Iósua 22:5 - An Bíobla Naofa 19815 Féachaigí chuige le barr cúraim go gcomhlíonfaidh sibh na haitheanta agus an dlí a thug Maois, óglach an Tiarna, daoibh; bíodh grá agaibh don Tiarna, bhur nDia, leanaigí ar a chosáin i gcónaí, comhlíonaigí a aitheanta, bígí dílis dó agus déanaigí seirbhís dó ó chroí go hiomlán agus ó anam go hiomlán.” Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)5 Ach tugaidh aire ghéar do choimhlíonadh na naithneadh agus an dlighe, noch do chuir Maóise óglach an TIGHEARNA do chúram oruibh, grádh do thabhairt dá bhur TTIGHEARNA Día, agus siúbhal iona shlighthibh uile, agus a aitheanta do choimhlíonadh, agus táobhaidh ris, agus foghnamh dhó le bhur nuile chroidhe agus lé bhur nuile anam. Féach an chaibidil |
Ansin dúirt sé: “Má éisteann tú go cáiréiseach le glór an Tiarna do Dhia agus a bhfuil ceart ina láthair a dhéanamh agus aird a thabhairt ar a aitheanta agus a reachtanna a choimeád, ní dhéanfaidh mé aon cheann de na holca a d'imir mé ar na hÉigiptigh a imirt ort; mar is mise an Tiarna do shlánaitheoir.”
Ansin dúirt Samúéil le teaghlach Iosrael go léir: “Má tá sibh ag filleadh ar an Tiarna ó chroí go hiomlán, cuirigí i leataobh uaibh na déithe deoranta atá agaibh, agus na hAisteárót, agus dírigí bhur gcroí ar an Tiarna, agus déanaigí fónamh dósan amháin, agus fuasclóidh sé sibh ó láimh na bhFilistíneach.”