Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Iósua 22:33 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

33 Agus do thaitin an ní re cloinn Israel; agus do bheannuigheadar clann Israel Día, agus níor chuireadar rompa dul súas na naghaidh sin a gcath, do mhilleadh na tíre ionar áitreabhadar clann Reuben agus Ghad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

33 Thaitin an tuairisc seo le clann Iosrael, agus ghabh siad buíochas leis an Tiarna, agus bhí deireadh acu le caint ar chogadh a chur orthu, agus ar an tír inar chuir clann Reúbaen agus clann Ghád fúthu a chreachadh.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 22:33
13 Tagairtí Cros  

¶ Agus a dubhairt Dáibhi ris an ccomhchruinniughadh uile, Anois molaidh bhur TTIGHEARNA Día. Agus do bheannuidh an comhchruinniughadh uile an TIGHEARNA Día a naithreadh, agus do chromadar a ccinn síos, agus do onóruigheadar an TIGHEARNA, agus an rígh.


Mar uisgeadha fúara do nanam thartmhar, is marsin bhíd scéula maithe as tír imchéin.


Annsin do foillsigheadh an tseicréid do Dhániel a bhfis oidhche. Annsin do bheannuigh Dániel Día neimhe.


Ann sin do ghabh seision chuige ann a uchd é, agus do mhol sé Día, agus a dubhairt sé,


Ann sin do thochdadar an chuideachda uile, agus tugadar éisdeachd do Bharnabas agus do Phól, ag innisin créad é méud na gcomharthadh agus na míorbhuileadh do rinne Día thríothadh féin eidir na Cineadhachuibh.


Agus an tan do léigheadarsan an leitir, do ghabh gáirdeachus íad tres an ccomhfurtachd.


Agus ní ré a theachdsan amháin, achd mar an gcéudna ris an bhfurtachd fuáir seision úaibhse, an tan do aithris sé dhúinn bhur bhfonn romhórsa, bhur gcaóineadh, bhur dteasgrádh dhamhsa; ionnus gur móide do ghabh gáirdeachas mé.


Glóir agus moladh do Dhía, eadhon Dathair ar Dtighearna Iósa Críosd, noch do bheannuidh sinn lé gach uile bheannachdadh sbioralta sna neíthibh neamhdha a Gcríosd:


¶ Agus a nuáir do chúaluidh Phínehas an sagart, agus prionnsuidhe an chomhchruinnigh agus cinn mhílteadh Israel noch do bhí na fhochair, na bríathra do labhradar clann Reuben agus clann Ghad agus clann Mhanasseh, do thaitin sin ríu.


¶ Agus do fhill Phínehas mhac Eleásair an sagart, agus na prionnsuidhe ó chloinn Reuben, agus ó chloinn Ghad, as tír Ghílead, go tír Chánaain, do chloinn Israel, agus tugadar scéula chuca a rís.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí