Iósua 22:5 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)5 Ach tugaidh aire ghéar do choimhlíonadh na naithneadh agus an dlighe, noch do chuir Maóise óglach an TIGHEARNA do chúram oruibh, grádh do thabhairt dá bhur TTIGHEARNA Día, agus siúbhal iona shlighthibh uile, agus a aitheanta do choimhlíonadh, agus táobhaidh ris, agus foghnamh dhó le bhur nuile chroidhe agus lé bhur nuile anam. Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 19815 Féachaigí chuige le barr cúraim go gcomhlíonfaidh sibh na haitheanta agus an dlí a thug Maois, óglach an Tiarna, daoibh; bíodh grá agaibh don Tiarna, bhur nDia, leanaigí ar a chosáin i gcónaí, comhlíonaigí a aitheanta, bígí dílis dó agus déanaigí seirbhís dó ó chroí go hiomlán agus ó anam go hiomlán.” Féach an chaibidil |
Agus a dubhairt, Má eísteann tú go dúthrachdach re guth an TIGHEARNA do Dhía, agus do ndéana tú an ní is ceart na radharc, agus go ttiubhra tú aire dá aitheantuibh, agus go gcuimhdeocha tú a reachda uile, ni chuirfe me énni dona heasláintibhsi oruibh noch thug mé ar na Hégiptibh: óir is misi an TIGHEARNA leighisios tú.
¶ Agus do labhair Samuel re tigh Israel uile, dha rádh, Má fhilltí chum an TIGHEARNA maille ré bhur gcroidhthibh go hiomlán, ann sinn cuiridh úaibh na dee coimhitheacha agus Astárot as bhur measc, agus ullmhuighidh bhur gcroidhthe chum an TIGHEARNA, agus déanuidh seirbhís dósan ámháin: agus sáorfuidh sé sibh as láimh na Bhphilistineach.