Iósua 22:28 - An Bíobla Naofa 198128 Mheasamar dá ndéarfaí a leithéid sin linn féin nó lenár sliocht lá éigin le teacht, go ndéarfaimís: ‘Féach, an macasamhail seo d'altóir an Tiarna a rinne ár n‑aithreacha, ní le haghaidh ofrálacha uileloiscthe ná íobairtí, ach le bheith ina finné idir sibhse agus sinne.’ Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)28 Uime sin, ar sa sinne, gurob amhluidh bhías, a nuáir a déaruid síad so rinn, nó rér sliochd annsa naimsir thiocfas, go mbiáidh aguinne re a rádh, Féachuidh samhlachus altóra an TIGHEARNA, do rinneádar ar naithrenne, ní chum ofrála loisge, nó chum iodhbartha; achd ís fíadhnuise eadruinne agus sibhsi é. Féach an chaibidil |
siúd is nach ndéanann siad freastal ach i sanctóir nach bhfuil ach ina scáil agus ina scáth dá bhfuil ar neamh. Is léir é seo ón ordú seo a leanas a thug Dia do Mhaois nuair a bhí sé ar tí an bhoth a thógáil: “Féach chuige,” ar sé, “go ndéanfaidh tú gach rud de réir an tsampla a taispeánadh duit ar an sliabh.”
ach le bheith ina finné, idir sinne agus sibhse agus idir ár sliocht inár ndiaidh, go dtugaimid seirbhís don Tiarna lenár n‑íobairtí uileloiscthe agus ár n‑abhlanna agus ár n‑íobairtí comaoineach ina láthair, le heagla go mba fhéidir le bhur gclannsa a rá lenár gclann-na: “Níl cuid agaibh sa Tiarna.’ ”