Iósua 22:11 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)11 ¶ Agus do chúaladar clann Israel dhá rádh, Feuch, do rínneadair clann Reuben agus clann Ghad agus leiththreabh Mhanasseh altóir thall as coinne fhearuinn Chánaain, a mbrúachaibh Iordan, mar a ngéabhaidís clann Israel thairis. Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 198111 Fuair na hIosraelaigh gaoth an fhocail faoi seo: “Féach,” a deirtí, “thóg na Reúbaenaigh, na Gádaigh agus leath-threibh Mhanaise altóir ar theorainn thír Chanán, in aice na gciorcal cloch ag an Iordáin, ar thaobh thailte na nIosraelach.” Féach an chaibidil |
Ann sin biáidh ionad noch thoighfeas an TIGHEARNA bhur Ndía do thabhairt fa deara a ainm do aitreabh ann; chum a nionaid sin do bheurthaoi gach uile ní dá naithnighimsi dháoibh; bhur nófrala loiscthe, agus bhur níochbartha, agus bhur ndeachmhadha, agus ofrála togtha bhur lámh, agus bhur móide uile noch do mhóideabhair don TIGHEARNA:
Gidheadh, má tá bhur bhfearann sealbha neamhghlan, annsin éirgidh thairis go fearann seilbhe an TIGHEARNA, mar a ccomhnuigheann tabernacuil an TIGHEARNA, agus glacuidh sealbh ar meascne: acht na cathuighidh a naghaidh an TIGHEARNA, agus ná cathuighídh ar naghaidhne, ag déanadh altóra dhaóibh féin táobh amuigh daltóir ar TTIGHEARNA Dé.