Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 22:9 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Agus do fhilleadar clann Reuben agus clann Ghad agus leiththreabh Mhanasseh, agus do dhealuigheadar re cloinn Israel as Siloh, noch atá a ttír Chanaain, do dhul go tir Ghilead, go dúithche a seilbhe, noch do shealbhuigheadar, do réir bhréithre an TIGHEARNA le láimh Mhaóise.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

9 D'imigh na Reúbaenaigh, na Gádaigh, agus leaththreibh Mhanaise abhaile arís. D'fhág siad clann Iosrael i Sileo i dtír Chanán, agus d'fhill ar ais ar dhúiche Ghileád, na tailte a bhain leo, mar ar chuir siad fúthu de réir mar a d'ordaigh an Tiarna dóibh ó bhéal Mhaois.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 22:9
19 Tagairtí Cros  

Agus do rinne sé rígh ós cionn Ghílead dhe, agus ós cionn na Nasúríteach, agus ós cionn Iesreel, agus ós cionn Ephraim, agus ós cionn Israel uile.


Agus do áitigh sé don taóibh shoir go dul a steach an nfásaigh ó nabhuinn Euphrátes: do bhrígh gur fhoirlíonadar a náirnéis a bhfearann Gileád.


Is leamsa Gílead, agus is leam Manasseh; sé Ephraim fós neart mo chinn; Iudah mo dhlightheamhnach;


Anois do bhí ro mhórán áirnéise ag cloinn Reuben agus ag cloinn Ghad: agus a nuáír do chonncadar fearann Iaser, agus fearann Gilead, féuch, go raibh a náit na háit áirnéisi;


¶ Agus a dubháirt Maóise riú, Má nithí an nísi, má thig sibh armtha roimhe an TIGHEARNA chum cogaidh,


Agus go ccláoidhfighear an dúthaigh a lathair an TIGHEARNA: annsin fillfighe fá dheóigh, agus beithí neimhchiontach a lathair an TIGHEARNA, agus a lathair Israel; agus biáidh an fearannsa na sheilbh aguibhsi a lathair an TIGHEARNA.


Béid ar gclann bheag, agus ar mná, agus ar ttréáda, agus ar náirnéis uile, annsin a gcaithreachaibh Gilead:


Agus a dubhairt Maóise riú, Má thiagaid clann Ghad agus clann Réuben libh tar Iordan, gach éanduine armtha chum catha, a lathair an TIGHEARNA, agus go ccloidhfighear an tír romhuibh; annsin do bheartháói tír Ghilead dhoibh mar sheilbh:


¶ Agus do aithin misi dháoibh a nuairsin, dhá rádh, Thug an TIGHEARNA bhur Ndía an fearannsa dháoibh dá shealbhughadh: rachtháoi thairis armtha a lathair bhur ndearbhráithreach clann Israel, a nuile dhuine dá bhfuil iomchubhaibh chum an chogaidh.


Nó go ttugaidh an TIGHEARNA suáimhneas dá bhur ndearbhraithribh, comhmaith agus dáoibhsi, agus nó go sealbhuighid síad mar an gcéadna an fearann thug an TIGHEARNA bhur Ndía dhóibh táobh thall do Iordan: agus annsin fillfidhe gach éanduine aguibh chum a sheilbhe, noch thug misi dháoibh.


Agus do chuáidh Maóise súas ó réiteach Mhoab go slíabh Nébo, go mullach Pisgah, atá thall as coinne Iericho. Agus do tháisbéin an TIGHEARNA tír Ghilead, uile dhó, go nuige Dan,


Agus Gílead, agus teóra na Ngesuriteach agus na Maachatíteach, agus slíabh Hermon uile, agus Basan uile go Sálcah;


Agus do bé a tteóra Iaser, agus caithreacha Ghílead uile, agus leath dúithche chloinne Ammon, go Haroer atá ás coinne Raabah;


Agus leath Gílead, agus Astárot, agus Edrei, caithreacha do rioghachd Og a Mbásan, noch do bhain re cloinn Mhachir mhíc Manasseh, eadhon do leath chloinne Machir do réir a mumtear.


¶ Agus a núair thangadar go brúach Iordan, noch atá a ttír Chánaain, clann Reuben agus clann Ghad agus leiththreabh Mhanasseh do rinneadar altóir ag Iordan, altóir mhór re féachuin uirre.


An sin do chúadar clann Israel uile amach, agus do chruinnigheadar an comhchruinniughadh a bhfochair a chéile amhuil éanduine amháin, ó Dhan go Beerséba, maille ré tír Ghilead, chum an TIGHEARNA a Mispeh.


Do rinne Gílead comhnuighe taobh thall do Iordan: agus cred far fhan Dan a loingios? do rinne Aser comhnuighe ar thráidh na fairge, agus do fhan anna bhéarnuibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí