Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 17:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Is mar seo a deir an Tiarna: “Is mallaithe an fear a chuireann a mhuinín i nduine, agus a bhíonn i dtuilleamaí na feola, agus a iompaíonn a chroí ón Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 ¶ Is marso a deir an TIGHEARNA; Go madh malluighthe an fear dhothchusuighios a nduine, agus do ní a neart dfeóil, agus agá nimthighionn a chroidhe ón TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 17:5
16 Tagairtí Cros  

Bhuail drochghalar Ásá sna cosa an naoú bliain tríochad dá réimeas, agus ghéaraigh ar an ngalar. Ach ina ghalar ní dheachaigh sé i muinín an Tiarna ach i muinín dochtúirí.


Níl leis siúd ach lámh feola, ach tá an Tiarna ár nDia linne, le cabhair a thabhairt dúinn agus lenár gcathanna a throid.” Thug focail Hiziciá rí Iúdá misneach don phobal.


Chúitigh an Tiarna m'fhíréantacht liom; thug luach saothair dom de réir glaine mo lámh,


Cuirigí bhur ndóchas ann i gcónaí, a phobal; ligigí rún bhur gcroí leis. Is é Dia ár ndídean. Selah


Ná bíodh do mhuinín sa duine a thuilleadh, nach bhfuil ach puth ghaoithe ina pholláirí. Cén luach a chuirfí síos dó?


Agus beidh eagla agus náire oraibh as Cúis, a raibh bhur muinín ann, agus as an Éigipt, a raibh sibh chomh teann sin aisti.


Ar an Éigipt? Más ea, tá tú ag brath ar shifín briste nach ndéanann ach lámh aon duine atá ag baint taca as a tholladh is a threaghdadh. Mar sin atá ag Forann, rí na hÉigipte, le daoine a chuireann a muinín ann.


Tá an t‑ionracas in easnamh agus déantar slad ar fhear seachanta an oilc. Chonaic an Tiarna sin agus níor thaitin sé leis nach raibh ceart le fáil os a chomhair.


Abair leo: Is mar seo a deir an Tiarna Dia Iosrael: Gura mallaithe an té nach n‑éisteann briathra an chonartha seo


Ansin cuimhneoidh siadsan a d'éalaigh ormsa, agus iad ar díbirt i measc na gciníocha. Mar beidh a gcroí a chuaigh ar seachrán uaim go macnasach [briste agam]; beidh a súile a théann go striapúil i ndiaidh a n‑íol dallta agam; agus ar fhéachaint orthu féin dóibh beidh gráin acu orthu mar gheall ar an olc a rinne siad, mar gheall ar a n‑uafáis go léir.


Tosach na mbriathra a labhair an Tiarna trí Hóisé: Dúirt an Tiarna le Hóisé: “Imigh leat, gabh chugat striapach mná agus bíodh clann striapaí agat, mar níl teorainn leis an striapachas a dhéanann an tír ó d'iompaigh sí ón Tiarna.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí