Is airgiod agus ór a níomháighthe, obair láimhe duine. Atá béul aca, agus ní labhruid: atáid súile aca, agus ní fhaicid síad: Atáid chlúasa aca, agus ní chluinid: atá srón aca, agus ní bholtnuighid. Atáid lámha aca, agus ní mhothuighid: atáid cosa aca, agus ní shiubhluid: ní labhruid síad le na scórnuigh. Is cosmhuil ríu an lucht do ní íad; a nuile duine chuirios a dhóigh ionta.
Cuiridh bhur ndóigh ann a ccomhnuighe; sibhsi a dhaoine, dóirtighe amach bhur ccroidhe dá lathair: isé Día is dídion dhúinn. Selah.
Iomchraidh síad air a nguáillibh é, iomchraid é, agus suighid é iona áit, agus seasuidh sé; ní chorrocha sé as a áit: fós, goirfidh duine air, gidheadh ní fhéadann sé freagra, nó an té sin do thártháil ó ná bhuáidhreadh.
Acht isé an TIGHEARNA an Día fíre, isé an Día bithbhéo, agus an rígh siorruidhe é: criothnochuidh sé an talamh re na fheirg, agus ní fhéadfuid na geinte a a mhíchéadfa dfúlang.
Cuir do dhóigh a Ndía re do uile chroidhe; agus ná bí táobh ré do thuigsi féin. Ann do shlighthibh uile admhuigh eision, agus do dhéana sé do shlighthe díreach.
Fúathighim an luchd choimhéadas díomháoineas bréagach: acht cuirim mo dhóthchus annsa TTIGHEARNA.
Is misi an TIGHEARNA: sé sin mainm: agus ní thiubhra mé mo ghlóir do neach oile, nó mo mholadh díomháighibh grábhálta.
¶ Is marso a deir an TIGHEARNA; Go madh malluighthe an fear dhothchusuighios a nduine, agus do ní a neart dfeóil, agus agá nimthighionn a chroidhe ón TIGHEARNA.
Dóthchusáidh annsa TIGHEARNA go bráth: óir is annsa TIGHEARNA IEHOBHAH atá an neart síorruidhe:
Bíd díreach súas mar an ccrann pailme, acht ní labhruid siad: is éigin a niomchar, do bhrígh nach bhféaduid siubhal. Ná bíthí eaglach rompa; óir ní thig dhíobh olc do dhéanamh, ní mó fós atá ionta maith do dhéanamh.
Is beanuighe an té aga bhfuil Día Iácob mar chabhair, agá a bhfuil a dhóigh annsa TIGHEARNA a Dhía féin: Noch do rinne neamh, agus talamh, an mhuir, agus a nuile ní atá ionnta: noch chongmhas fírinne go síorruidhe:
¶ Cred tharbhuighios a níomháigh ghreanta ar ghrean fear a hullmhuighthe í; a níomháigh leaghtha, agus teagasgóir bréug, as a ndóthchusuighionn fear déanta a oibre féin ann, do dhéanamh iodhal mbalbh?
Is beannuighe an duine chuireas a dhóthchus ansa TIGHEARNA, agus nár fhéuch do nuáibhreach, nó don luchd chláonas chum bréug.
Ar a nadhbharsin déunam maill ré dothchas go hárdchatháoir na ngrás, chum trócaire do ghnodhúghadh, agus ghrás dfagháil dúinn chum furtachda a nám ríachdanais.
Oír misi an TIGHEARNA do Dhía choinneochus do lámh dheas, ghá rádh riot, Ná himeagluidh; cuideochuidh mé leachd.
Do bhrígh go bhfuil grádh aige orumsa, saorfa mé é: áirdeochád é, do bhrígh gó ráibh fios manma aige.
Uime sin créd a déaram fa na neithibhsi? Ma atá Día linn, cia fhéadus bheith ar naghuidh?
Oír go deimhin sáorfa misi thú, agus ní tuitfidh tú leis an ccloidheamh, achd biáidh hanam mar éadáil agad: do bhrígh gúr chuir tú do dhóthchus ionnamsa, a deir an TIGHEARNA.
Chugadsa, ó a THIGHEARNA, thógbhuim súas manam, Is trócaire agus fírinne slighthe an TIGHEARNA uile don luchd chongmhus a chunnradh agus a fhiaghnuiseadh. Ar son hanma, a THIGHEARNA, iseadh mhaithfeas tú méaigceart; bíodh gur mór sin. Cia hé an duine air a bhfuil eagla an TIGHEARNA? múinfe sé é annsa tslighe thoighfeas sé. Aitreobhuidh a anum a maith; agus biaidh oidhreacht na dúithche aga chloinn. Atá rún an TIGHEARNA ag an luchd eagluigheas roimhe; agus foillsighidh a chunnradh dhóibh. Atáid mo shúile a ccomhnuidhe chum an TIGHEARNA; óir do bhéara sé mo chos as an líon. Féuch orum, agus déan trócaire orum; óir atáim áonránach agus buaidheartha. Do fairsingeadh buáidhreadh mo chroidhe: ó tabhairsi amach as manacra mé. Féuch ar manacra agus air mo phéin; agus maith mo pheacuidhe uile dhamh. Féuch air mo naímhde; óir atáid ar na méudughadh; agus atá fúath аcа orum le foiréigion. O mo Dhía, cuirim mo dhothchus ionnad: ná náirighthear mé, ná déanaid mo naimhde gáirdeachus ós mo chionn.
Agus go líonaidh Día an dóthchais sibhse do gach uile gháirdeachus agus shoithcháin ó chreideamh dháoibh, ionnus go madh móide bhur ndóthchas, tré chúmhachdaibh an Spiorad Náoimh.
Oír budh é an TIGHEARNA do bharánta, agus cuimhdeochuidh sé do chos ó bheith gabhtha.
¶ A nuáir éighfios tú, tárthuighidís do chompanuigh thú; acht béara an ghaoth ar siubhal íad uile; béara an diomhaoíneas air siubhal íad: acht sealbhochuidh an té chuirios a dhóigh ionnamsa an dúithche, agus do gheabhuidh oighreacht mo shléibhe náomhtha;
Anois is daóine na Hégiptigh, agus ni Día; agus is feóil a neich, agus ní spiorad. A nuáir shíntios an TIGHEARNA a lámh amach, tuitfidh aráon án té chuidighios, agus tuittidh síos an té ré ccuidighthior, agus failleochuid siad nile a néainfheachd.
Acht an drong fheithios air an TTIGHEARNA athnúadhuighid síad a neart; éreochuid súas le sciathánuibh amhuil iolair; riothfaid siad, agus ní bhéid coirthe; agus siubholuid, agus ní bhéid síad anbhfann.
¶ Cía atá bhur measg air a bhfuil eagla an TIGHEARNA, umhluighios do ghuth a sheirbhísigh, shiubhluighios a ndorchadus, agus ag nach bhfuil solus ar bith? cuireadh sé a dhóigh a nainm an TIGHEARNA, agus seasadh sé ar Dhía.
Agus atá a leitheid so do dhóthchas aguinn tré Chríosd a Ndía: Ní hé go bhfuilmíd cumasach ar áoinní smuáineadh uáinn féin mar uáinn féin; achd is ó Dhía atá ar gcumas;
Anois aithnighim go slánuighionn an TIGHEARNA a ungthach; cluinfe sé é ó na fhlaitheasuibh neamhdha re neart dídin a láimhe deise. Cuimhnighidh drong air charbaduibh, agus drong oile air eachuibh: acht cuimhneochaimne air ainm an TIGHEARNA ar Ndé.
Oír is grían agus scíath an TIGHEARNA Día: do bhéaraidh an TIGHEARNA grása agus glóir: ní chuinneochaidh sé maith ón luchd do shiubhlus go díreach.
¶ Lorguidhsi an TIGHEARNA an feadh bhías sé ar fagháil, goiridh air an feadh atá sé a bhfogus:
Oír atá a dheirbhfhios agam, nach búdh héidir lé bás, na lé beatha, na lé hainglibh, ná lé húachdaranachuibh, ná lé cúmhachduibh, ná leis na neithibh atá do láthair, ná leis na neithibh atá chum teachda, Ná lé hairde, ná lé doimhne, ná lé creatúr ar bith eile, sinne dhéalughadh ó ghrádh Dé, atá a Niósa Críosd ar Dtighearna.
Do scrios mé, do chionta amach, amhuil néull thiugh, agus, do pheácuidh, amhuil néull: fill chugamsa; óir dfúascuil mé thú.
Féuch, atá súil an TIGHEARNA ar an luchd air a bhfuil a eagla, air an lucht chuirios a ndóigh iona thrócaire;
Ní bhfuil eagla sa ngrádh; achd cuiridh an grádh diongmhálta eagla amach úadh: óir atá pían aig an neagla. Uime sin gidh bé ar a mbí eagla ní bhfuil sé diongmhálta a ngrádh.
Luighfe mé mar an ccéadna a síothcháin, agus coidéola mé: óir tusá, a THIGHEARNA, amháin chuireas am chomhnuidh me a neamhbáoghal.
An tadhbhar fá a bhfuilim ag fulang na neitheannsa: gidheadh ní bhfuil adhnáire oram: oír atá a fhios agum cía dhár chreid mé, agus as deimhin leam gur féidir leis an ní dfág mé táobh ris do choimhéud fa chómhair an láoi úd.
Do chuáidh mfeóil agus mo chroidhe a laige: isé Día neart mo chroidhe, agus mo chuid ronna go bráth.
Agus do bhéaruidh an TIGHEARNA cabhair dhoibh, agus sáorfuidh íad: sáorfuidh se íad ó na drochdhaóinibh, agus coimhdeochuidh íad, do bhrígh go bhfuil a ndóigh ann.
Coimhdeochuidh tú an té sin a síothcháin iomláin, noch agá mbí a inntinn daingion ionnadsa: do bhrígh go bhfuil a dhóigh ionnad.
Agus a sé so an dóthchas atá aguinn as, éadhon, ma íarrmuid éinne air do réir a thola, go néisdeann sé rinn:
Ar mbeith dhamh dearbhtha as an ní céudnasa, eadhon an tí do thionnsguin obair mhaith ionnuibh go gcuirfe sé críoch uirrthe go lá Iósa Críosd:
Agus an mhuinntir agá bhfuil fios hanma cuirfid a ndóigh ionnad: óir thusa, a THIGHEARNA, níor thréigis an luchd íarrus thú.
¶ Ná bíodh eagla ort; óir atáimsi maille riot: ná bí laigbhrígheach: óir is misi do Dhía: neirteochuidh mé thú: fós, cuideocha mé leachd; fós, cuinneocha mé súas thú le láimh dheis mo cheirt.
Blaisidh, agus féuchuidh gur maith an TIGHEARNA: is beannuigh an duine agá mbí a dhóigh ann.
Féuch, is Día mo shlánaightheóir; bím dothchusach ann, agus ní bhía eagla orum: óir isé an TIGHEARNA IEHOBHAH mo neart agus mó chaintic; sé fós mo shlánughadh é.
Cuir do dhóigh annsa TIGHEARNA, agus déan maith; áitreibhigh tú annsa dúithche, agus beathóchar thú go deimhin.
Is maith an TIGHEARNA, caisléan daingion a ló na buáidheartha; agus aithnigh sé an drong dhóthchusuighios ann.
Oir is marso a deir an Tighearna DIA, Neach Náomhtha Israel; A niompogh agus a suáimhnios béithí tárthúighthe; a cciúnas agus a ndóthchus bhías bhur neart: agus níor bháill libh.
Biaidh an lucht chuirios a ndóigh annsa TIGHEARNA mar shlíabh Síon, nach féidir a chorrughadh, ach mhairios go bráth.
Amhairg don droing théid síos don Négipt chum cabhra; agus fhanas ar eachaibh, agus dhóthchusuighios a ccarbaduibh, do bhrígh go bhfuihd iomadamhuil; agus a marcshlúagh, do bhrígh go bhfuilid láidir; acht ní fhéachuid síad Dáon Naomhtha Israel, ní íarruid síad an TIGHEARNA!
Atá slighe Dé iomlán; do dearbhadh bríathar an TIGHEARNA: atá sé na scéith ag gach áon dá gcuirionn a dhóigh ann.
¶ Is misi an TIGHEARNA, agus ní bhfuil áon oile ann, ní bhfuil áoindía ann táobh amuigh dhíomsa: do chriosluigh mé thú, biodh nár aithin tú mé.
Do bheir eagla an duine paintéur lé: acht an té chuirios dóthchus annsa TIGHEARNA, biáidh sé daingion.
A Ndía mholfas mé a bhríathar, a Ndía chuirim mo dhóigh; ní bhiáidh eagla orum cred do dhéanas feóil orum.
Ise an TIGHEARNA mo sholus agus mo shlánughadh; cía re a mbiáidh eagla agum? sé an TIGHEARNA neart mo bheatha; cía budh eagal damh?
Is marso a déir an TIGHEARNA Rígh Israel, agus a fhúascaltóir TIGHEARNA na slógh; Is misi an céad, agus is mé an deighionach; táobh amhuigh dhíom ní bhfuil Día ar bith.
A déarad a ttaobh an TIGHEARNA, Mo dhídean agus mo dhaingion: mo Dhía; cuirfiod mo dhóthchus ann.
Dháoibhsi do thaisbeanadh é, chor go mbía a fhios aguibh gur bé an TIGHEARNA is Día ann; agus nach bhfuil Díu ann ach é.
Fogair don druing atá sáibhbhir sa tsáoghalsa, gan bheith áirdinntinneach, ná a muinighin do chur a sáidhbhreas neamhbuáin, achd sa Día bheó do bheir dhúinne go sáidhbhir na huile neither chum a ccaithmhe;
Oír is annsan do dhéanas ar ccroidhe gáirdeachus, do bhrígh gur chuireamar ar ndóigh ann a ainm náomhthasan.
A nuáir ghabhus tú thríd na huisgeadhuibh, biáidh misi ad fhochair; agus thríd na haibhnibh, ní fhoileochuid síad thú: a nuáir shíubholas tú thríd an tteine, ní loisgfighear thú; ní mó dheargfas an lasair ort.
Ré na sciathán foileochaidh sé thú, agus fa na sciathánaibh chuirfios tú do dhóthchus: is scíath agus buicléir a fhirinne.
An té ghlacus cúis go críonna do gheábha sé maith: agus gidh be chuirios a dhóigh ann sa TIGHEARNA, is soná é.
Dá ccampuigheadh slúagh am aghuidh, ní bhía eagla air mo chroidhe: dá neirgheadh cogadh am aghaidh, annso bhías mé dóthchusach.
Achd do bhreathbuigheamar ionainn féin go rabhamar fá bhreith an bháis, ionnus nach asuinn féin do bhíadh muinighin aguinn, achd as Día dhúisigheas na mairbh:
Ní bhiáidh eagla air roimhe dhroichscéuluibh: atá a chroidhe diongmhalta, ag cur a dhóthchuis san TIGHEARNA.
Fós, ar son go siubhlochuinn a ngleann scáile an bháís, ní bhiáidh eagla uilc orum: óir atá tusa agam; coibhreochuidh do shlat agus do mhaide mé.
Ionnus gur féidir linn a rádh go dána, Sé an Tíghearna mfear cabhartha, agus ni bhiáidh eagla oram fá ní dhar féidir do dhuine dhéunamh oram.
Mo thrócaire, agus mo dhaingionn; mo dhídion, agus mfear sáortha, mo sgiath, agus an té ann a gcuirim mo dhóigh; noch umhluighios mo dhaóine fúm.
¶ Féuchaidh orumsa, agus bíthí sábhalta, a uile théoranna na talmhan: óir is misi Día, agus ní bhfuil maithearrach ann.
Isé an TIGHEARNA mo neart agus mo scíath; do chuir mo chroidhe a dhóigh ann, agus do cobhruigheadh mé: ar a nadhbharsin do dhéana mo chroidhe gáirdeachus; agus molfad é le mo chaintic.
Is tor daingion ainm an TIGHEARNA: riothuidh an fíréun chuige, agus bí sé daingion.
Ní bhíaidh Día ar bith eile agad am láthairse. Ní dhéana tú dhuit féin iómháigh ar bith ghrábhalta, nó cosamhlachd ar bith éainneithe dá bhfuil ar neamh shúas, nó dá bhfuil ar talamh shíos, no da bhfúil sa nuisge faói an talamh: