Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Filipigh 3:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Is againne atá an fíorthimpeallghearradh mar is faoi anáil an Spioraid a adhraímid Dia agus is as Íosa Críost atá ár maíomh in ionad dul i muinín na colainne,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Mar is sinne lucht an timpeallghearrtha fhír, a bhíos ag adhradh Dé ó sprid, agus a bhíos ag déanamh mórtais as Íosa Críost, agus nach mbíonn muiníneach as an gcolainn.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 óir is sinne lucht an fhír‐thimcheall‐ghearrtha, do‐ghní adhradh tré Spiorad Dé, agus do‐ghní maoidhmheachas as Íosa Críost,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Oír as sinne an timchillghearradh, noch do ní seirbhís do Dhía a sbíoruid, agus do ní gáirdeachas a Níosa Críosd, agus nach ccuireann ar muinighin sa bhfeóil.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Is againne atá an fíor-thimpeallghearradh mar is faoi anáil an Spioraid a adhraimid Dia agus is as Íosa Críost atá ár maíomh in ionad dul i muinín na colainne,

Féach an chaibidil Cóip




Filipigh 3:3
32 Tagairtí Cros  

Déanaigí mórtas as a ainm óir is naofa é; gairdigí, a lucht iarrtha, an Tiarna.


Tríd an Tiarna is ea a bheidh bua agus glóir ag sliocht Iosrael go léir!”


Timpeallghearraigí sibh féin don Tiarna, bainigí díbh forchraiceann bhur gcroí, (a fheara Iúdá, agus a áitritheoirí Iarúsailéim), ar fhaitíos go léimfeadh m'fhearg amach ar nós tine, agus go loscfadh agus nach bhféadfadh aon duine í a mhúchadh, mar gheall ar olc bhur ngníomhartha.


An Éigipt, Iúdá, Clann Amón, Móáb agus na Bearracháin uile a chónaíonn san fhásach. Óir tá na ciníocha seo uile, agus fós teach Iosrael go hiomlán, gan timpeallghearradh sa chroí.”


Óir, ó éirí go luí na gréine is mór é m'ainm i measc na náisiún agus i ngach áit dóitear íobairt do m'ainm - toirbhirt ghlan; mar is mór é m'ainm i measc na náisiún, a deir Tiarna na Slua.


Mar, an Dia a mbím ag seirbhís dó ó m'anam i ndea-scéal a Mhic, tá sé ina fhinné agam air go mbím ag cuimhneamh oraibh gan staonadh i m'urnaithe i gcónaí,


Is ábhar mórtais dom, dá bhrí sin, a bhfuil déanta agam do Dhia in Íosa Críost.


Anois, áfach, ó tá bás faighte againn ó thaobh an ní úd a bhí dár gcoinneáil i ngéibheann, táimid fuascailte ón dlí chun seirbhís a dhéanamh faoi chóras nua an spioraid in ionad faoi sheanchóras an chóid scríofa.


Óir, an spiorad a fuair sibh ní spiorad na daoirse é chun eagla a chur oraibh athuair ach spiorad na clainne trína nglaoimid “Abba! Athair.”


an domhan thuas ná an domhan thíos, ná dúil chruthaithe ar bith eile sinn a scaradh ó ghrá Dé atá in Íosa Críost ár dTiarna.


Ní amhlaidh atá teipthe ar bhriathar Dé, mar ní Iosraelach an uile dhuine de shliocht Iosrael,


Ós rud é go bhfuil mórán eile ag maíomh as a gcumas nádúrtha, déanfaidh mise maíomh chomh maith leo,


Ós é an Spiorad atá dar mbeoú, leanaimis a threoir.


Síocháin agus trócaire ar an uile dhuine a leanann an prionsabal seo agus ar Iosrael Dé.


Agus bígí ag guí le hurnaí agus le himpí gach uair faoi luí an Spioraid. Fanaigí in bhur ndúiseacht chuige sin ag guí go buanseasmhach ar na naoimh uile.


Déanaigí dá bhrí sin bhur gcroí a thimpeallghearradh, agus na bígí ceanndána a thuilleadh.


Déanfaidh an Tiarna do Dhia timpeallghearradh ar do chroí agus ar chroí do shleachta i dtreo go dtabharfaidh tú grá don Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán agus ó d'anam go hiomlán agus go mbeadh an bheatha agat.


Pól agus Tiomóid, seirbhísigh Íosa Críost, ag beannú don phobal naofa uile i bhFilipí atá aontaithe le hÍosa Críost, agus dá gcuid uachtarán agus cúntóirí.


Ní hé go bhfuil mo chuspóir bainte amach agam go fóill ná go bhfuilim tagtha chun foirfeachta go fóill; ach leanaim orm ag iarraidh an duais a bhreith liom mar go bhfuil beirthe orm féin ag Íosa Críost.


agus leanúint orm faoi dhéin na sprice nó go mbeidh an duais bainte agam - an ghairm in airde a tháinig ó Dhia in Íosa Críost.


Is ann freisin a timpeallghearradh sibhse ach ní leis an timpeallghearradh a rinneadh le láimh an duine é ach le timpeallghearradh Chríost, trínar baineadh an nádúr collaí anuas díbh.


Ach sibhse, a chairde cléibh, déanaigí sibh féin a thógáil suas ar bhonn sárnaofa bhur gcreidimh; guígí sa Spiorad Naomh,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí