Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 22:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Tá suaimhneas tugtha ag an Tiarna, bhur nDia, do bhur mbráithre mar a gheall sé dóibh. Filligí dá bhrí sin agus ar ais abhaile libh mar a bhfuil bhur dtailte, na tailte a thug Maois, óglach an Tiarna, mar shealúchas daoibh lastall den Iordáin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus a nois thug bhur TTIGHEARNA Día socamhal dá bhur ndearbhráithribh, mar do gheall sé dhóibh: annois ar a nadhbharsin fillidhsi, agus éirgidhe dá bhur ttighthibh, agus go fearann bhur sealbha, noch thug Maóise óglach an TIGHEARNA dhaóibh don taóibh oile do Iordan.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 22:4
16 Tagairtí Cros  

“Nach bhfúil an Tiarna bhur nDia in éineacht libh? Nach bhfúil síocháin tugtha aige daoibh máguaird ar gach taobh? Mar thug sé lucht áitribh na tíre faoi mo bhois dom, agus tá an tír ar fad tugtha faoi smacht an Tiarna agus a phobail.


D'fhreagair sé: “Rachaidh mo láithreacht in éineacht leat agus tabharfaidh mé suaimhneas duit.”


Ní fhillfimid ar ár mbaile go mbeidh gach duine de chlann Iosrael i seilbh a oidhreachta.


Óir níor tháinig sibh fós chun an tsosa agus na hoidhreachta atá an Tiarna bhur nDia á thabhairt daoibh.


Ghabhamar a dtír agus thugamar é mar oidhreacht do threibh Reúbaen agus do threibh Ghád agus do leath-threibh Mhanaise.


nó go socraí an Tiarna bhur mbráithre faoi mar a shocraigh sé sibhse, agus go bhfaighe siadsan leis seilbh ar an bhfearann atá an Tiarna, bhur nDia, á thabhairt dóibh ar an taobh eile den Iordáin; fillfidh sibh ansin, gach duine chun an fhearainn a thug mé dó.’


Óir dá mba rud é gur thug Iósua suaimhneas dóibh, ní bheadh Dia ag caint faoi lá eile ina dhiaidh sin.


nó go dtugann an Tiarna suaimhneas do bhur mbráithre chomh maith libh féin agus go ngabhfaidh siadsan leis seilbh ar an bhfearann atá an Tiarna bhur nDia a thabhairt dóibh; ansin fillfidh sibh ar bhur bhfearann dílis agus seilbh a ghabháil air, an fearann a thug Maois óglach an Tiarna daoibh lastoir den Iordáin.”


Chloígh Maois óglach an Tiarna agus clann Iosrael iadsan; agus thug Maois óglach an Tiarna a dtailte ina seilbh do na Reúbaenaigh agus do na Gádaigh, agus do leath-threibh Mhanaise.


Thug Maois oidhreacht do threibh chlann Reúbaen de réir a bhfiní.


Fuair na Reúbaenaigh agus na Gádaigh [mar aon le leath-threibh eile Mhanaise] an oidhreacht a thug Maois óglach an Tiarna dóibh lastall den Iordáin soir amach. Bhronn Maois óglach an Tiarna orthu


Níor thréig sibh bhur mbráithre le linn an fheachtais fhada seo, go dtí an lá seo féin, ach chomhlíon sibh go beacht orduithe an Tiarna, bhur nDia.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí