Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 22:10 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 ¶ Agus a núair thangadar go brúach Iordan, noch atá a ttír Chánaain, clann Reuben agus clann Ghad agus leiththreabh Mhanasseh do rinneadar altóir ag Iordan, altóir mhór re féachuin uirre.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

10 Nuair a shroich siad na ciorcail chloch ag an Iordáin i gcríocha na gCanánach, thóg na Reúbaenaigh, na Gádaigh agus leath-threibh Mhanaise altóir ag an Iordáin i gcríocha na gCanánach, altóir mhór thaibhseach.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 22:10
10 Tagairtí Cros  

Agus do fhoillsigh an TIGHEARNA é féin do Abram agus a dubhairt, Is dod shiolsa do bheara mean duthaidhsi: agus ann sin do rinne sé altóir don TIGHEARNA, noch do thaisbein é féin dó.


Agus do athruigh sé as sin go slíabh táobh shoir do Bhétel, agus do shuidhigh a phailliún, ar mbheith do Bhetel don táobh shíar dhe, agus Hái don táoibh shoir: agus do rinne altóir annsin don TIGHEARNA; agus do ghoir ar ainm an TIGHEARNA.


Agus do éirigh Iácob go moch ar maidin, agus do thóg an chloch do chuirsé mar adhairt, agus do chuair súas í mar philéir, agus do dhóirt ola ar a mullach.


Annsa ló sin biáidh altóir ag an TTIGHEARNA a meadhón thíre na Hégipte, agus piléur agá himiol don TIGHEARNA.


¶ Agus do chúaladar clann Israel dhá rádh, Feuch, do rínneadair clann Reuben agus clann Ghad agus leiththreabh Mhanasseh altóir thall as coinne fhearuinn Chánaain, a mbrúachaibh Iordan, mar a ngéabhaidís clann Israel thairis.


Agus do fhilleadar clann Reuben agus clann Ghad agus leiththreabh Mhanasseh, agus do dhealuigheadar re cloinn Israel as Siloh, noch atá a ttír Chanaain, do dhul go tir Ghilead, go dúithche a seilbhe, noch do shealbhuigheadar, do réir bhréithre an TIGHEARNA le láimh Mhaóise.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí