Fágbhuim síodhchain aguibh, do bheirim mó shíodhcháin féin dhaóibh: ní mar do bheir an sáoghal, do bheirimsi dhaóibh. Ná buaidhearthar bhur ccroidhe, agus ná bíodh eagla air,
Ná bíodh ró chúram neithe ar bith oruibh; achd sa nuile ní biodh bhur níarratuis foillsighthe do Dhía a nurnuighe agus a nathchuinge maille ré breith buidheachais. Agus coimhéudfuigh siothcháin Dé sháruigheas a nuile thuigse, bhur gcroidhthe agus bhur ninntinneacha a Níosa Críosd.
Coimhdeochuidh tú an té sin a síothcháin iomláin, noch agá mbí a inntinn daingion ionnadsa: do bhrígh go bhfuil a dhóigh ionnad.
Do bhéara an TIGHEARNA neart dá phobal; benneochuidh an TIGHEARNA a phobal lé síothcháin.
Agus bíodh siothcháin Dé ag ríaghlughadh bhur gcroidheadh, chum a bhfuiltí fós ar bhur ngairm a néunchorp; agus bíghidh buidheach.
Tigidh chugamsa, uile a bhfuiltí tuirseach agus fá anúalach trom, agus do bhéaraidh mé fúaradh dháoibh. Tógbhuidh mo chuingsi oraibh, agus foghlamuigh úaim; óir a táim ceannsaighe agus úmhal a gcroidhe: agus do gheabhtháoi súaimhneas dá bhur nanmaibh. A dubhair sé ris, An tusa an té ús do bhí réd atharrach? Oir a tá mo chuingsi sóiomchuir, agus a tá múalach éadtrom.
Do labhuir mé na neithesi ribh, do chum go mbeíth síodhcháin aguibh ionnumsa. Do ghéubhtháoi trioblóid sa tsáoghal: achd bíodh dóchus maith aguibh; so bhúadhaigh misi ar a tsaoghal.
Agus do dtuguidh Tíghearna na síothchána féin síothcháin dhíbh do shíor ar gach éunchor. An Tíghearna maille ribh uile.
Cluinfiod cred e déaras Día an TIGHEARNA: óir laibheoruidh sé síothcháin ré na dhaóinibh, agus ré na náomhuibh: iondus nach bhfillfid a rís chum éigcríonachd.
Atá síothcháin mhór don lucht ghrádhuigheas do dhligheadhsa: agus ní bhfuil ceap tuislighe na naghaidh.
Luighfe mé mar an ccéadna a síothcháin, agus coidéola mé: óir tusá, a THIGHEARNA, amháin chuireas am chomhnuidh me a neamhbáoghal.
Oír do rugadh leanabh dhúinne, tugadh mac dhúinn: agus biáidh an ríaghladh air a ghúaluinn: agus goirrfighear a ainm Iongantach, Comhairleach, An Día cumhachtach, An Tathair síorruidhe, An Prionnsa na Síothchána.
Agus go líonaidh Día an dóthchais sibhse do gach uile gháirdeachus agus shoithcháin ó chreideamh dháoibh, ionnus go madh móide bhur ndóthchas, tré chúmhachdaibh an Spiorad Náoimh.
Leanuigh síothchain ris na huile dhaóinibh, agus náomhthachd, óir gan í ní fhaicfidh éinneach an Tíghearna.
Ar a nadhbharsin tar éis ar soártha tré chreideamh, atá siothcháin aguinn ré Día tré ar Dtighearna Iósa Críosd:
Cealg bhíos a ccroidhe na droinge noch smuáinios an tolc: acht do chomh-airleachaibh na síothchána atá gáirdeachus.
Teilg do mhuirighin air an TTIGHEARNA, agus cothochuidh sé thú: ní fhuileonguidh sé an fíréun do chorrughadh go bráth.
Cruthuighim toradh na bpuisíneadh; Siothcháin, síothcháin don tí bhíos a nimchéin, agus don tí atá bhfogus, a deir an TIGHEARNA; agus leigheosuidh mé é.
Agus budh síothcháin obair na fíréuntachda; agus budh súaimhneas éifeacht a nionnracuis agus daingion go bráth.
An cuid eile dhe, a dhearbhráithreacha, biodh gáirdeachas oruibh. Bighidh diongmhálta, bíodh deaghmheisneach aguibh, bíghidh déininntinn, leanuidh don tsíothcháin; agus biáidh Día an ghradha agus na siothchána maille ribh.
Oír ní bíadh na deoch rioghachd Dé; achd fireantachd, agus siothcháin, agus gáirdeachus san Spiorad Náomh.
Oír rachthaóisi amach maille re meanmuin, agus béarthar amach sibh maille re síothcháin: brisfid na sléibhte agus na cnoic amach romhuibh a gceól, agus buáilfid uile chranna an mhagha a lámha.
Mas féidir é, an mhéid thig dhíbhsé dhe, bíodh síothcháin agaibh ris na huile dhaóinibh
Oír as eision ar síothcháinne, noch do rinne áon dinn aráon, agus do bhris síos balla méadhónach na teóruinne;
Oír ní hé Día úghdar na buáidheartha, achd na siothchana, mar (as léir) a nuile eagluisibh na náomh.
Do bheir sé orum luighe a ninbhear fhéir mínligh: tréoruigh sé mé láimh ris na huisgeadhuibh ciúin. Aiseoguidh sé manam: tréorochuidh sé mé a róduibh na fíréuntachda ar son a anma féin.
A dubhairt Iósa ríu a rís, Siothcháin maille ribh: mar do chuir an Tathair misi úadh, cuirimsí sibhse uáim mar an géudna.
Oír imeochuid na sléibhte, áthrochar na cnoic; acht ní imeochuidh mo chínealsa uáitsi, ní mo áthrochthar cunnradh mo shíothchána, a deir an TIGHEARNA do rinne trócaire ort.
¶ Cred é scíamhuidhe ar na sléibhtibh atáid cosa an té do bheir scéala maithe leis, fhuagras síothcháin; do bheir scéala maithe leis ar mhaith, fhoillsigheas slánughadh; noch a deir ré Sion, Atá do Dhía a ríoghacht!
Agus go ndéarna Día na siothchána féin náomtha sibh go hiomlan; agus go gcoimhéudthar bhur spiorad agus bhur nanam agus bhur gcorp go huilighe ó chiontuibh go teachd ar Dtíghearna Iósa Críósd.
Agus atá a fhios aguinn go gcomhoibrigheann gach uile ní chum maitheasa do na daóinibh ghráduigheas Día, noch atá ar na ngairm do reir a órduighesion.
Oír ní sbiorad eagla tug Día dhúinne; achd sbiorad cúmhachd, agus grádh, agus sláinte inntinne.
A nuáir thaitnid slighthe an duine leis an TTIGHEARNA, do bheir sé air a námhaid féin bheith síodhach ris.
Ní bhfuil eagla sa ngrádh; achd cuiridh an grádh diongmhálta eagla amach úadh: óir atá pían aig an neagla. Uime sin gidh bé ar a mbí eagla ní bhfuil sé diongmhálta a ngrádh.
¶ A THIGHEARNA, órdeochuidh tusa síothcháin dúinn: óir is tú fós do oibrigh ar noibreacha uile ionnuinn.
An té áitighios a núaingnios аn té is ro áirde do dhéana sé comhnuidhe ar scáth a Nuilechumhachtuigh. Ní bheanfa áonolc riot, agus ní thiucfa an phláigh a ccomhghar dot pháillíun. Oír cuirfe se dúalach air a ainglibh dot tháobhsa, dot choimhéad ann do shlighthibh uile. Iomchoruid thú ann a láimh, deagla go mbeanfadh do chos re cloich. Sailteorair air an leomhan agus air an Mbasilisc: do dhéanair saltairt air an leomhan óg agus air an ndragún. Do bhrígh go bhfuil grádh aige orumsa, saorfa mé é: áirdeochád é, do bhrígh gó ráibh fios manma aige. Goirfe sé orum, agus cluinfe misi é; atáimse aige iona bhuaidhreadh; do dhéanad a shaoradh, agus a ghlórughadh. Do dhéanad a ríar le fad laétheadh, agus foillseochad mo shlánughadh dhó. A déarad a ttaobh an TIGHEARNA, Mo dhídean agus mo dhaingion: mo Dhía; cuirfiod mo dhóthchus ann.
Oh nach ttug tú aire dom aitheantnibhsi! annsin do bhíath do shíothcháin amhuil sruth, agus thfíréanteachd amhuil tonna na fairge:
Oír atá fios na smuáintigheadh smuáinim dá bhur ttáobh agum, a deir an TIGHEARNA, smuaintighthe síothchána, agus ní uile, do thabhairt críche agus dothchus díbh.
Do rachfuinn a nanbhfhuinne, muna ccreidfinn go bhfaicfinn maith an TIGHEARNA a gcrích na mbéo. Feith air an TTIGHEARNA: bí láidir, agus neartochuidh sé do chroidhe: agus déan‑fheitheamh air an TTIGHEARNA.
Do chuáidh mfeóil agus mo chroidhe a laige: isé Día neart mo chroidhe, agus mo chuid ronna go bráth.
Ar mbeith dhamh dearbhtha as an ní céudnasa, eadhon an tí do thionnsguin obair mhaith ionnuibh go gcuirfe sé críoch uirrthe go lá Iósa Críosd:
Grása maille ribh, agus sióthcháin ó Dhía ar Nathair, agus ón Dtighearna Iósa Críosd.
Ag déunamh díthchill air áondachd na Sbioruide do choimhéud a gcoimhcheangal siothchána.
Achd foillsighidh Día a ghrádh féin dúinne ann so, do bhrigh ag mbeith dhúinn fós ar bpeacthachuibh, gur fhuiling Críosd bás air ar son.
Coisgidh, agus bíodh a fhios agaibh gur misi Día: biáidh mé ar márdughadh a measc na gcineadhach, biáidh mé onórach air an ttalamh.
Ar a nadhbharsin déunam maill ré dothchas go hárdchatháoir na ngrás, chum trócaire do ghnodhúghadh, agus ghrás dfagháil dúinn chum furtachda a nám ríachdanais.
Agus a sé so an dóthchas atá aguinn as, éadhon, ma íarrmuid éinne air do réir a thola, go néisdeann sé rinn:
Oír atá a dheirbhfhios agam, nach búdh héidir lé bás, na lé beatha, na lé hainglibh, ná lé húachdaranachuibh, ná lé cúmhachduibh, ná leis na neithibh atá do láthair, ná leis na neithibh atá chum teachda, Ná lé hairde, ná lé doimhne, ná lé creatúr ar bith eile, sinne dhéalughadh ó ghrádh Dé, atá a Niósa Críosd ar Dtighearna.
Agus aithnigheamaóid as so gur don fhírinne sinn, agus do bhéuram air ar gcroidhthibh bheith deimhnighthe na fhíadhnuisesion. A cháirde, as clann do Dhía sinn a nois, achd ní léir fós créd bhus sinn: gidheadh atá a fhios aguinn, an tan fhoillséochar eision, go mbíam cosmhuil ris; óir do chífeam é do réir mar atá sé. Oír dá ndáoruidh ar gcroidhe sinn, as mó fós Día ná ar gcroidhe, agus atá fios na nuíle neitheann aige.
A nuáir ghabhus tú thríd na huisgeadhuibh, biáidh misi ad fhochair; agus thríd na haibhnibh, ní fhoileochuid síad thú: a nuáir shíubholas tú thríd an tteine, ní loisgfighear thú; ní mó dheargfas an lasair ort.
Agus cionus do dhéanuid siad seanmóir, muna chuirtear chuige íad? Mar atá sgríobhtha, O créd é bréaghachd chos na muinntire shoisgéulas an tsiothchain, shoisgéulas neithe maithe!
Agus, na huile neither do dhéunamh réidh ris féin thrídsion, ar ndéunamh siothchána tré fhuil a chroichesean; mas air talamh íad, no air neamh.
Do thabhairt soillsi don droing do bhí na suidhe a ndorchadas agus a sgáile an bháis, agus do dhíorghadh ar gcos a slighe na síothchána.
Seachnuidh sibh féin ar shaint; go madh lór libh na neithe atá a lathair aguibh: oír a dubháirt sé, Ní dhealocha mé riot, agus ní thréigfead thú. Ionnus gur féidir linn a rádh go dána, Sé an Tíghearna mfear cabhartha, agus ni bhiáidh eagla oram fá ní dhar féidir do dhuine dhéunamh oram.
Beannuigh, ó manam, an TIGHEARNA, agus ná dearmaid a thiodhlaicthe uile: Beannuighesi an TIGHEARNA, a aingle féin, noch atá árrachdach a neart, ag comhall a aitheanta, ag tabhair aire do ghuth a bhreithre. Beannuighe an TIGHEARNA, a shluaghsan uile; a luchd fritheóilte, noch do ní a thoil. Beannuighe an TIGHEARNA, a oibreacha uile annsa nuile áit dá thighearnas: beannuigh ó manam, an TIGHEARNA. Noch mhaithios do chionnta uile; noch leighisíos huile easláintighe; Noch fhúasglas hanam ó scrios; noch chuirios coróin mhaitheasa agus thrócaireadha chinéulta ort; Noch shásuighios do bhéul ré maith; ata hóige ar na hathnúaghadh mar iolar.
Féuch, is Día mo shlánaightheóir; bím dothchusach ann, agus ní bhía eagla orum: óir isé an TIGHEARNA IEHOBHAH mo neart agus mó chaintic; sé fós mo shlánughadh é.
Agus go dtugaidh Día na foighide agus na cómhfhurtachda dhaóibh bheith dáoininntin a dtáobh a chéile do réir Iósa Críosd:
Agus a dubhras, O nach bhfuil scíathán coluim agam! do dhéanuinn eitil аs, agus do bhéinn a suáimhneas. Féuch, do rachuinn a bhfad ar seachrán, do dhéanuinn comhnuighe ann sa bhfásach. Selah. Do dhéanuinn deithnios rem eulógh ón ngaóith ngúasachdaigh agus anfaidh.
Uime sin na bíodh rochúram oruibh timcheall an laói máruigh: óir biaidh a sháith curium air an lá a márach timcheall a neithe féin. Is lór do lá a olc féin.
Oír coibhreochuidh an TIGHEARNA Sion, coibhreochuidh sé a háite fásuigh uile; agus do dhéana sé a fásach cosmhuil ré Heden, agus a díothramh cosmhuil ré gáirdin an TIGHEARNA; do gheibhthear gáirdeachus agus sólás ann sin, breith bhuidhe, agus guth ceóil.
Achd a sé as toradh don Spiorúid grádh, gáirdeachas, síothcháin, foíghid fhasa, ceannsachd, rún maitheasa do dhéunamh, creideamh,
Uime sin créd a déaram fa na neithibhsi? Ma atá Día linn, cia fhéadus bheith ar naghuidh?
¶ Ná bíodh eagla ort; óir atáimsi maille riot: ná bí laigbhrígheach: óir is misi do Dhía: neirteochuidh mé thú: fós, cuideocha mé leachd; fós, cuinneocha mé súas thú le láimh dheis mo cheirt.
Toigfiod súas mo shuile chum na ccnoc, as a ttiocfa mo chabhair. Is ón TTIGHEARNA atá mo chabhair, noch do rinne neamh agus talamh.
Gidheadh, O manam, comhnuighsi a Ndía amháin; óir is úadhsan atá mo dhóthchus. Is eision amháin mo charruig agus mo shlánughadh: is é mo dhídion; ní chorrochthar mé.
Do bheir sé cumhachda do nanbhfann; agus don droing ag nach bí neart méuduighidh sé neart. ¶ Guth an té fhúagras ann sa bhfásach, Gléasuidh slighe an TIGHEARNA, déanaidh díreach annsa díothramh slighe mhór dar Ndía. Laigeochthar fós na hogánuigh agus beid coirthe, agus tuitfid na hóigfhir thríd amach: Acht an drong fheithios air an TTIGHEARNA athnúadhuighid síad a neart; éreochuid súas le sciathánuibh amhuil iolair; riothfaid siad, agus ní bhéid coirthe; agus siubholuid, agus ní bhéid síad anbhfann.
Cred fa tteilgeann tú thú féin síos, ó manam? agus cred fa bhfuil tú buáidheartha ionnam? cuir do dhóigh a Ndía: óir molfa mé fós é, sláinte maighthe, agus mo Dhía.
Noch atá aguinn mar ancaire, daingean diongmhálta a nanma, agus théid a steach go soithe a ní atá don táoibh a stigh don bhrat;
Ar a nadhbharsin a deirimsi ribh, Na bidhidh lán do chúram a ttimcheall bhur mbeatha, créud íosdáoi, nó iobhtháoi; na a ttimcheall bhur gcuirp, creúd chuirfi umaibh. A né nach mó an tanam na an bíadh, agus an corp ná an téudach? Féachaigh ar éunlaith a naiéir: oír ni chuirid siól, agus ní bheanuid siád, agus ní chruinnighid síad ann an sgíobólaibh; gidheadh beathaighidh bhur Nathair neamhdhasa iád. A né nach fear sibhsi go mór na iádsan? Agus cía agaibh lé na iomad curium fhéadas áonbhannlamh do chur lé na aírde féin?
Agus tréorochuidh an TIGHEARNA thú a ccomhnuidhe, agus sásfuidh sé hanam a ttiormach, agus do dhéana sé do chnámha méith: agus budh cosmhuil thú re gáirdín ar na fhliuchadh, agus cosmhuíl re tobar fioruisce nach bhfáillighid a uisgeadha.
An TIGHEARNA mo charruic, agus mo dhaingean, agus mfear sáortha; mo Dhía, mo neart, ióna ccuirfe mé mo dhóthchus; mo scíath, agus adharc mo shlánuighthe, mo ionad árd.
Glóir agus moladh do Dhía, eadhon Dathair ar Dtighearna Iósa Críosd, noch do bheannuidh sinn lé gach uile bheannachdadh sbioralta sna neíthibh neamhdha a Gcríosd:
Glóir agus moladh do Dhía, eadhon Athair ar Dtighearna Iósa Críosd, Athair na trócaire, agus Día na huilé fhurtachda; Do bheir furtachd dúinn ann ar nuile thriublóid, ionnus go dtiucfadh dhínn comhfhurtachd do thabhairt don druing ar a mbí buáidhreadh ar bhith, trés an gcomhfhurtachd ré a bhfaghmaóid féin furtachd ó Dhía.
Glóir agus moladh do Dhía, eadhon Dathair ar Dtíghearna Iósa Críosd, noch do aithghin sinn do réir a mhórthrócaire chum béomhuinighne tré eiséirghe Iósa Críosd ó mharbhuibh.
Ise an TIGHEARNA mo sholus agus mo shlánughadh; cía re a mbiáidh eagla agum? sé an TIGHEARNA neart mo bheatha; cía budh eagal damh?
O a THIGHEARNA, bí grásamhuil dúinn; do fhéitheamar ort: bí ad ruigh aca gach maidin, ar slánughadh fós a nam na buáidheartha.
Agus bíodh do dhúil fós annsa TIGHEARNA; agus do bhéura sé dhuit íarratas do chroidhe. Agus do bhéaruidh an TIGHEARNA cabhair dhoibh, agus sáorfuidh íad: sáorfuidh se íad ó na drochdhaóinibh, agus coimhdeochuidh íad, do bhrígh go bhfuil a ndóigh ann. Táobh do shlighe ris an TTIGHEARNA; agus cuir do dhóigh ann; agus do dhéana sé é.
Ní thig an gaduidhe, achd do ghoid, agus do mhárbhadh, agus do mhilleadh: tháinig misi ionnus go mbíádh beatha aca agus go mbíadh sí ní is fairsinge aca.
A Dhia, is tú mo Dhíasa; sírfe mé thú go moch: atá manam tartmhar chugad, atá mfeóil míanmhar chugad a ttalamh thirm thartmhar, mar nach bhfuilid uisgeadha; Dóirtfighthear a bhfuil ris an ccloidheamh: béid na ccuid ronna ag sionnchaibh. Agus do dhéana an rígh lúathgháir a Ndía; do dhéana gach áon mhionnuigheas thrídsion glóir: óir druidfear béul na druinge do ní bréuga. Dfaicsin do chumhachd agus do ghlóire, mar do chonnairc mé thú annsa tsanctora. Oír is féarr do chinéul grádhach, ná beatha, molfa mo bhéul thú.
Is beannuighthe an duine dhóthchusuighios annsa TIGHEARNA, agus gur bé an TIGHEARNA a mhuinighinn. Oír biáidh sé amhuil crann plannduighthe láimh ris na huisceadhuibh, agus shíneas amach a fhréamha láimh ris an tsrúth, agus nach dhfaicfidh a núair thig an teasbhach, agus biáidh a dhuille glas; agus ni bhiáidh cúramach a mbiíadhuin an tarta, ní mó scuirfios sé do thábhairt tórindh.
Tuille eile, a dhearbhraithre, gidh bé ar bithe neithe atá firinneach, gidh bé neithe atá trómgha, gidh bé neithe atá ceart, gidh bé neithe atá glan, gidh be neither as fíu grádh, gidh bé neithe ar a bhfuil deaghtheisd; ma tá súbhailcighe ar bith, agus má tá moladh, go madh híad bhías sibh a smuáineadh. Ná neithe fós, do fhóghluim sibh agus do ghlacabhair, agus do chúalabhair, agus do chonncabhair ionnamsa, deunuidh íad: agus biáidh Día na síothchána maille ribh.
Bídhidh láidir, agus neirteochuidh sé bhur ccroidhe, sibhsi uile agá bhfuil bhur ndóigh san TIGHEARNA.
¶ Féuchaidh orumsa, agus bíthí sábhalta, a uile théoranna na talmhan: óir is misi Día, agus ní bhfuil maithearrach ann.
Achd a dubhairt sé riom, Is lór dhuit mo ghrássa: óir iomlánuighthear mo chúmhachdasa a néugcrúas. Uime sin budh ró mhóide mfonn mórdháil do dhéunamh as méugcrúasuibh, ionnus go ndéanadh cúmhachd Chríosd cómhnuidhe ionnam.
Uime sin leanum na neithe bheanus ré soithcháin, agus na neithe bheanus ré follamnughadh a chéile.
Biaidh an lucht chuirios a ndóigh annsa TIGHEARNA mar shlíabh Síon, nach féidir a chorrughadh, ach mhairios go bráth. Atáid Ierusalem na sléibhte na timchioll; agus is amhluigh atá an TIGHEARNA a timchioll a dhaóine ó núairsi agus go síorruidhe.
Ata fós manam ag feithiomh amháin air Dhía: noch ó bhfuil mo shlánughadh. Ná cuirigh bhur ndóigh a sárughadh, agus a sladuigheachd ná bíthi díomhaóin: an tan fhásas saidhbhrios, ná cuiridh bhur ccroidhe air. Do labhair Día aonuáir; fá dhó chúala mé so; gur ré Día bheanas cumhachda. Mar an ccéadna is leátsa, a THIGHEARNA, trócaire: óir do bhéarair don duine do réir a oibre. Isé fós mo charruic agus mo shlánughadh; mo dhídean; ní chorrochthar mé go mór.
Iarruigh, agus do bhéurthar dhaóibh; lorgairídh, agus do gheabhtháoi; búalidh an dorus, agus oisgéoltar dháoibh:
Gáirid na fíréin, agus do chluin an TIGHEARNA, agus sáoruidh íad ó na nuile anacra. As fogus an TIGHEARNA don druing agá bhfuil a ccroidhe briste; agus sáorfuidh na comhmbrúighte a spioraid.
Ag déunamh gáirdeachais tré dhóthchas; foighideach a mbuáidhearthuibh; cómhnuigheach a núrnaighe;
Isé an TIGHEARNA mo neart agus mo scíath; do chuir mo chroidhe a dhóigh ann, agus do cobhruigheadh mé: ar a nadhbharsin do dhéana mo chroidhe gáirdeachus; agus molfad é le mo chaintic.
Cúartuigh mé, a Dhé, agus tuig mo chroidhe: teastuidh me, agus tuig mo smuáintighe: Agus féuch an bhfuil slighe ar bith chiontach ionnam, agus treóruidh mé a slighe na síorruidheachta.
Oír asé as tuarasdal don pheacadh bás; achd asé tabhartus De an bheatha mhárrthanach tré Iosa Críosd ar Dtighearna.
Congmham gan chorruidhe admháil ar muinighne; (óir as díleas an tí thug gealladh dhúinn:)
Agus fillfid an mhéid fhúasglas an TIGHEARNA, agus tiucfuid go Síon maille re céol agus re gáirdeachus síorruidhe ar a cceannuibh: glacfuid síad gáirdeachus agus lúathgháir, agus teithfidh dóbrón agus osnadhach úatha.
Bi trócaireach dhamh, a Dhé, bí trócaireach dhamh: óir is ionnadsa atá dóigh manma: agus a scáile do sciathán bhías mo dhóigh, nó go ndeachaidh na huilcsi thorum.
Achd do réir mar atá sgriobhtha, Ní fhacaidh súil, agus ní chuálaidh clúas, agus nír smuain croídhe duine, na neithe do ullmhuigh Día don druing ghrádhaigheas é.
Uime sin, a chaired, ó atá súil ris na neithibhse aguibh, bíghidh dúthrachdach chum bhur bhfághala dhósan gan cháidhe, gan chiontuibh, a siothcháin.
Fuilngidh sé na huile neithe, creidigh sé na huile neithe, bí muinighin aige as na huile neithibh, iomchraidh rís na huile neithibh.
Do labhair Iósa riú a rís, ag rádh, Is misi solus an dómhain: gidh bé leanus misi, ní shiobhalfa sé a ndorchadas, achd do ghéubha sé solus na beatha.
An bhféadann bean leanabh a cích do thréigion, as nach bíath trúaighe aice do mhac a bronn? a seadh, féaduid síad a dhearmad, gidheadh ní dhearmodfa misi thusa. Féuch, do ghrean mé thú ar chlár mo dheárnainne; atáid do bhalladha a ccomhnuigh am lathair.
O créd e doímhne shaidhbhris éagna agus éolais Dé! Créd é deacrachd a bhreitheamhnuis do chúartughadh, agus lorg a shligheadh do leanmhuin!
Atá ar nanam ag feitheamh air an TTIGHEARNA: is eision ar ccabhair agus ar scíath. Oír is annsan do dhéanas ar ccroidhe gáirdeachus, do bhrígh gur chuireamar ar ndóigh ann a ainm náomhthasan.
Agus bhur ndithchioll do dhéunamh ré bheith ciúin, agus re bhur ngnothuighibh féin do dhéunamh, agus ré sáothrughadh dhíbh ré bhur lámhuibh féin, do réir na naitheantadh thugamairne dhíbh;
Oír beíridh gach ní atá ar na thuismeadh ó Dhía buáidh ar an tsáoghal: agus a sí so an bhuáidh rug buáidh ar a tsáoghal, eadhon ar gcreideamhne. Cía bheireas buáidh ar a tsáoghal, achd an tí chreideas gur ab é Iósa Mac Dé?
Ar a nadhbharsin má atá éunduine a Gcríosd, is créutúr núadh é: do imthigheadar na seinneithe thoruinn; feuch, do rinneadh na huile neithe núadh.
Oír níor ghabhabhair chugaibh Spiorad na seirbhíse a rís chum eagla; achd do ghabhabhair chugaibh Spiorad atharghadh na cloinne, tré ngoirmíd, Abba, a Athair.
Tréorochuidh tú mé réd chomhairle, agus na dhiáighsin géubha tú chugad a nglóir mé. Cía atá ágam a bhflaitheamhnus? agus cosmhuil riotsa ní bhfuil solus agam ar talamh. Do chuáidh mfeóil agus mo chroidhe a laige: isé Día neart mo chroidhe, agus mo chuid ronna go bráth.
Do fheith mé go foighideach ris an TTIGHEARNA; agus do chláon sé chugam, agus do chúaluidh mo chomhairc.
Do scrios mé, do chionta amach, amhuil néull thiugh, agus, do pheácuidh, amhuil néull: fill chugamsa; óir dfúascuil mé thú.
Oír gidh bé agá bhfuil dúil ann a bheatha, agus ré ar mían laéthe maithe dfaicsin, congmhadh sé a theanguidh na tochd ó olc, agus a bhéul ó mheabháil a labhairt: Seachnadh an tolc, agus déunadh an mhaith; iárradh an tsíothcháin, agus leanadh dhi.
Leanuigh síothchain ris na huile dhaóinibh, agus náomhthachd, óir gan í ní fhaicfidh éinneach an Tíghearna. Tabhruidh aire ribh fá gan áoinneach aguibh do chláonadh ó ghrás Dé; fá gan fréumh shearbhuis ar bith do fhás súas dá bhur mbuáidhreadh, trés a ndéuntaói morán neamhghlan;
Oír as lé dóigh atámaóid sabhalta: achd má chíthear an dóigh ní dóigh í: oír créd fá a mbíadh dóigh ag neach, ris an ní do chí sé? Achd má bhíonn súil aguinn ris an ní nach bhfaicmíd, do nimíd fuireach tre fhoighid.
Ní thárla cathughadh ar bith dhíbh achd an cathughadh leanus gach áon: agus atá Día fírinneach, nách bhfuileóngaidh cathúghadh do chur oraibh ós cionn bhur neirt; achd do dhéuna sé slighe imtheachd dhíbh ann sa gcathúghadh, ionnus go madh éidir libh a iomchar.
Tigidh chugamsa, uile a bhfuiltí tuirseach agus fá anúalach trom, agus do bhéaraidh mé fúaradh dháoibh.
¶ Thug an Tighearna DIA dhamhsa teanga na ndáoine foghlomtha, go mbeith a fhios agam ciondus do laibheoruinn focal a nam ris an té bhíos coirthe: múscluidh sé ó mhaidin go maidin, múscluidh sé mo chluás do chluinsion mar a néagnuidhe.
Agus Día na síothchana, tug air ais ó mharbhuibh an Tíghearna Iósa, árdáodhaire na gcáorach, tré fhuil an chonnartha shíorruidhe, Go ndéuna sé sibh diongmhalta sa nuile deaghobair, chum a thola do dhéunamh, ag oibriughadh ionnuibh an neithe as geanamhuil na fhíadhnuise, tré Iósa Críosd; dá bhfuil glóir go sáoghal na sáoghal. Amén.
Agus Día na nuile ghrás, noch do ghoir sinn chum a ghlóire síorruidhe a Níosa Críosd, tár éis beagáin buáidheartha dfulang dhíbh, go ndéuna sé féin sibh íomlán, go neartuighe, go láidrighe, agus go ndaingnighe sé sibh.
Ní bhiáidh eagla air roimhe dhroichscéuluibh: atá a chroidhe diongmhalta, ag cur a dhóthchuis san TIGHEARNA.
Acht gáirdigheadh a nuile dhuine do chuir a dhóigh ionnadsa: gáiridís lé lúathgáir go bráth, do bhrígh go ccumhduigh tusa íad: bidís mаr an ccéadna an dream learab ionmhain thainm, lúathgáireach ionnad.
Oír misi an TIGHEARNA do Dhía choinneochus do lámh dheas, ghá rádh riot, Ná himeagluidh; cuideochuidh mé leachd.
Ná bíodh eagla ort, a thréd bheag; oir a si toil bhur Nathar an rioghachd do thabhairt dáoibh.