Iósua 22 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil XXII. Do fill na. Reubenitigh, na Gaditigh agus leiththreibh Mhanasseh le honóir. 10 Do thogbhadar altóir na fiaghnaise. 1 An sin do ghoir Iosua na Reubenítigh, agus na Gadítigh, agus leiththreabh Mhanasseh, 2 Agus a dubhairt ríu, Do choímhéadabhair a núile ní dár aithin Maóise serbhíseach an TIGHEARNA dhíbh, agus do umhluigheabhair dom ghlórsa san nuile ní dár aithin mé dhaóibh: 3 Níor fhágabhair bhur ndearbhráithre lé mórán do láethibh gus a niugh, achd do choimhlíonabhair cúram aithne bhur TTIGHEARNA Dé. 4 Agus a nois thug bhur TTIGHEARNA Día socamhal dá bhur ndearbhráithribh, mar do gheall sé dhóibh: annois ar a nadhbharsin fillidhsi, agus éirgidhe dá bhur ttighthibh, agus go fearann bhur sealbha, noch thug Maóise óglach an TIGHEARNA dhaóibh don taóibh oile do Iordan. 5 Ach tugaidh aire ghéar do choimhlíonadh na naithneadh agus an dlighe, noch do chuir Maóise óglach an TIGHEARNA do chúram oruibh, grádh do thabhairt dá bhur TTIGHEARNA Día, agus siúbhal iona shlighthibh uile, agus a aitheanta do choimhlíonadh, agus táobhaidh ris, agus foghnamh dhó le bhur nuile chroidhe agus lé bhur nuile anam. 6 Mar sin do bheannuigh Iosua íad, agus do chuir ar siúbhal íad: agus do chúadar chum a loistínigh. 7 Annois thug Maóise sealbh do leiththreibh Mhanasseh a Mbásan: ach don leiththreibh oile dhíobh thug Iosua a measc a ndearbhráithreach don taóibhsi do Iordan leath shiar. Agus a nuáir do chuir Iosua ar siubhal íad sin fós dá loistínibh, annsin do bheannuigh sé íad, 8 Agus do labhair sé ríu, ga rádh, Fillidh dá bhur loistínibh maille re hiomád saidhbhris, agus ro mhóran áirnéise, maille ré hairgiod, agus lé hór, agus le prais, agus lé híarann, agus maille re rómhorán éaduigh: roinnídh éadáil bhur námhad, ré bhur ndearbhraithribh. 9 Agus do fhilleadar clann Reuben agus clann Ghad agus leiththreabh Mhanasseh, agus do dhealuigheadar re cloinn Israel as Siloh, noch atá a ttír Chanaain, do dhul go tir Ghilead, go dúithche a seilbhe, noch do shealbhuigheadar, do réir bhréithre an TIGHEARNA le láimh Mhaóise. 10 ¶ Agus a núair thangadar go brúach Iordan, noch atá a ttír Chánaain, clann Reuben agus clann Ghad agus leiththreabh Mhanasseh do rinneadar altóir ag Iordan, altóir mhór re féachuin uirre. 11 ¶ Agus do chúaladar clann Israel dhá rádh, Feuch, do rínneadair clann Reuben agus clann Ghad agus leiththreabh Mhanasseh altóir thall as coinne fhearuinn Chánaain, a mbrúachaibh Iordan, mar a ngéabhaidís clann Israel thairis. 12 Agus a núair do chúaladar clann Israel sin, do chruinnigh comhchruinniughadh chloinne Israel íad feín a gceann a chéile a Síloh, do dhul súas do throid na naghuidhsion. 13 Agus do chuireadar clann Israel go cloinn Reuben, agus go cloinn Ghad, agus go leiththreibh Mhanasseh, go tír Ghílead, Phineas mhac Eleasair an sagart, 14 Agus maille rís deithneamhar prionnsadha, prionnsa as gach tigh ar feadh threibhe Israel uile; agus do bhí gach áon díobh na cheann ar thigh a naithreadh a measg mhílteadh Israel. 15 Agus tangadar go cloinn Reuben, agus go cloinn Ghad, agus go leiththreibh Mhanasséh, go tír Ghílead, agus do labhradar riú, dha rádh, 16 As mar so a deírid íomlán chomhchruinnigh an TIGHEARNA, Cread an sarúghadhsa do rinneabhairsi a naghaidh Dé Israel, a bhfilleadh do leathtaoibh a niugh ó leanmhuin an TIGHEARNA, mar do rinneabhair altóir dhíbh féin, chor go rachadh sibh a ttréatuireachd a niugh a naghaidh an TIGHEARNA? 17 An róibheag dhúinn éacceart Pheor, ó nach bhfuilmíd glan gus a niugh (bíodh go raibh pláigh a ccomhchruinniughadh an TIGHEARNA), 18 Acht go bhfillfidhsi fós a niugh ó leanmahuin an TIGHEARNA? agus iseadh bhías de, ó rinneabhairsi tréatuireachd a naghaidh an TIGHEARNA, go mbía sé feargach a márach re comhchruinniughadh Israel uile. 19 Gidheadh, má tá bhur bhfearann sealbha neamhghlan, annsin éirgidh thairis go fearann seilbhe an TIGHEARNA, mar a ccomhnuigheann tabernacuil an TIGHEARNA, agus glacuidh sealbh ar meascne: acht na cathuighidh a naghaidh an TIGHEARNA, agus ná cathuighídh ar naghaidhne, ag déanadh altóra dhaóibh féin táobh amuigh daltóir ar TTIGHEARNA Dé. 20 Nach deárna Achan mhac Sérah sárughadh annsa ní mhalluigh, agus do thuit dioghaltas ar chloinn Israel uíle? agus ní hé an fear sin amháin do thuit ann a choir. 21 ¶ Annsin do fhreagradar clann Reuben agus clann Ghad agus leiththreabh Mhanasseh, agus dubhradar re ceannuibh mhílteadh Israel, 22 As fios do THIGHEARNA Día na ndee, do THIGHEARNA Día na ndee, agus biáidh a fhios ag Israel; más cathughadh, nó sárughadh a naghaidh an TIGHEARNA é, (ná dídinigh sinn a niugh,) 23 As a ndeárnamairne altoír dhúinn féin diompógh ó leanmhuin an TIGHEARNA, nó más dofráil ofrála loisge uirre nó ofrala bidh, nó mas dofráil íodhbartha síothchána uirre, leanadh an TIGHEARNA feín é; 24 Agus muna ndeárna sinne é, ar éagla an neithesi, ghá rádh, Na dhiáigh so go naibeóraidís bhur gclannsa re ár ccloinne, ghá rádh, Cred atá dháoibhsi ris an TIGHEARNA Día Israel? 25 Oír do rinne an TIGHEARNA teóra do Iordan eadruinn agus sibh, a chlann Reuben agus a chlann Ghad; ní bhfuil roinn aguibh don TIGHEARNA: marsin do bhéaruid bhur gclannsa air ar gcloinne scur deagla an TIGHEARNA do bheith orra. 26 Uimesin a dubhramairne, Tionnscnam a nois altoír do chur súas dhúinn féin, ní chum ofrála loisge, nó chum iodhburtha: 27 Acht ionus go mbíath na fhíadhnuisi eadruinn agus sibhsi, agus ar sleachda ar ndiaigh, chor go ndéanmaois serbhís an TIGHEARNA da lathair fein lér nofráluibh loisge, agus ler níodhbarthaibh, agus ler nofraluibh síodha; chor nach aibeoradh bhur cclannsa re ar gcloinne annsa naimsir thiocfass, Ní bhfuil cuid aguibh san TIGHEARNA. 28 Uime sin, ar sa sinne, gurob amhluidh bhías, a nuáir a déaruid síad so rinn, nó rér sliochd annsa naimsir thiocfas, go mbiáidh aguinne re a rádh, Féachuidh samhlachus altóra an TIGHEARNA, do rinneádar ar naithrenne, ní chum ofrála loisge, nó chum iodhbartha; achd ís fíadhnuise eadruinne agus sibhsi é. 29 Nár léigidh Día go rachamaois a ttréatuireachd a naghaídh an TIGHEARNA, agus go bhfillfeamaois a niugh ó leanmhuin an TIGHEARNA do dhéanamh altóra dofráluibh loisge, dofráluibh bídh, nó diodhbarthaibh, táobh amuigh daltoir ar TIGHEARNA Dé noch atá a bhfiadhnuise a thabernacuil. 30 ¶ Agus a nuáir do chúaluidh Phínehas an sagart, agus prionnsuidhe an chomhchruinnigh agus cinn mhílteadh Israel noch do bhí na fhochair, na bríathra do labhradar clann Reuben agus clann Ghad agus clann Mhanasseh, do thaitin sin ríu. 31 Agus a dubhairt Phínéhas mhac Eleásair an sagart re cloinn Reuben, agus ré cloinn Mhanasseh, A niugh aithnighímid go bhfuil an TIGHEARNA ar measc, do chionn nach ndearnabhair an sárughadhsa a naghaidh an TIGHEARNA: annois do sháorabhair clann Israel ó láimh an TIGHEARNA. 32 ¶ Agus do fhill Phínehas mhac Eleásair an sagart, agus na prionnsuidhe ó chloinn Reuben, agus ó chloinn Ghad, as tír Ghílead, go tír Chánaain, do chloinn Israel, agus tugadar scéula chuca a rís. 33 Agus do thaitin an ní re cloinn Israel; agus do bheannuigheadar clann Israel Día, agus níor chuireadar rompa dul súas na naghaidh sin a gcath, do mhilleadh na tíre ionar áitreabhadar clann Reuben agus Ghad. 34 Agus do ghoireadar clann Reuben agus clann Ghad Ed don naltóir: oir biáidhsi mar fhiadhnuisi éadruinn gur bé an TIGHEARNA as Día ann. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society