Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 22:8 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus do labhair sé ríu, ga rádh, Fillidh dá bhur loistínibh maille re hiomád saidhbhris, agus ro mhóran áirnéise, maille ré hairgiod, agus lé hór, agus le prais, agus lé híarann, agus maille re rómhorán éaduigh: roinnídh éadáil bhur námhad, ré bhur ndearbhraithribh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 agus dúirt leo: “Tá sibh ag filleadh abhaile lena lán maoine, le mórchuid eallaigh, le hairgead agus ór, le cré-umha agus iarann agus le flúirse éidí. Déanaigí creach seo bhur naimhde a roinnt ar bhur mbráithre chomh maith.”

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 22:8
12 Tagairtí Cros  

Agus do áitigh sé don taóibh shoir go dul a steach an nfásaigh ó nabhuinn Euphrátes: do bhrígh gur fhoirlíonadar a náirnéis a bhfearann Gileád.


Uimesin do dhaingnidh an TIGHEARNA an rioghacht iona láimh; agus thug Iúdah uile tiodhluice chum Iehosaphat; agus do bhí saidhbhrios agus onóir aige go lór.


¶ Agus do bhí iomarcaidh saídhbhris agus onóra ag Heseciah: agus do rinne sé stórúis do féin chum airgid, agus chum óir, agus chum cioch mbúadha, agus chum spiosradha, agus chum sciathadh, agus chum a nuile short séud náluinn;


Teithid ríghthe slúagh, teithid: agus roinne sisi noch chomhnuighios a stigh a néadail.


Atáid fad láethe ann a deasláimh; agus ann a láimh chlé saidhbhrios agus onóir.


Agus roinn a néadail a ndá chuid; idir an mhuinntir do ghlac orra an cogadh, noch do chuáidh amach san chath, agus eidir an comhchruinniughadh uile:


Uime sin, a dhearbraithre grádhacha, bíghidh comhnuigheach, neamhchorrach, ag méudughadh do shíor a nobair an Tighearna, ar mbeith a fhios aguibh nach diomháoin bhur sáothar sa Dtighearna.


Ar na mheas dó gur mhó an saidhbhreas masla Chríosd ná ionnmhas ná Héigipte: óir do bhí súil aige ris an lúach sáothair.


¶ Agus a nuair rag sé síos é, féuch, do bhádar ar feadh na talmhan leathnuighe, ag ithe agus ag ól, agus ag damhsa, ar son mhéid na héadála thugadar léo amach as crích na Bhphilistineach, agus as tír Iudah.


Oír cía déistfeadh ribh annsa chúise? ach mar bhias cuid an té rachus síos san chath, mar sin bhías cuid an té fhanfus a mbun an charáiste: roinnfidh síad go comhthrom.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí