Iósua 22:27 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)27 Acht ionus go mbíath na fhíadhnuisi eadruinn agus sibhsi, agus ar sleachda ar ndiaigh, chor go ndéanmaois serbhís an TIGHEARNA da lathair fein lér nofráluibh loisge, agus ler níodhbarthaibh, agus ler nofraluibh síodha; chor nach aibeoradh bhur cclannsa re ar gcloinne annsa naimsir thiocfass, Ní bhfuil cuid aguibh san TIGHEARNA. Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 198127 ach le bheith ina finné, idir sinne agus sibhse agus idir ár sliocht inár ndiaidh, go dtugaimid seirbhís don Tiarna lenár n‑íobairtí uileloiscthe agus ár n‑abhlanna agus ár n‑íobairtí comaoineach ina láthair, le heagla go mba fhéidir le bhur gclannsa a rá lenár gclann-na: “Níl cuid agaibh sa Tiarna.’ ” Féach an chaibidil |
Ann sin biáidh ionad noch thoighfeas an TIGHEARNA bhur Ndía do thabhairt fa deara a ainm do aitreabh ann; chum a nionaid sin do bheurthaoi gach uile ní dá naithnighimsi dháoibh; bhur nófrala loiscthe, agus bhur níochbartha, agus bhur ndeachmhadha, agus ofrála togtha bhur lámh, agus bhur móide uile noch do mhóideabhair don TIGHEARNA:
Uime sin, ar sa sinne, gurob amhluidh bhías, a nuáir a déaruid síad so rinn, nó rér sliochd annsa naimsir thiocfas, go mbiáidh aguinne re a rádh, Féachuidh samhlachus altóra an TIGHEARNA, do rinneádar ar naithrenne, ní chum ofrála loisge, nó chum iodhbartha; achd ís fíadhnuise eadruinne agus sibhsi é.