Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 22:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Fuair na hIosraelaigh gaoth an fhocail faoi seo: “Féach,” a deirtí, “thóg na Reúbaenaigh, na Gádaigh agus leath-threibh Mhanaise altóir ar theorainn thír Chanán, in aice na gciorcal cloch ag an Iordáin, ar thaobh thailte na nIosraelach.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 ¶ Agus do chúaladar clann Israel dhá rádh, Feuch, do rínneadair clann Reuben agus clann Ghad agus leiththreabh Mhanasseh altóir thall as coinne fhearuinn Chánaain, a mbrúachaibh Iordan, mar a ngéabhaidís clann Israel thairis.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 22:11
13 Tagairtí Cros  

I mBeatáine, taobh thall den Iordáin, a tharla an méid sin mar a raibh Eoin ag déanamh baiste.


Agus an chéad lá den tseachtain tháinig Máire Mhaigdiléana go moch, agus an dorchadas fós ann, chun an tuama agus chonaic sí an líog aistrithe ón tuama.


agus chonaic an dá aingeal in éidí geala ina suí mar ar luigh corp Íosa, aingeal acu ag an gceann agus an t‑aingeal eile ag na cosa.


Ansin an áit a thoghfaidh an Tiarna bhur nDia dá ainm le lonnú ann, tugaigí chun na háite sin gach a n‑ordaím daoibh: bhur n‑ofrálacha uileloiscthe agus bhur n‑íobairtí; bhur ndeachúna agus tabhartais bhur lámh, na hofrálacha móide go léir a mhóidíonn sibh don Tiarna.


Chuaigh na fir sa tóir orthu ar feadh na slí chun na Iordáine chomh fada leis na háthanna. A luaithe a d'imigh an tóir amach, dúnadh an geata.


Nuair a shroich siad na ciorcail chloch ag an Iordáin i gcríocha na gCanánach, thóg na Reúbaenaigh, na Gádaigh agus leath-threibh Mhanaise altóir ag an Iordáin i gcríocha na gCanánach, altóir mhór thaibhseach.


“Mar seo a deir comhthionól uile an Tiarna libh: ‘Cén chealg í seo a rinne sibh in aghaidh Dia Iosrael? Cad ab áil libh ag casadh i leataobh ón Tiarna inniu, ag tógáil altóra agus ag déanamh ceannairce inniu in aghaidh an Tiarna?


An amhlaidh go bhfuil bhur bhfearann truaillithe? Tagaigí anall, más ea, go fearann an Tiarna mar a bhfuil Both an Tiarna ina seasamh anois, agus faighigí oidhreacht daoibh féin inár measc; ach ná déanaigí ceannairc in aghaidh an Tiarna, agus ná déanaigí lucht ceannairce dínne chomh maith, le haltóir a thógáil daoibh féin seachas altóir an Tiarna ár nDia.


Ghabh na Gileádaigh áthanna na Iordáine ar na hEafráimigh. Ansin nuair a deireadh aon teifeach ó Eafráim: “Scaoil anonn mé!” deireadh fir Ghileád: “An as Eafráim duit?” Nuair a deireadh sé: “Ní hea,”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí