Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 10:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Is taibhsí préachán iad i ngarraí mealbhacán, agus balbh dá réir; is éigean a n‑iompar, ó tharla gan siúl acu. Ná bígí eaglach rompu: ní thig leo olc a dhéanamh ná fós, an mhaith!”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Bíd díreach súas mar an ccrann pailme, acht ní labhruid siad: is éigin a niomchar, do bhrígh nach bhféaduid siubhal. Ná bíthí eaglach rompa; óir ní thig dhíobh olc do dhéanamh, ní mó fós atá ionta maith do dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 10:5
16 Tagairtí Cros  

Ghlac siad an tarbh a tugadh dóibh agus d'ullmhaíodar é agus ó mhaidin go meán lae bhí siad ag glaoch ar ainm Bhál. “A Bhál,” a ghlaodar, “tabhair freagra orainn!” Ach ní raibh guth ná freagra le cloisteáil agus iad ag damhsa go bacach thart timpeall ar an altóir a bhí déanta acu.


Bhí fearg ar an Tiarna le hAmaiziá agus chuir sé fáidh chuige a dúirt leis: “Cén fáth a ndeachaigh tú i muinín déithe na ndaoine seo, déithe nach bhféadfadh a muintir féin a fhuascailt ó do lámhasa?”


Saothar in aisce ag Móáb a theacht chun teampaill, á thraochadh féin ag scrínte na n‑ardán; a dhul isteach ina shanctóir a ghuí, níl gar ann dó.


Bailígí timpeall, tagaigí, cruinnigí uile le chéile, sibhse a mhair de na ciníocha! Níl eolas ar bith acu siúd a bhfuil a n‑íol adhmaid á iompar thart acu, ná acu siúd a bhíonn ag glaoch ar dhia nach bhfuil an slánú ar a chumas.


Tá Béil ar a ghlúine! Tá Neabó tar éis cúbadh chuige féin! Tá a n‑íola ar dhroim ainmhithe agus beithígh iompair, ina n‑ualach anuas ar bheithígh thraochta.


Tógann siad suas ar a nguaillí agus iompraíonn siad é, cuireann siad é san ionad ar dual dó seasamh ann. As an ionad ina bhfuil sé ní féidir leis bogadh. An té a ghlaonn air, ní thugann sé freagra dó, óna thrioblóid ní fhéadann sé a shábháil.


Ar an uair sin tagann ionadh agus alltacht ar gach aon duine, deargann gach órcheard mar gheall ar íol a lámh, óir is bréaga a chuid íol gan puth anála iontu.


Is mairg don fhear a deir le smután adhmaid: “Múscail thú féin”; agus leis an gcloch bhalbh: “Éirigh.” An féidir le rud mar sin oracal a thabhairt uaidh? Féach, tá sé clúdaithe le hór agus le hairgead ach níl puth anála ann.


Tá a fhios agaibh fad a bhí sibh in bhur bpágánaigh go mbíodh sibh do bhur seoladh ar mearbhall i ndiaidh na n‑íol balbh.


Maidir leis an mbia íobartha seo a ithe, is eol dúinn nach bhfuil, dáiríre, bonn ar bith le híola agus nach bhfuil ach an t‑aon Dia amháin ann.


Déanfaidh sibh fónamh ansiúd do dhéithe adhmaid agus cloiche, saothar lámh daonna, nach bhfuil ar a gcumas aon ní a fheiceáil, a chlos, a ithe, ná a bholadh a fháil.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí