Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Íseáia 48:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 Och, dá mba gur thug tú aire do m'aitheanta! Ar nós abhann is ea a bheadh do shonas agus an rath ba dhual duit ar nós tonnta na farraige!

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Oh nach ttug tú aire dom aitheantnibhsi! annsin do bhíath do shíothcháin amhuil sruth, agus thfíréanteachd amhuil tonna na fairge:

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 48:18
19 Tagairtí Cros  

Bíonn mórshuaimhneas ar lucht do dhlí a ghráú; ní bhíonn aon cheap tuisle rompu.


A Thiarna, nach luachmhar é do bhuanghrá! Agus tagann an Ádhamhchlann ag triall ort go ngabhann faoi scáth do sciathán.


Is ann is álainn don Tiarna inár bhfianaise, ceantar aibhneacha agus sruthán craobhach, mar nach dtriallann soitheach rámha ar bith, mar nach seolann aon árthach arrachtach;


Cé thug Iacób ar láimh don chreachadóir agus Iosrael do lucht a scriosta? Nárbh é an Tiarna é? Ó rinne muid peaca ina aghaidh agus nár mhian linn a bhealaí siúd a leanúint, ná éisteacht lena reacht.


A spéartha, fearaigí anuas fíréantacht mar bheadh drúcht ann, ligeadh na néalta anuas í ina báisteach! Osclaíodh an talamh lena gabháil agus tagadh an slánú aníos ina gheamhar! Fásadh suas ina theannta sin an fhuascailt atá mise, an Tiarna, lena chruthú!


Do chlann go léir beidh siad á dteagasc ag an Tiarna agus is mór an rath a bheidh orthu mar chlann.


“Gáirim le gairdeas sa Tiarna, tá lúcháir ar m'anam i mo Dhia. Óir chuir sé an slánú umam ina éadach, rinne sé mé a chuachadh i mbrat na fíréantachta, ar nós buachaill óg ag cur bláthfhleasc air chun a phósta nó brídeach á maisiú féin lena seoda.


Óir, mar a chuireann an talamh aníos a gheamhair, ar nós gairdín ag geamhrú ón síolchur, is amhlaidh a chuirfidh an Tiarna Dia aníos mar gheamhar fíréantacht agus moladh i bhfianaise na gciníocha go léir.”


Ar mhaithe le Síón ní fhanfaidh mé i mo thost, agus mar gheall ar Iarúsailéim ní mian liom bheith socair, nó go dté a fíréantacht amach mar an maidneachan agus a slánú mar bheadh lóchrann ag lonrú.


Óir is mar seo a deir an Tiarna: Cuirfidh mé an tsíocháin uaim ag triall uirthi mar bheadh abhainn ann, agus ar nós tuile ag sceitheadh thar bruacha saibhreas na gciníocha. Beidh a leanaí cíche á n‑iompar ar an leis agus á luascadh ar ghlúine.


Cuirigí síolta an ionracais daoibh féin; bainigí fómhar an bhuanghrá; brisigí bhur bhfearann branair, óir is mithid daoibh an Tiarna a lorg nó go dtiocfaidh sé chun an fhíréantacht a shileadh oraibh.


Ach go rithe an fhíréantacht mar uisce agus an t‑ionracas mar shruth gan dísc!


“A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós mar a bhailíonn an chearc a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil libh!


mar ní cúrsaí ite agus óil é ríocht Dé ach fíréantacht agus síocháin agus lúcháir sa Spiorad Naomh.


Dá mbeidís eagnaí, thuigfidís é seo, bheadh léamh acu ar an gcríoch atá i ndán dóibh.


Uch gan a gcroí a bheith mar sin i gcónaí, socair ar m'eaglasa agus ar m'aitheanta a choimeád, i dtreo go mbeadh an rath orthu féin agus ar a gclann go brach!


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí