Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 4:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 “A Thiarna agus a Dhia linn, is fiú thú glóir agus onóir agus cumhacht a fháil, óir is tú a chruthaigh an uile ní agus is trí do thoil a tháinig siad ann agus a cruthaíodh iad.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 “Ós tú ár dTiarna agus ár nDia, is maith is fiú tú an ghlóir agus an onóir agus an chumh-acht a bheith á lua leat, ós tú a chruthaigh a bhfuil ann, agus ós de do thoilse a bhí siad ann agus a cumadh iad.”

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 g‐á rádh, Is fiú thú, a Thighearna agus a Dhia an ghlóir agus an onóir agus an chumhacht d’fhágháil: óir is tú do chruthuigh na h‐uile neithe, agus is ded’ thoil‐se atá siad ann, agus do cruthuigheadh iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 As fíu thú, a Thíghearna, glóir, agus onóir, agus cúmhachda dfagháil: óir as tú do chruthuigh na huile neithe, agus as tré do thóilse atáid agus do crúthuighéadh íad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 “A Thiarna agus a Dhia linn, is fiú thú glóir agus onóir agus cumhacht a fháil, óir is tú a chruthaigh an uile ní agus is trí do thoil a tháinig siad ann agus a cruthaíodh iad.”

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 4:11
31 Tagairtí Cros  

I dtús báire chruthaigh Dia neamh agus talamh.


Glaoim ar an Tiarna, moladh go deo leis, agus fuasclaítear mé ó mo naimhde.


agus dúirt na Léivítigh Iéisiúa, Caidmíéil, Báiní, Haisibniá, Séiribiá, Hóidíá, Seabainiá agus Patachiá: “Éirígí agus beannaígí an Tiarna bhur nDia trí shaol na saol. Moladh leat, a Thiarna ár nDia, Trí shaol na saol! Moladh le d'ainm glórmhar A sháraíonn gach moladh agus móradh.


Beidh argóintí liom ag teacht ón imigéin Agus mé á dheimhniú go bhfuil mo cruthaitheoir sa cheart.


mo charraig thú, mo dhaingean is mo shlánaitheoir. Mo Dhia thú, mo charraig is dídean dom, mo sciath, adharc mo shlánaithe, mo dhún.


atá ina shuí ar néalta neimhe os ar gcionn in airde; ardaíonn sé a ghlór agus is cumasach an glór é.


Óir is i sé lá a rinne an Tiarna neamh agus talamh agus an fharraige, agus gach a bhfuil iontusan, ach ar an seachtú lá scoir sé ó obair. Uime sin bheannaigh an Tiarna lá na sabóide agus naomhaigh é.


Rinne an Tiarna gach ní le haghaidh cuspóra ar leith, agus an t‑urchóideach le haghaidh lá na tubaiste.


Tógaigí bhur súile in airde ansin agus breathnaígí: Cé a chruthaigh na réanna úd murarb é an té a scarann amach in eagar slua iad agus a ghlaonn orthu go léir ina n‑ainm? Tá a chumhacht chomh mór sin agus a neart chomh láidir nach bhfuil aon cheann acu a loiceann air.


An ea nach bhfuil fhios agat? An ea nach eol duit é? Dia síoraí is ea an Tiarna, is é a chruthaigh críocha na talún. Ní thagann tuirse air ná traochadh agus níl léamh ar a eagna.


(Inis é seo dóibh: “Na déithe nach ndearna na spéartha ná an talamh, imeoidh siad ón talamh agus ó faoi na spéartha.”)


‘Á, a Thiarna Dia, is tú a chruthaigh neamh agus talamh le do chumhacht mhór agus le do láimh sínte amach. Níl aon rud dodhéanta duitse.


“A fheara,” ar siad, “cad ab áil libh é seo a dhéanamh? Níl ionainne ach daoine daonna cosúil libh féin, agus táimid a fhógairt mar dhea-scéal daoibh éirí as na nithe baotha seo agus iompú ar an Dia beo a rinne neamh agus talamh agus an fharraige agus gach a bhfuil iontu.


An Dia a rinne an domhan agus a bhfuil ann, is é Tiarna neimhe agus talún é agus ní i dteampaill lámhdhéanta atá cónaí air.


Mar is uaidhsean agus trídsean agus dósan gach uile ní dá bhfuil ann. Glóir go deo leis. Amen.


agus leagan amach an rúin a léiriú do chách. Bhí an rún seo folaithe leis na cianta i nDia a chruthaigh gach a bhfuil ann,


Eisean an Charraig, níl locht ar a shaothar, mar is fíréan iad a bhealaí go léir. Dia dílis é gan éagoir; eisean an Chóir féin agus an Ceart.


agus: “Is tú a Thiarna, a bhunaigh an domhan ar dtús; saothar do lámh is ea na spéartha;


ach sna laethanta deireanacha seo labhair sé linn trína Mhac, an té a cheap sé ina oidhre ar an uile ní agus ar tríd a rinne sé a bhfuil ann.


agus a rinne ríocht agus sagairt dá Dhia agus dá athair dínn, don té sin go raibh glóir agus cumhacht ar feadh na síoraíochta. Amen.


mhionnaigh sé dar an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, an té a chruthaigh na flaithis agus a bhfuil iontu, agus an talamh agus a bhfuil air, agus an fharraige agus a bhfuil inti; mhionnaigh sé: “Ní bheidh moill ann feasta,


Bhí sé ag glaoch go hard á rá: “Bíodh eagla Dé oraibh, agus tugaigí glóir dó, óir tá uair a bhreithiúnais tagtha. Sléachtaigí le hómós don té a rinne neamh agus talamh, an mhuir agus na toibreacha fíoruisce.”


Ina dhiaidh sin chuala mé mar a bheadh glór mathshlua mhóir sna flaithis á rá: “Alleluia! Is lenár nDia slánú agus glóir agus neart.


Agus is é a bhí á rá acu de ghlór ard: “Is fiú é an tUan arna bhású, é a fháil cumhachta, agus saibhris, agus eagna, agus nirt, agus onóra, agus glóire, agus molta.”


agus chonaic mé aingeal tréan ag fógairt de ghlór ard: “Cé hé ar fiú é an scrolla a oscailt agus a shéalaí a bhriseadh?”


Chan siad iomann nua á rá: “Is fiú thú an scrolla a ghlacadh, agus a shéalaí a bhriseadh, óir básaíodh thú agus d'fhuascail tú daoine do Dhia le d'fhuil, as gach treibh, agus teanga, agus pobal, agus cine,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí