A dubhairt Iósa ris annsin, Imthigh romhad, a chathuightheóir: óir átá sgriobhtha, Onórfuidh tú an Tighearna do Dhiá féin, agus a dó na áonar do dhéuna tú seirbhís.
Agus do thuit mé síos agá chosuibh chum a onóruighthe. Achd a dubhairt sé riom, Coimhéid nach déuna tú sin: as coimhshearbhfhoghantuighe dhuit mé, agus dod dhearbhráithribh agá bhfuil fíadhnuise Iósa aca: tabhair onóir do Dhía: óir a sí fíadhnuise Iósa spiorad na fáidheadóireachda.
Ní héidir lé neach air bith seirbhis do dhéunamh do dha thighearna: óir bíaidh fúath aige do dhuine aca, agus grádh don duine eile; nó ceangallfuigh sé do neach aca, agus do bhéuraidh sé tarcuisne ar an dara fhear. Ní héidir libh seirbhis do dhéunamh do Dhía agus do mhammon.
Is misi an TIGHEARNA: sé sin mainm: agus ní thiubhra mé mo ghlóir do neach oile, nó mo mholadh díomháighibh grábhálta.
¶ Agus do labhair Samuel re tigh Israel uile, dha rádh, Má fhilltí chum an TIGHEARNA maille ré bhur gcroidhthibh go hiomlán, ann sinn cuiridh úaibh na dee coimhitheacha agus Astárot as bhur measc, agus ullmhuighidh bhur gcroidhthe chum an TIGHEARNA, agus déanuidh seirbhís dósan ámháin: agus sáorfuidh sé sibh as láimh na Bhphilistineach.
Agus má chítior dhaóibh gurob olc serbhís do dhéanamh don TIGHEARNA, toghaidh féin a niugh cía haca dá ndéantaoi serbhís; an do na déeibh noch dadhair bhur naithré táobh thall don tuile nó do dhéeibh na Namoriteach, a ndúithche a bhfuiltí: ach ar mo shonsa agus ar son mo thighe, foigheonam don TIGHEARNA.
Siubholtaoi a ndiáigh an TIGHEARNA bhur Ndía, agus biáidh a eagla oruibh, coimhéadfuidhe a aitheanta, agus uimhleochtaói dá ghuth, agus do dhéantaói serbhís dó, agus greamochuighe dhe.
Bíodh eagla an TIGHEARNA do Dhía ort; is dó dhéanas tú seirbhís, agus is dó adharfus tú, agus isé a ainm mhionnochus tú.
Biaidh eagla an TIGHEARNA do Dhía ort, agus do dhéana tú seirbhís dó, agus mionnochaidh tú ann a ainmsion.
Agus foigheontáoi don TIGHEARNA bhur Ndía agus beinneochuidh sé harán agus huisge; agus béura misi heasláinte as do lár.
Amháin bíodh eagla an TIGHEARNA oruibh, agus adhruidh é go fírinneach maille re bhur nuile chroídhe: óir measuidh cred é méud na neitheann do rinne sé ar bhur son.
Arduighidh an TIGHEARNA ar Ndíane, agus déanuidh umhla chum a chnuic naomhtha; óir is naomhtha an TIGHEARNA ar Ndíane.
Marsin thugadar leó aírc Dé, agus do shuigheadar í a lar an lóistín do chuir Dáibhi na sheasamh dhi: agus dofráladar ofráil loisge agus ofráil shióthchána a bhfiadhnuisi Dé.
Déanuidh seirbhís don TIGHEARNA re lúathgháire: tigidh ós coinne a aighthe re gáirdeachus.
Tagaidh, déanam adhra agus cláonam: filliom ar nglúine ós coinne an TIGHEARNA ar ccruthuigheóir.
Cuimhnighidh na cédneithe ón tseannaimsir: óir is misi Día, agus ní bhfuil máithearrach ann; is misi Día, agus ní bhfuil aóinneach cosmhuil riom,
¶ Is misi an TIGHEARNA, agus ní bhfuil áon oile ann, ní bhfuil áoindía ann táobh amuigh dhíomsa: do chriosluigh mé thú, biodh nár aithin tú mé.
¶ Féuchaidh orumsa, agus bíthí sábhalta, a uile théoranna na talmhan: óir is misi Día, agus ní bhfuil maithearrach ann.
Acht isé an TIGHEARNA an Día fíre, isé an Día bithbhéo, agus an rígh siorruidhe é: criothnochuidh sé an talamh re na fheirg, agus ní fhéadfuid na geinte a a mhíchéadfa dfúlang.
Annois ar a nadhbharsin bíodh eagla an TIGHEARNA oruibh, agus foghnaidh dhó a ngloine agus a bhfírinne: agus cuiridh uáibh na dée dar ghéilleadar bhur naithre don taóibh oile don tuile, agus annsa Negipt; agus déanuidh serbhís don TIGHEARNA. Agus má chítior dhaóibh gurob olc serbhís do dhéanamh don TIGHEARNA, toghaidh féin a niugh cía haca dá ndéantaoi serbhís; an do na déeibh noch dadhair bhur naithré táobh thall don tuile nó do dhéeibh na Namoriteach, a ndúithche a bhfuiltí: ach ar mo shonsa agus ar son mo thighe, foigheonam don TIGHEARNA.
Ach tugaidh aire ghéar do choimhlíonadh na naithneadh agus an dlighe, noch do chuir Maóise óglach an TIGHEARNA do chúram oruibh, grádh do thabhairt dá bhur TTIGHEARNA Día, agus siúbhal iona shlighthibh uile, agus a aitheanta do choimhlíonadh, agus táobhaidh ris, agus foghnamh dhó le bhur nuile chroidhe agus lé bhur nuile anam.
Bíodh a fhios agad a niugh ar a nadhbharsin, agus meas é ann do chroidhe, gur bé an TIGHEARNA as Día a bhflaitheamhnus shúas, agus ar an ttalumh shíos: ní bhfuil éan oile ann.
Oír ní adhrocha tú dia ar bith eile: oír an TIGHEARNA, a bhfuil ainm Eadmhur, as Día eadmhar é:
Agus ní bhiádh mallughadh ar bith ann ní sa mhó: achd biáidh cathaóir Dé agus a Nuáin innte; agus do dhéunuidh a shearbhfhoghantuigheadha seirbhís dó:
Uime sin atáid síad a bhfíadhnuise árdchathaoire Dé, agus do níd seirbhís dósan do ló agus doidhche ann a theampoll: agus an tí atá na shuighe sa gcathaóir áiteochuidh sé na measg.
Uime sin ar bhfagháil ríachda dhúinn nach féidir a chorrughadh, bíodh grás aguinn, tré na bhféudfum seirbhís a dhéunamh do Dhía ann a mbíadh dúil aige maille ré náire agus ré faitcheas:
Oír foillsighid féin oruinn, cionnas do chúadhmar a steach chuguibhse, agus an gléus air ar fhill sibhsé ó íodhaluibh chum Dé chum seirbhíse do dhéunamh don Día bhéo fhírinneach;
Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ris, Imthigh úaim, a Shátain: óir a tá sgríobhtha, Do dhéana tú do Thighearna Día féin dadhradh, agus is dó na áonar do dhénna tú seirbhís.
Is Spiorad Día: agus an dream adhras é as éigin dóibh a adhra a spioraid agus a bhfírinne.
Ar a nadhbharsin sirim dathchuinge oraibh, a dhearbhraithreacha, tré trócaire Dé, bhur gcuirp do thabhairt na bhéo-iodhbairt, náomhtha, geanamhail do Dhía, bhur seirbhís réusúnta.
Ná bíghidh leisgeamhuil a ngnothuighibh; Bíghidh ar fiuchadh ann bhur spioraid; ag déanamh seirbhísi don Tighearna;
Gidheadh ní bhfuil aguinne achd áon Ndía amháin, an Tathair, ó a bhfuilid na huile neithe, agus sinne annsan: agus éin Tighearna Iósa Críosd, tré a bhfuilid na huile neithe, agus sinne thrídsion.
Agus gidh bé ar bith ní do ní sibh, déunuidh é ó chroídhe, amhuil don Tíghearna, agus ní do dhaóinibh; Ar mbeith a fheasa aguibh go bhfuighe sibh ón Dtíghearna luáidheachd oighreachda: óir as don Tíghearna Críosd do ní sibh seirbhis.
Tiocfaid na huile chineadhacha do rinnis agus do dhéanaid adhra ós do choinne, a THIGHEARNA; agus do dhéanaid hainm do ghlórughadh.
¶ Agus tháinic Elias chum an phobuil uile, agus a dubhairt sé, Cá fad bheithíse bacach idir dhá bharamhuil? má sé an TIGHEARNA as Día, leanuidh é: achd má se Baal, leanuidh é sin. Agus níor fhregair an pobal éanfhocal dó.
Má labhrann éanneach, lábhradh mar bhríáthra Dé; má ní éainneach miniosdrálachd, déunadh í réir na hacfuinne bheir Día úadh: ionnus go bhfuighe Díá glóir sna huile neithibh tré Iósa Críosd; agá bhfuil glóir agus cumhachda go sáoghal na sáoghal. Amén.
Gidh bé ní seirbhís damhsa, leanadh sé mé; agus mar a mbía misi, bíaidh mo sheirbhiseach ann mar an gcéadna: gidh bé dhéanas seirbhís damh, bhéura Mathair onóir dhó.
Oír siubholuidh a nuile phobal gach uile dhuine dhíobh a nainm a dhé, agus siubholuimne a nainm an TIGHEARNA ar Ndía go sáoghal na sáoghal.
Oír a nois an íad dáoine, nó a né Día theaguisgim? nó a ní toil na ndáoine íarruim a dhéunamh? go deimhin dá mbéinn gus a nois ag déunamh toil na ndáoine, ní bhéinn um shearbhfhoghantuidhe ag Críosd.
Agus go bhfuáir seisean bás ar son na nuile, ionnus nach bíadh an dream atá béo ó so amach béo dhóibh féin, achd don to fuáir bás ar a son, agus do éiséirghe.
Uime sin mas íthe, nó ibhe dháoibh, nó gidh bé ar bith ní do ní sibh, go madh chum glóire Dé dhéana sibh na huile neithe.
Oír do cheannchadh sibh ar lúach: uime sin tugaidh glóir do Dhía ré bhur gcorp, agus ré bhur spioraid, óir is lé Día íad.
Oír más béo dhuinn, as don Tighearna atámáid beó; agus más marbh dhúinn, as don Tighearna atámáoid marbh: uime sin más beó nó marbh dhúinn, as leis an Tighearna sinn.
Achd a nois ar mbeith dháoibh ar bhur sáoradh ó pheacadh, agus ar bhur ndéunamh bhur seirbhiseachuibh dó Dhía, atá toradh aguibh chum náomhthachda, agus an chríoch dheigheanach an bheatha mharrthanach.
Ag déunamh seírbhisi don Tighearna maille ré gach uile úmhlachd intinne, agus maille ré mórán déur, agus cathaighe, noch do éirigh dhamh do bhrígh chéilge na Niúdaigheadh:
Oír as sinne an timchillghearradh, noch do ní seirbhís do Dhía a sbíoruid, agus do ní gáirdeachas a Níosa Críosd, agus nach ccuireann ar muinighin sa bhfeóil.
Achd amhuil fuáir Día dúil ionnuinn ré cúram an tsoisgéil do chur oruinn, as dá réir sin labhramaóid; ní mar dhruing do ní toil na ndaóineadh, achd toil Dé dhearbhus ar gcroidhthe.
Bheirim buidheachas ré Día, da ndéanuim seirbhís ag leanmhuin luirg na sinnsear maille ré coinnsías glan, fá chuimhne bheith agam ortsa do ghnath am úrnuighibh do ló agus doidhche;
Ar mbeith dhúinn ag fuireach ris an muinghin bheannuighe, agus re teachd deallruigheach ghloire an Dé mhóir eadhon ar Slánaightheóra Iósa Críosd; Tug é féin air ar son, chum ar bfúasgalta ó gach uile pheacadh, agus chum ar nglanta ionnus go mbeimís ar pobal geanamhuil aige féín, ag leanmhuin go dúthrachdach do dheaghoíbrighibh.
A né nách ro mhó ná sin dhéunas fuil Chríosd, noch do fhoráil é féin gan cháidhe do Dhía trés an Sbiorúid shíorruidhe, bhur ccoinnsíassa ghlanadh ó oibreachuibh marbha chum seirbhíse do dhéunamh don Día bheó?
Achd is cinéul toghtha sibhse, sagartachd ríogha, cineadh náomhtha, pubal ar leith; ionnus go bhfoillséochadh sibh subháilcidhe an tí do ghoir sibh as dorchadus chum a sholais iongantuigh féín.
As fíu thú, a Thíghearna, glóir, agus onóir, agus cúmhachda dfagháil: óir as tú do chruthuigh na huile neithe, agus as tré do thóilse atáid agus do crúthuighéadh íad.
Agus do chúala mé gach uile chreatúir dá bhfuil ar neamh, agus ar talamh, agus faói an talamh, agus dá bhfuil sa bhfairge, agus gach a bhfuil ionnta, ag rádh, Moladh, agus onóir, agus glóir, agus cúmhachda, don té atá na shuidhe sa gcathaoir, agus don Uan go sáoghal na sáoghal.
Achd a dubhairt sé riom, Seachuin thú ar sin do dhéunamh: óir is coimhshearbhfhoghantuighe dhuit mé, agus dod dhearbhráithribh ná fáidhibh, agus don druing choimhéudas bríathra an leabhairse: déun sléuchduin do Dhía.
¶ Agus thusa, a Sholuimh a mhic, biodh fios Dé hathar agad, agus deana serbhis dó le croidhe iomlán agus lé toil aontadhuigh: óir spíonuidh an TIGHEARNA na huile chroidhthe, agus tuigidh sé na huile bhreathnuighthe na smuaintigheadh: ma íarrann tú é, do gheabha tú é; acht má thréigionn tú é, teílgfidh sé úadh thú go bráth.
Ní héidir le searbhfoghantuidhe ar bith seirbhis do dhéanamh do dhá thighearna: óir biáiddh fúath aige do neach aca, agus grádh don dara fear; nó ceangalfuidh sé do dhuine aca, agus do bhéara sé tarcuisne ar an dara fear. Ní héidir libh seirbhís do dhéanamh do dhía agus do Mhammon.
Go mbémís gan eagla air ar sáoradh ó láimh ar námhad do chum seirbhisi do déanamh dhó féin, A náomhthachd agus a bhfíréantachd na fhíadhnuisiséan, a laéthibh ar mbeatha uile.
Agus a dubhairt Iósa ris, Gráidheóchuidh tú do Thighearna Día léd chroidhe uile, agus léd anam uile, agus léd smuáintiughadh uile.
Agus do chuir sé caintic núadh ann mo bhéul, moladh dar Ndía: do chífid mórán é, agus biáidh eagla orra, agus cuirfid a ndóigh annsa TIGHEARNA.
Tugaidh don TIGHEARNA an ghlóir is ceart dá ainm; adhruidh an TIGHEARNA a scéimh a naomhthachda.
Re a ndéarna an TIGHEARNA cunnradh, agus ar fhuagair dhóibh, gha rádh, Ní bhía eagla eíndee oile oruibh, ní uimhleochuidh sibh féin dóibh, ní dhéantaói íodhbuirt dóibh, ní dhéantaói seirbhís dóibh:
¶ Agus a dubhairt Samuel ris an bpobal, Ná bíodh eagla oruibh: (do rinneabhair na cionta sa uile: gidheadh ná héirghidhe do leaththaóibh ó leanmhuin an TIGHEARNA, achd adhraidh an TIGHEARNA maille re bhur nuile chroidhe; Agus ná héirghidhe do leaththaoibh: óir annsin leanfuidhe neithe díomhaóine, nach déan tarbha nó ttárrtháil; óir is díomhaóin íad.)
¶ Agus tiucfa a gcrích, ma éistionn sibh go dúthrachdach rém aitheantuibhsi noch aithnighim dhaóibh a niugh, an TIGHEARNA bhur Ndía do ghrádhughadh, agus seirbhís do dhéanamh dhó lé bhur nuile chroidhe agus le bhur nuile anum,
Eíst, ó a Israel: an TIGHEARNA ar Ndíane is éin TIGHEARNA amhain é: Agus grádhochuidh tú an TIGHEARNA do Dhía réd chroidhe uile, agus réd anam uile, agus réd chumhachduibh uile.
Cía as cosmhuil riot, a THIGHEARNA, a measc na ndée? cía as cosmhuil riot, glórmhar a naomhthachd, eaglach a meltuíbh, ag déanamh iongantadh?
Oír is féarr lá ann do chúirtibhsi ná míle. Do bféarr leam bheith am dhoirseóir a ttigh Dé, ná bheith am chomhnuidhe a bpáilliún an chiontuigh.
Molfa mé thú ós áird, mo Dhía, a rígh; agus beinneochad hainm choidhche, agus go bráth. Molfuid hoibreacha uile thú, a THIGHEARNA; agus beinneochuid do naóimh thú. Laibheoruid síad ar ghlóir do rioghachd, agus do dhéanaid caint air do neart; Do chur a mhóirghníomha agus mhórdhachd ghlórmhar a rioghachta, an umhail do chloinn na ndaoine. Is rioghacht síorruigh do rioghachtasa, agus do chumhachda tre nuile ghinealach. Congmhaidh an TIGHEARNA súas gach a mbí ag tuitim, agus tógbhuidh súas a núile chlaonas síos. Feithchid súile a nuile ortsa; agus do bheir tú a mbíadh dhóibh íona am féin. Fosclaidh tú do lámh, agus sásuigh tú mían a nuile neithe béo. Is fíréunta an TIGHEARNA iona shlighthibh úile, agus is náomhtha iona oibrigh uilé. Is fogus an TIGHEARNA da gach aon ghoirios air, do gach áon ghoireas air a bhfírinne. Coimhlíonfa sé mían na druinge air a bhfuil a eagla: agus cluinfe sé a ngáir, agus sáorfa sé íad. Gach áon lá beinneochaidh mé thú; agus molfad hainm choidhche agus go bráth.
Achd íarruigh ar tús flaitheas Dé, agus a fhiréuntachdsan; agus teilfidhthear na neithesi uíle chugaibh.
Annsin iompochthaói, agus eidirdheileochthaói idir an bhfíréun agus an ciontach, idir an té fhoghnas do Dhía agus an té nach bhfoghnann dó.
Agus aitheontaói go bhfuilimsi a lár Israel, agus gur misi an TIGHEARNA bhur Ndía, agus nach áon ar bioth oile: agus ní náireochthar mo phobalsa choidhche.
¶ Thairis sin is misi an TIGHEARNA do Dhía ó chrích na Hégipte, agus ní bhiáidh fios día ar bith agad acht misi: óir ni bhfuil slanaightheoir táobh amuigh dhíomsa.
Agus íarrfuidhe mé, agus do gheabhthaói mé, a nuáir spíonfuidhe dom íarruidh maille re bhur nuile chroidhe.
¶ Lorguidhsi an TIGHEARNA an feadh bhías sé ar fagháil, goiridh air an feadh atá sé a bhfogus:
Is misi, misi féin, an TIGHEARNA; agus táobh amuigh dhiomsa ní bhfuil áon slánaightheoir ann.
Agus annsa ló so a déarthaoi, Móluidh an TIGHEARNA, goiridh ar a ainm, foillsighidh a ghníomhartha a measg an phobail, déanaidh cuimhne gur hárduigheadh a ainm.
Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé, Gráidheochuidh tú do Thighearna Dia as do chroidhe uile, agus as tanam uile, agus as do bhríoghuibh uile, agus as da smúaintighthibh uile; agus do comharsa mar thu féin.
Agus bíghidh bhar luchd na bréithre chur a ngníomh, agus ní bhur luchd a héisdeachda amháin, dá bhur mealladh féin.
Ní bhéara arm ar bith dá ccuimeachthar buáidh ad aghaidhsi; agus gach teanga dá néireochuidh ad aghaidh daimneocha tú í a mbreitheamhnus. Así so oighreachd sheirbhíseach an TIGHEARNA, agus is uáimsi atá a bhfíreantachd, a deir an TIGHEARNA.
Cred é oirdhearcus do thrócaire a Dhé! air a nadhbhar sin cuirfid mic na ndáoine a ndóigh a scáile do sciathán.
¶ Agus a nois, a Israel, cread atá do THIGHEARNA Día diarraidh ort, acht eagla do THIGHEARNA Día de bheith ort, siubhal iona shlighthibh uile, agus a ghrádhughadh, agus serbhís do dhéanamh dot THIGHEARNA Día maille red uile chroidhe agus led uile anum, Aitheanta an TIGHEARNA do choimhéad, agus na reachda, noch aithníghimsi dhíot aniugh ar son do leasa?
Agus fós go deimhin, measuim gur dioghbháil na huile neithe, ar son éolais ro oirdheirc Iósa Críosd mo Thighearna: agar léig mé dhíom na huile neithe ar a shon, agus measuim nach bhfuil ionnta achd aóileach, ionnus go ngnodhachuinn Críosd,
Achd tusa, óglaóich Dé, seachuin na neithese; agus lean dfíréuntachd, do dhíaghachd, do chreideamh, do ghrádh, dfoighid, agus do cheannsachd.
Agus a dubhairt a thighearna ris, Is maith sin, a shearbhfhoghantuidhe mháith fhírinnigh: do bhí tu ionnruic ar bheagán, cuirfudh mé ós cionn mhóráin thú: imthigh a sdeach a ngáirdeachus do thighearna féin.
Ionnus go mbéinn am óglach ag Iósa Críosd a measg na Gcineadhach, ag miniosdralachd soisgéil Dé, do chum go mbeith gean ar ofrail na Gcineadhach, ar mbeith dhi náomhtha trés an Spiorad Náomh.
Ná tuguidh grádh don tsáoghal, ná do na neithibh atá sa tsáoghal. Dá dtuguidh neach ar bith grádh don tsáoghal, ní bhfuil grádh a Nathar ann. Oír gach ní atá sa tsáoghal, mar atá ainmhían na colla, agus ainmhían na súl, agus úabhar na beatha, ní ó Nathair atáid síad, achd is ón tsáoghal atáid. Agus atá an sáoghal ag imtheachd thoruinn, agus a ainmhían: achd an tí do ní toil Dé mairidh sé go siorruidhe.
Blaisidh, agus féuchuidh gur maith an TIGHEARNA: is beannuigh an duine agá mbí a dhóigh ann.
A se an TIGHEARNA mo aodhaire; agus ní bhiaidh easbhuidh orum. Do bheir sé orum luighe a ninbhear fhéir mínligh: tréoruigh sé mé láimh ris na huisgeadhuibh ciúin. Aiseoguidh sé manam: tréorochuidh sé mé a róduibh na fíréuntachda ar son a anma féin.
Cuir do dhóigh a Ndía re do uile chroidhe; agus ná bí táobh ré do thuigsi féin. Ann do shlighthibh uile admhuigh eision, agus do dhéana sé do shlighthe díreach.
Is áoibhin leam do thoil do dhéanamh, O mo Dhé: agus atá do dhligheadh a meadhón minneadh.