Apacailipsis (Taispeántadh) 22:9 - An Bíobla Naofa 19819 Ach ar sé liom: “Cuir uait! Is comhsheirbhíseach leatsa mé agus le do bhráithre, na fáithe, agus leis na daoine a choinníonn briathra an leabhair seo. Déan Dia a adhradh.” Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)9 ach ar seisean liom, “Tá sé crosta ort a dhéanamh! Níl ionamsa ach comhsheirbhíseach leatsa agus le do bhráithre, na fáithe, agus lena gcomhallann briathra an leabhair seo. Tabhair dʼadhradh do Dhia amháin.” Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)9 Agus adubhairt seisean liom, Seachain, ná déan é: is cóimh‐sheirbhíseach leat‐sa mé, agus led’ bhráithribh, ná fáidhe, agus leis an dream choimheádas briathra an leabhair seo; déan adhradh do Dhia. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)9 Achd a dubhairt sé riom, Seachuin thú ar sin do dhéunamh: óir is coimhshearbhfhoghantuighe dhuit mé, agus dod dhearbhráithribh ná fáidhibh, agus don druing choimhéudas bríathra an leabhairse: déun sléuchduin do Dhía. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20129 Ach ar sé liom: “Cuir uait! Is comhsheirbhíseach leat-sa mé agus le do bhráithre, na fáithe, agus leis na daoine a choinníonn briathra an leabhair seo. Déan Dia a adhradh.” Féach an chaibidil |
Agus i gcónaí nuair a thugann na dúile glóir agus onóir agus buíochas don té atá ina shuí sa ríchathaoir, an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, sléachtann an ceathrar seanóirí fichead go talamh os comhair an té atá ina shuí sa ríchathaoir, agus adhrann siad an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, agus caitheann a gcorónacha síos os comhair na ríchathaoireach á rá: