Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 22:29 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

29 Nár léigidh Día go rachamaois a ttréatuireachd a naghaídh an TIGHEARNA, agus go bhfillfeamaois a niugh ó leanmhuin an TIGHEARNA do dhéanamh altóra dofráluibh loisge, dofráluibh bídh, nó diodhbarthaibh, táobh amuigh daltoir ar TIGHEARNA Dé noch atá a bhfiadhnuise a thabernacuil.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

29 I bhfad uainne ceannairc a dhéanamh in aghaidh an Tiarna, nó casadh i leataobh agus gan an Tiarna a leanúint trí altóir a thógáil d'íobairt uileloiscthe nó d'abhlanna, nó d'íobairt chomaoineach, seachas altóir an Tiarna, ár nDia, a sheasann os comhair a bhotha!”

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 22:29
16 Tagairtí Cros  

Agus a dubhairt seision, Nár léige Día go ndeanuinnsi sin: achd an té ag ar fríth an cupán na láimh biaidh sé na sheirbhíseach agam; agus ar bhur sonsa, éirgidh romhuibh súas go síothchanta a cceann bhur nathar.


Agus a dubhradursan ris, Cread fá nabair mo thighearna na briathrasa? nar leigidh Día go ndéindís do sherbhísigh do réir an neithesi:


Agus a dubhairt Nábot re Ahab, Nar léigidh Día dhamhsa, go ttíubhruinn oighreachd mo shinnsior dhúitsi.


Acht má deirthí riomsa, Atá ar ndoígh ann ar TTIGHEARNA Día, nach é sin an té, ar chuir Heseciah a aíte árda agus a altóra ar gcúl, agus a dubairt sé ré Iúdah agus ré Ierusalem, Do dhéantáoi íodhbuirt as coinne na haltórasa ann Ierusalem?


Nach ar chuir an Heseciah céadnasin a áite árda agus a altóra ar ccúl, agus nach ar fhúagair do Iúdah agus do Ierusalem, ga rádh, Adhorthaói as coinne áon altóra amháin, agus loisgfidhe túis uirre?


Nár léige Día sin: oir don táobh eile cionnas bhias Día na bhreitheamh ar a tsáoghal?


Nár léige Día sin. Cionnas do fhéadfamaóisne, atá marbh don pheacadh fuireach béo fós ann?


Uime sin créd a déaram? An bhfuil éagcóir ag Día? Bíodh a bhfad uáinn sin do rádh.


Ann sin biáidh ionad noch thoighfeas an TIGHEARNA bhur Ndía do thabhairt fa deara a ainm do aitreabh ann; chum a nionaid sin do bheurthaoi gach uile ní dá naithnighimsi dháoibh; bhur nófrala loiscthe, agus bhur níochbartha, agus bhur ndeachmhadha, agus ofrála togtha bhur lámh, agus bhur móide uile noch do mhóideabhair don TIGHEARNA:


As a ndeárnamairne altoír dhúinn féin diompógh ó leanmhuin an TIGHEARNA, nó más dofráil ofrála loisge uirre nó ofrala bidh, nó mas dofráil íodhbartha síothchána uirre, leanadh an TIGHEARNA feín é;


Uimesin a dubhramairne, Tionnscnam a nois altoír do chur súas dhúinn féin, ní chum ofrála loisge, nó chum iodhburtha:


Uime sin, ar sa sinne, gurob amhluidh bhías, a nuáir a déaruid síad so rinn, nó rér sliochd annsa naimsir thiocfas, go mbiáidh aguinne re a rádh, Féachuidh samhlachus altóra an TIGHEARNA, do rinneádar ar naithrenne, ní chum ofrála loisge, nó chum iodhbartha; achd ís fíadhnuise eadruinne agus sibhsi é.


¶ Agus a nuáir do chúaluidh Phínehas an sagart, agus prionnsuidhe an chomhchruinnigh agus cinn mhílteadh Israel noch do bhí na fhochair, na bríathra do labhradar clann Reuben agus clann Ghad agus clann Mhanasseh, do thaitin sin ríu.


Agus do fhreagradar an pobal agus a dubhradar, Nar léigidh Día go ttréigfemisne an TIGHEARNA, dfoghnamh do dhéeibh eile;


Os a chionn sin ar mo shonsa, nár léigidh Día go ndéanuinn peacadh a naghaidh an TIGHEARNA an sgur do ghuidhe ar bhur son: achd múinfidh mé dhíbh an tslighe mhaith dhíreach:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí