Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 22:31 - An Bíobla Naofa 1981

31 Ansin dúirt Píneachás mac Eileázár sagart le clann Reúbaen, clann Ghád, agus clann Mhanaise: “Tá a fhios againn go dianmhaith anois go bhfuil an Tiarna inár measc, mar ní dhearna sibh an feall seo ar an Tiarna; tá clann Iosrael, más ea, fuascailte agaibh ó láimh an Tiarna.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

31 Agus a dubhairt Phínéhas mhac Eleásair an sagart re cloinn Reuben, agus ré cloinn Mhanasseh, A niugh aithnighímid go bhfuil an TIGHEARNA ar measc, do chionn nach ndearnabhair an sárughadhsa a naghaidh an TIGHEARNA: annois do sháorabhair clann Israel ó láimh an TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 22:31
13 Tagairtí Cros  

agus ghabh sé amach i gcoinne Ásá agus dúirt leis: “Éist linn, a Ásá, a Iúdá agus a Bhiniáimin go léir. Tá an Tiarna in éineacht libh fad tá sibhse in éineacht leis. Má lorgann sibh é, gheobhaidh sibh é, ach má thréigeann sibh é, tréigfidh sé sibh.


mac Aibíosúa, mac Phíneachás, mac Eileázár, mac Árón, an t‑ardsagart -


Cad fáth a bhfuil éad oraibh, a shléibhte beannacha, ag féachaint ar an sliabh daoibh a thogh Dia mar áras? Is ann a bheidh an Tiarna ina chónaí go brách.


Agus déanaidís sanctóir dom go lonnaí mé ina measc.


Gáirigí le háthas agus liúirigí, sibhse a bhfuil cónaí oraibh i Síón, óir is mór le rá é in bhur measc Neach Naofa Iosrael.”


Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Sna laethanta sin béarfaidh deichniúr fear as gach náisiún a bhfuil a theanga féin aige, greim ar chiumhais róba gach Giúdaigh, á rá: ‘Lig dúinn dul in éineacht leat, óir chualamar go bhfuil Dia in bhur dteannta.’ ”


“Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí mac agus tabharfar Imeánuéil mar ainm air,” - ainm a chiallaíonn: Tá Dia linn.


Nochtfar rúin a chroí agus caithfidh sé é féin ar a bhéal ag déanamh ómóis do Dhia agus ag fógairt go bhfuil Dia in bhur measc dáiríre.


Nuair a chuala Píneachás sagart agus ceannairí an chomhthionóil, cinn finí Iosrael, a bhí in éineacht leis, na focail a dúirt clann Reúbaen, clann Ghád, agus clann Mhanaise, d'aontaíodar leo le fonn.


Ansín d'fhág Píneachás sagart, mac Eileázár, agus na ceannairí slán ag clann Reúbaen agus ag clann Ghád agus d'fhill ó thír Ghileád ar thír Chanán agus ar chlann Iosrael agus thug tuairisc dóibh.


Dúirt Iósua: “Leis seo a bheidh a fhios agaibh go bhfuil Dia beo in bhur measc, agus go dtiomáinfidh sé amach go cinnte na Canánaigh, na Hitigh, na Hivigh, na Pirizigh, na Giorgáisigh, na hAmóraigh, agus na Iabúsaigh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí