Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 22:31 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

31 Agus a dubhairt Phínéhas mhac Eleásair an sagart re cloinn Reuben, agus ré cloinn Mhanasseh, A niugh aithnighímid go bhfuil an TIGHEARNA ar measc, do chionn nach ndearnabhair an sárughadhsa a naghaidh an TIGHEARNA: annois do sháorabhair clann Israel ó láimh an TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

31 Ansin dúirt Píneachás mac Eileázár sagart le clann Reúbaen, clann Ghád, agus clann Mhanaise: “Tá a fhios againn go dianmhaith anois go bhfuil an Tiarna inár measc, mar ní dhearna sibh an feall seo ar an Tiarna; tá clann Iosrael, más ea, fuascailte agaibh ó láimh an Tiarna.”

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 22:31
13 Tagairtí Cros  

Agus do chúaidh sé amach a ccoinne Asa, agus a dubhairt ris, Eistigh riomsa, Asa, agus Iúdah uile agus a Bheniamin; Atá an TIGHEARNA maille ribh, an feadh bhéithi maille ris; agus má íarthaoi é, atá se ar fagháil agaibh; acht ma thréigthí é, tréigfidh sé sibh.


Mhic Abisua, mhic Phinehas, mhic Eleasar, mhic Aáron an tárdshagart:


Atáid carbaid Dé fithche míle, míltidh dáinglibh; atá an TIGHEARNA na measc, annsa náit náomhtha, Sínai.


Agus déindís sanctóir dhamhsa; chor go ccoimhneacha mé na measc.


Eígh súas agus gáir, thusa a áitreabhach Síon: óir is mór Aon Náomhtha Israel ad mheadhón.


Is marso a deir TIGHEARNA na slógh; Annsna laéthibh sin, béaruid deithneamhar fear greim as uile theangaidh na ccineadhách, eadhon béaruid siád greim air sciorta an tí bhías na Iúduighe, ag rádh, Rachuimne leachd: óir do chúalamar go bhfuil Día maille ribh.


Tabhair dod aire, bíaidh maighdean tórrach, agus bearuidh sí mac, agus do bhéaruidh tú Emmanuel dainm air, noch ar na mhiniughadh, iseadh, Día maille rinn.


Agus mar sin foillsighthear neithe folaigheacha a chroidhe; agus amhluidh sin ar dtuitim ar a aghaidh dhó dh bhéura sé onóir do Dhía, ag foillsiughadh go bhfuil Día eadruibhse go fírinneach.


¶ Agus a nuáir do chúaluidh Phínehas an sagart, agus prionnsuidhe an chomhchruinnigh agus cinn mhílteadh Israel noch do bhí na fhochair, na bríathra do labhradar clann Reuben agus clann Ghad agus clann Mhanasseh, do thaitin sin ríu.


¶ Agus do fhill Phínehas mhac Eleásair an sagart, agus na prionnsuidhe ó chloinn Reuben, agus ó chloinn Ghad, as tír Ghílead, go tír Chánaain, do chloinn Israel, agus tugadar scéula chuca a rís.


Agus a dubhairt Iosua, Is leis so aitheantáoi go bhfuil an Día beó bhur measc, agus go tteilgfe sé amach gan fhaillighe na Cananítigh, agus na Hititigh, agus na Hibhitigh, agus na Perisitigh, agus na Girgasitigh, agus na Hamorítigh, agus na Iebusítigh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí