Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 22:27 - An Bíobla Naofa 1981

27 ach le bheith ina finné, idir sinne agus sibhse agus idir ár sliocht inár ndiaidh, go dtugaimid seirbhís don Tiarna lenár n‑íobairtí uileloiscthe agus ár n‑abhlanna agus ár n‑íobairtí comaoineach ina láthair, le heagla go mba fhéidir le bhur gclannsa a rá lenár gclann-na: “Níl cuid agaibh sa Tiarna.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

27 Acht ionus go mbíath na fhíadhnuisi eadruinn agus sibhsi, agus ar sleachda ar ndiaigh, chor go ndéanmaois serbhís an TIGHEARNA da lathair fein lér nofráluibh loisge, agus ler níodhbarthaibh, agus ler nofraluibh síodha; chor nach aibeoradh bhur cclannsa re ar gcloinne annsa naimsir thiocfass, Ní bhfuil cuid aguibh san TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 22:27
14 Tagairtí Cros  

Dúirt Lábán: “Bíodh an carn seo ina fhinné idir mé agus tú inniu.” Uime sin a thug sé Galaed air,


Is finné é an carn agus is finné é an gallán, nach rachaidh mise thar an gcarn seo i d'aghaidh-sé agus nach rachaidh tusa thar an gcarn seo ná an gallán seo i m'aghaidhse.


Is é an Tiarna is rogha liom, mo chuid de réir oidhreachta; agus cuid mo chupáin; is ort atá mo sheasamh.


Sa lá sin, beidh altóir in onóir don Tiarna i lár thír na hÉigipte agus gallán coisricthe dó in aice na teorann.


Ansin an áit a thoghfaidh an Tiarna bhur nDia dá ainm le lonnú ann, tugaigí chun na háite sin gach a n‑ordaím daoibh: bhur n‑ofrálacha uileloiscthe agus bhur n‑íobairtí; bhur ndeachúna agus tabhartais bhur lámh, na hofrálacha móide go léir a mhóidíonn sibh don Tiarna.


Nuair a shroich siad na ciorcail chloch ag an Iordáin i gcríocha na gCanánach, thóg na Reúbaenaigh, na Gádaigh agus leath-threibh Mhanaise altóir ag an Iordáin i gcríocha na gCanánach, altóir mhór thaibhseach.


Dúramar dá bhrí sin: ‘Tógaimís altóir anois, ní le haghaidh ofrálacha uileloiscthe ná íobairtí,


Mheasamar dá ndéarfaí a leithéid sin linn féin nó lenár sliocht lá éigin le teacht, go ndéarfaimís: ‘Féach, an macasamhail seo d'altóir an Tiarna a rinne ár n‑aithreacha, ní le haghaidh ofrálacha uileloiscthe ná íobairtí, ach le bheith ina finné idir sibhse agus sinne.’


Thug clann Reúbaen agus clann Ghád [Finné] mar ainm ar an altóir, “Mar,” ar siad, “beidh sí ina finné eadrainn gurb é an Tiarna is Dia.”


Agus dúirt Iósua leis an bpobal go léir: “Féach! Beidh an gallán seo mar fhianaise inár n‑aghaidh, óir chuala sé na briathra go léir a labhair an Tiarna linn; uime sin beidh sé ina fhinné in bhur n‑aghaidh má shéanann sibh bhur nDia.”


Ansin thóg Samúéil cloch agus chuir ina seasamh í idir Mizpeá agus Iseana, agus thug sé Eibin Eizir (“Cloch na Cabhrach”) uirthi á rá: “Thug an Tiarna cabhair dúinn chomh fada leis seo!”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí