúinibh sinn ar an dtráigh, agus do rinneamar urnuighe.


¶ Seasuidh sibh uile a niugh a lathair bhur TTIGHEARNA Dé; bhur ccaiptínigh bhur ttreabh, bhur sinnsir, agus bhur noifigidh, maille re fearuibh Israel uile,


Bhur ndaóine beaga, bhur mná, agus do choimhitheach atá ann do champa, ó ghéarrthóir do chonnuidh go tairngtheoir huisge:


Coimhéaduigh ar a nadhbharsin bríathra an chunnarthaso, agus déanuidh íad, chor go rachdaoi ar bhur naghuidh an sa nuile ní do dhéantaói.


Cruinnigh na daóine a bhfochair a chéile, fir, agus mna, agus leinibh, agus do choimhitheach atá táobh a stigh dod dhoirsibh, ionnus go cluinfid síad, agus go bhfoghlumuid, agus go mbía eagla bhur TTIGHEARNA Dé orra, agus go gcoimhéadaid uile bhríathra an dlighe si do dhéanamh:


Ní chnirfidhe a gcionn an nfocail aítheanus misi dhíbh, ní mó laighdeochtháoi éinní dhe, chor go gcoimhéadfuidhe aitheanta an TIGHEARNA bhur Ndía noch aithnighimsi dhíbh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí