Biblia Todo Logo
Véarsaí Bíobla
- Fógraí -


150 Véarsaí Bíobla faoi Grá Naimhde

150 Véarsaí Bíobla faoi Grá Naimhde


Matha 5:44

Achd a deirimsi ribh, Bíodh grádh agaibh dá bhur naímhdibh, beannaighidh na dáoine mhallaigheas sibh, deunaidh maith do na dáoinibh ait ar beag sibh, agus deúnaidh urnaighthe ar son na muinntire bhuaidhreas sibh, agus dhíbreas subh;

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lúcás 6:27-28

Achd a deirim ribhsi atá ag éisdeachd, Grádhuighidh bhur námhuid, déunuidh maith don dreim air ar fúadh sibh, Tabhruidh bhur mbeannachd don dreim mhalluigheas sibh, agus déunuidh urrnaíghe ar son na muinntire do ní bhur ndíoghbháil.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 12:20

Uime sin dá raibh ocarus ar do námhuid, tabhair bíadh dhó; dá raibh tart air, tabhair deoch dhó: óir tré so do dhéunamh dhuit carnfuidh tú gríosach ar a cheann.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 25:21-22

Má bhíonn do námhaid ocrach, tabhair arán dó re ithe; agus má bhíonn tart air, tabhair uisge dhó ré a ól: Oír crúachfuidh tú sméaróide teineadh air a chionn, agus cúiteochuidh an TIGHEARNA sin riot.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lúcás 6:35

Ar a nadhbharsin grádhuighidh bhur námhuid, agus déunuidh maith, agus tabhruidh áirleaghadh úaibh, gan súil ré héinní arís; agus budh mór bhur lúaideachd, agus beithí bhur gcloinn ag an té as Airde: óir bí seisean cinealta les na dáoinibh dombuídheacha agus saithe.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 12:17-21

Na déanaidh olc a naghaidh uilc ar éainneach. Bíodh cúram na neitheann maith oraibh a bhfíadhnuise na nuile dháoine. Mas féidir é, an mhéid thig dhíbhsé dhe, bíodh síothcháin agaibh ris na huile dhaóinibh A chairde grádhacha, ná déunaidh dioghaltus ar bhur son féin, achd fanaidh ris an bhfeirg: óir atá sgríobhtha, Is leamsa an dioghaltus; do bhéura mé cúitiughadh uáim, a deir an Tighearna. Agus na cumaidh sibh féin ris an tsáoghalsa: achd cuiridh sibh féin a natharrach crotha ré hathnúadhughadh bhur ninntinne, ionnus go mbíadh a dhearbh aguibh créud í toil mhaith, gheanamhuil, dhiongmhála Dé. Uime sin dá raibh ocarus ar do námhuid, tabhair bíadh dhó; dá raibh tart air, tabhair deoch dhó: óir tré so do dhéunamh dhuit carnfuidh tú gríosach ar a cheann. Na beireadh an tolc buáidh ort, achd beirse buáidh ar a nolc ré maith.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 5:43-48

Do chúalabhair go ndubhradh, Gráidheóchuigh tú do chomharsa, bíadh fúath agad dod námhaird. Achd a deirimsi ribh, Bíodh grádh agaibh dá bhur naímhdibh, beannaighidh na dáoine mhallaigheas sibh, deunaidh maith do na dáoinibh ait ar beag sibh, agus deúnaidh urnaighthe ar son na muinntire bhuaidhreas sibh, agus dhíbreas subh; Do chum go mbeith sibh bhur gcloinn ag bhur Nathair féin atá air neamh: óir do bheir seisean fa deara go néirghean a ghrían air na droch dhaoínibh agus air na deagh dhaóinibh, agus do ní sé fearthuinn air na firéunachaibh agus air na neimhfhiréunchuibh. Oir na bhíonn grádh agaibh don mhuinntir agá bhfuil grádh dháoibh, creud é an lúaidheachd do ghéubhthaói? a né nach déunaid na Publiocáin an ni ceúdna? Agus ma chuirthí fáilte roimh bhur ndearbhraithre féin amháin créud do níthi do bhárr air chách? A né deúnuid na puibliocáin mar an gcéudna? Ar a nadhbharsin bídhidhsi deangmhálta, mar atá bhur Nathair atá air neamh deangmhálta.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Peadar 3:9

Ná déunuigh olc a naghuidh uilc, ná anchaint a naghuidh anchainte: achd go contrárgha dhó sin, tuguidh bhur mbeannachd; ar mbeith a fheasa aguibh gur chuige so do goireadh sibh, ionnas go bhfuigheadh sibh féin beannachd mar oighreachd.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 24:17

Ná lúathgháirigh a nuáir thuitfios do námhaid, agus ná gáirdigheadh do chroidhe a nuáir do gheibh sé tuisleadh:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lúcás 23:34

Agus a dubhairt Iósa, A Athair, maith dhóibh; óir ní bhfuil a fhios aca créd do nid síad. Agus an roinn a éaduighsion, do theilgeadar crannchar orthu.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eaxodus 23:4-5

Má theagmhann riot damh nó assal do námhad ag dul ar seachrán, do bhéura tú gó deimhin chuige ar ais é. Má chí tú assal an té lér fúath thú na luighe fán úalach, agus go bhfailleochá a thártháil, cuideocha tú leis go deimhin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Teasalónaigh 5:15

Tuguidh aire ribh nách déun éinneach olc a naghuidh uilc ar bith; achd leanuidh an mhaith do ghnáth, da bhur dtáobh féin, agus do tháobh na nuile dhaóineadh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 20:22

Ná habairsi, Cúiteochuidh mé olc, acht feith air an DTIGHEARNA, agus táirtheochuidh sé thú.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eifisigh 4:32

Bighidh sochroidhtheach, trócaireach dhá chéile, ag tabhairt maitheamhnuis uáibh, amhuil tug Día mar an gcéudna maitheamhnus dáoibhse a Gcríosd.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Eoin 4:7-8

A cháirde, bíodh grádh aguinn dá chéile: óir as ó Dhía tig an gradh; agus gidh bé neach ghrádhuigheas atá sé ar na gheineamhuin ó Dhía, agus is aithnidh dhó Día. An tí nach grádhuigheann ní bhfuil eólas Dé aige; óir as grádh é Día.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 5:8

Achd foillsighidh Día a ghrádh féin dúinne ann so, do bhrigh ag mbeith dhúinn fós ar bpeacthachuibh, gur fhuiling Críosd bás air ar son.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 6:14-15

Oir ma mhaithi a gcionnta do dháonibh, maithfidh bhur Nathair neámhdha dáoibhsi mar an gcéadna: Achd muna maithtisi a gcionta do na dáoinibh, ni mhaithfidh bhur Nathair féin dáoibhsi bhur gcionta.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Galataigh 5:14

Oír coimhliontár an réachd uile a náoinbhréithir amháin, ann so; Grádhuigh do chomharsa mar thú féin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Eoin 3:18

A chlann bheag, nár ab a mbréithir, ná a dteanguidh bhías bhur ngrádh; achd a ngníomh agus a bhfírinne.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 18:21-22

Ar ndul do Pheadar na ionnsaidh an tráth sin, a dubhairt sé, A Thighearna, gá a mhioncachd do dheana mo dhearbhráthair coir a maghaidh, agus mhaithfeas mé dhó? an go nuige an seachdmhadh húair? A deir Iósa ris, Ni abruim riot, Gus an seachdmhadh húair a mháin: achd, Go soithe seachdmhoghad seachd nuáire.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lúcás 6:36

Ar a nadhbharsin bíthísi trócaireach, mar atá bhur Nathuir trocuireach.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 15:1

Iompoighidh freagra mhacánta fearg: acht brostuighid bríathra borba a nfearg.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 13:10

Ní dhéanann grádh olc don chomharsain: ar a nadhbharsin a sé an grádh coimhlionadh an dlighe.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Corantaigh 13:4-7

Atá an grádh fadfhoighideach, deaghchróidheach; ní ghabhann an grádh tnúth; ní dhéanann an ghradh ní ar bith go neamhchóir, ní máoithmheach é, Ní dhéanann ní ar bith ré taircuisne, ní iarran sé na neithe bheanus ris féin, ní sobhrosduighe é chum feirge, ní smuáineann sé ar a nolc; Ní dhéanann gáirdeachus sa néugcóraidh, achd gabhuidh sé gáirdeachus sa bhfírinne; Fuilngidh sé na huile neithe, creidigh sé na huile neithe, bí muinighin aige as na huile neithibh, iomchraidh rís na huile neithibh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Colosaigh 3:13

Ag tabhair íomchair dhá chéile, agus ag maitheamh dhá chéile, má tá gearan ag neach a nadhuigh aroile: amhuil tug Críosd maitheamhnas díbhse, go madh hamhluidh sin dhéunas sibhse.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Filipigh 2:3

Gan éinní tré chonnsbóid ná tré ghlóir dhíomháoin; achd a númhlachd inntinne measadh gach áon gur fear neach eile na é féin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 14:19

Uime sin leanum na neithe bheanus ré soithcháin, agus na neithe bheanus ré follamnughadh a chéile.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Peadar 4:8

Agus roimh na huile neithibh bíodh grádh ro dhioghraiseach aguibh dhá chéile: óir cuirfidh an grádh folach ar iomad peacadh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 35:13-14

Acht misi, a núair do bhádar easlán, bá saicéadach mo chulaidh: dumhluighios manum re troscadh; agus dfill mo ghuidhe am ucht féin. Diomchras mé féin amhluidh is gur bhé mo charuid nó mo dhearbhrathair é: dumhluighios a nduibhéadach, mar an té do ní doilghios ar son a mhathar.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 16:7

A nuáir thaitnid slighthe an duine leis an TTIGHEARNA, do bheir sé air a námhaid féin bheith síodhach ris.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Séamas 1:19-20

Uime sin, a dhearbhráíthre grádhacha, bíodh gach áon ullamh chum éisdeachda, mall chum labhartha, mall chum feirge: A dhearbhráithre, measuidh na ró gháirdeachas an tan thuitfeas sibh a gcaithighthibh éugsamhla; Oír ní oibrigheann fearg dhuine fíréuntachd Dé.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eoin 13:34-35

Do bheirim áithne núa dhíbh, Grádhuighe a chéile; mar do ghrádhuigh misi sibhsi, grádhuighidh féin a chéile amhluidh sin. Air so aithéonaid na huile dháoine gur deisciobail dhamhsa sibh, má bhíonn grádh aguibh féin dá chéile.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Corantaigh 16:14

Déanaidh na huile neithe maillé ré grádh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eifisigh 5:1-2

Uime sin bighidhse bhur luchd leanmhana Dé, mar chloinn ghrádhuigh; Ar mbeith dháoibh ag dearbhadh créd é an ní iona mbí deagthoil an Tíghearna. Agus ná bíodh cumann aguibh ré hoibrighibh neamhtharbhacha an dorchaduis, achd go madh luáithe ríbh dhá lochdughadh. Oír as gráineamhuil ré a ninnisin amháin na neithe do níd síad ós íseal. Gidheadh bíd na huile neithe follas ar mbeith dhóibh diomolta ón tsolas: óir a sé an solas do ní gach ní gach ní foillsighe. Uime sin a deir sé, Músguil a dhuine átá ad chodladh, agus éirigh ó na mharbhuibh, agus do bhéura Críosd solas duit. Uime sin tábhruidh dá bhur náire cionnas do thiucfadh ribh siúbhal go haireach: ní mar dhruing gan eagna, achd mar dhruing eagnuidhe, Ag fúasgladh na haimsire do bhrígh go bhfuilid na laethe go holc. Uime sin na bíghidh neamhghlic, achd tuigidh créd í toil an Tíghearna. Agus ná bíghidh ar meisge ó fhíon, iona bhfuil cráos; achd bíghidh ar bhur líonadh don Sbioruid; Ag lábhairt ré chéile a salmuibh agus a bhfonnuibh diagha, agus a gcaintighibh sbioradálta, ag seinm agus ag déunamh ceóil do Tíghearna ann bhur gcróidhthibh. Agus siúbhluidh a ngrádh, amhuil do ghrádhuigh Críosd sinne, agus tug sé é féin air ar son a ofráil agus na iodhbairt dheaghbhaluidh do Dhía.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Eoin 4:16

Agus do aithneamhar agus do chreideamar an grádh atá ag Día dhúinn. Is grádh é Día; agus an tí chomhnuigheas a ngrádh, comhnuighe sé a Ndía, agus Día annsan.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 34:14

Dealuidh ris a nolc, agus déan maith; íarr síothcháin, agus lean í.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 8:35-39

Cía dhealóchus sinn ó ghrádh Chríosd? Trioblóid, nó amhgar, nó díbeirt, nó gorta, nó lomnochduighe, nó peiríacuil, nó cloidheamh? (Mar atá sgriobhtha, Is ar do shonsa mharbhthar sinn ar feadh an láoi; atámáoid air ar meas mar cháorcha ré huchd a marbhtha.) Achd, buáidhemíd ionnta so uile trés an té do ghrádhuigh sinn. Oír atá a dheirbhfhios agam, nach búdh héidir lé bás, na lé beatha, na lé hainglibh, ná lé húachdaranachuibh, ná lé cúmhachduibh, ná leis na neithibh atá do láthair, ná leis na neithibh atá chum teachda, Ná lé hairde, ná lé doimhne, ná lé creatúr ar bith eile, sinne dhéalughadh ó ghrádh Dé, atá a Niósa Críosd ar Dtighearna.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lúcás 10:25-37

Agus féuch, déirigh fear dlighe áirighe na sheasamh, ag cur chathaighthe airsion, agus ag rádh, A Mhaighhisdir, créd do dhéana mé ionnus go bhfuighinn an bheatha mharthannach doighreachd? Achd a dubhairt seision ris, Créd a tá sgríobhtha ann sa dligheadh? Cionnas léaghas tú? Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé, Gráidheochuidh tú do Thighearna Dia as do chroidhe uile, agus as tanam uile, agus as do bhríoghuibh uile, agus as da smúaintighthibh uile; agus do comharsa mar thu féin. Agus a dubhairt seision ris, As díreach do fhreagair tú: déanasa so, agus maírfidh tú. Achd ar mbeith dhósan, funnmhar ó a fhiréantachd féin da thaisbéanadh, a dubhairt sé re Híosa, Maseadh ciá hé mo chomharsa? Imthighidh: féuch, ataimse dá bhur gcur úaim mar úana a measg mhadradh allta. Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé, Do chúaidh duine áirighe siós ó lérusalem go Iérico, agus tárla a measg bhiothamhnach é, do shlad e, agus do loit é, agus do imthigh rompa, ar na fhagbháil leathmharbh. Agus tárla tré chinneamhain gur ghabh sagart áirighe síos sa tslighe sin: agus ar na fhaicsinsion dó, do ghabh sé thairis don táobh eile don tslighe. Agus mar an gcéadna Lebhita, a teachd chum a nionaid sin, ar na fhaicsin dó, do ghábh sé tháiris don táobh eile. Agus ar mbeith ag gabháil na sligheadh, do Shamaritánach áirighe, tháinic sé mar a raibh seision: agus ar na fhaicsin, do ghabh truáighe ghér dhó é Agus ar ndrud ris, do cheangail sé a chneadha, ag dortadh ola agus fióna ionnta, agus ar na chuir air a ainmhidhe féin dó, rug sé leis go tigh ósda é, agus do ghabh sé cúram na thimcheall. Agus ag imtheachd dó lá ar na mhárach, do bhean sé dhá phighinn amach agus tug sé don ósdóir iád, agus a dubhairt sé ris, Bíodh cúram agad fan fhearso; agus gibh bé chaithfeas tú as a chionn so, an tráth fhillfeadsa, do bhéara me dhuit é. A nois cía don triúrsa, bhreathnaigheas tusa, do bheith na chomharsain ag an tí úd thárla a measg na mbiothamhnach? Agus a dubhairt seísion, An tí ud do rinne trocaire air, Ar a nadhbhasin a dubhairt Iósa ris, Imthighsi agus déana mar an gcéadna.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 22:39

Agus is cosmhuil an dara háithne ría so, Gráidheóchuidh tú do chomharsa mar thú féin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Galataigh 6:10

Uime sin an feadh atá an tám aguinn, déunam maith do na huile dháoinibh, agus go mórmhór do luchd éintighe an chreidimh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 17:9

Gidh bé cheilios sárughadh íarruidh sé grádh; acht gidh bé athnúaighios cúis dealnigh sé cáirde.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eifisigh 4:26-27

Bíodh fearg oruibh, gidheadh ná déunuigh peacadh: ná maireadh bhur bhfearg go dul na gréine fáoi: Agus ná tuguidh áit do diábhal.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 7:12

Uime sin gach uile ní budh mían libh daoine do dhéunamh dhíbh, deúnaidhsi a leithéide dhóibhsean mar an gcéudna: oír a sé so an dligheadh agus na faighe.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 12:9

Bíodh bhur ngrádh gan cheilg. Bíodh gráin agaibh ar a nolc; agus ceangluigh don mhaith.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eabhraigh 10:24-25

Agus tugam aire dhá chéile ionnus go mbéam dhár mbrosdughadh féin chum grádha agus deaghoibrigheadh: Gan tréigean an chomhchruinnighe do níomaóid a gceann a cheile, do réir nóis dhruinge áirighe; achd ag teagusg a chéile: agus go madh móide dhéanam sín, an mhéid as léir dhibh an lá úd ag drúd rinn.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Eoin 3:11

Oír a sí so an teachdaireachd do chúalabhair ó thosuigh, eadhon sinne do thabhairt grádh dhá chéile.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 86:5

Oír tusa, a THIGHEARNA, atáoi maith agus maithfeach; agus ro thrócaireach don luchd ghairios ort.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Corantaigh 13:13

Agus a nois fanaid na trí neithesi, creideamh, dóthchas, agus grádh; gidheadh a sé an grádh is mó dhíobh so.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 5:10

Oir má, réidheadh eadruinne agus Día tré bás a Mhic, a nuáir do bhámar ar náimhdibh, is mó ná sin go mór, ar mbeith a nathmhuinnteardhas dúinn, choimhéadfuighthear sinn tré na bheathasan.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lúcás 6:32-33

Oír má tá grádh aguibh don mhuinntir ghrádhuigheas sibh, créud é an buidheachus bhías oruibh? óir grádhuighid ná peacthuigh féin na dáoine ghrádhuigheas íad. Agus má níthí maith don mhuinntir do ní maith dhíbh, créud é an buidheachus bhías oruibh? óir do níd na peachtuidh féin an gcéadna.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
2 Corantaigh 5:18-19

Agus as ó Dhía atáid uile, noch do reidhigh sinne ris féin tré Iósa Críosd, agus tug dhúinne miniosdrálachd an réitigh sin; Oír go deimhin, do bhí Día a Gcríosd, ag réiteach an tsáoghuil ris féin, gan conntus do dhéunamh ríu fá sa gcionntuibh; agus do chuir sé ionnuíne briathar an réitigh sin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Eoin 4:20

Dá nabra éinneach, atá grádh agum air Dhía, agus fúath bheith aige air a dhearbhráthair, is bréugach é: Oír cionnas is éidir don tí nach grádhuigheann a dhearbhráthair do chonnairc sé, grádh thabhairt do Dhía nach bhfacuidh sé?

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 10:12

Dúisgidh an fúath imreasuin: acht folchuidh an grádh na huile chionta.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 5:9

Is beannuighthe luchd na siothchána do dhéanamh: óir goirfidhthear clan Dé dhiobh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eifisigh 6:18

Ar mbeith díbh ag úrnuighe do shíor ré gach áoin ghné úrnuighe agus athchuinghe trés an Sbiorúid, agus ag féire sá ní gcéudna maille ré gach uile bhúanas agus ghuidhe ar son na nuile náomh;

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 6:12

Agus maith dhuinn ar bhfíacha, mar mhaithmídne dar bhréitheamhnuibh féin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Colosaigh 3:12-14

Uime sin cuiridh iomuibh, mar chloinn thoghtha, náomhtha ionmhuin Dé, innighe trócaire, cáoine, úmhlachd inntinne, ceandsachd, agus foighid; Ag tabhair íomchair dhá chéile, agus ag maitheamh dhá chéile, má tá gearan ag neach a nadhuigh aroile: amhuil tug Críosd maitheamhnas díbhse, go madh hamhluidh sin dhéunas sibhse. Achd ós cionn na neitheannsa uile biodh aguibh carrthannachd, noch as coimcheangal diongmháltachda ann.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eoin 15:13

Ní bhfuil grádh as mó ná so ag éinneach, ná a anam féin do thabhairt ar son a charad.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Filipigh 4:8

Tuille eile, a dhearbhraithre, gidh bé ar bithe neithe atá firinneach, gidh bé neithe atá trómgha, gidh bé neithe atá ceart, gidh bé neithe atá glan, gidh be neither as fíu grádh, gidh bé neithe ar a bhfuil deaghtheisd; ma tá súbhailcighe ar bith, agus má tá moladh, go madh híad bhías sibh a smuáineadh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 15:2

Uime sin déunadh gach áon aguinn toil a chomharsan ré maith chum follamnuighe.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Eoin 4:19

Bheirmíd grádh dhósan, do bhrígh gur ghrádhuigh sé sinn ar tús.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 7:1-2

Na beiridh breath, do chum nach mbéarthaói breath oraibh. Agus mas iásg iárrfus sém an nathair neimhe do bheúradh sé dhó? Ar a nadhbharsin, ma atá a fhios agaibhsi atá olc, tiodhluicthe maithe do thabhairt dá bhur gcloinn, a né nach mó ná sin do bhéuraidh bhur Nathairse atá air neamh neithe maithe don dreim iárrus air iád? Uime sin gach uile ní budh mían libh daoine do dhéunamh dhíbh, deúnaidhsi a leithéide dhóibhsean mar an gcéudna: oír a sé so an dligheadh agus na faighe. Imthighidh a sdeach sa dorús chumhann: óir is farsing an dorus, agus is leathan an tslighe, thréoraigheas do chum damanta, agus is mór théid a sdeach thríthe: Do bhrígh gur cumhann an doras, agus is caól an tslighe thréoraigheas chum na beatha, agus is beag do gheibh eólus uirrthe. Coimhéadaigh sibh féin ar na fáigheannaibh fallsa, thig chugaibh a gculaidhibh caórach, agus a tá leith a sdigh na madruidh állta fhúaduigheachda. Air a ttórrthaibh aitheóntaoi íad. An gcrunnighid daóine caóra fíneamhna do dhriseach, no fígighe do na fothannanaibh? Is mar sin do bheir gach uile chrann maith tórrtha maithe; achd do bheir an drochchrann drochthórrtha. Ní héidir leis an gcrann maith drochthórrtha diomchar, na leis an gcrann gcrion tórrtha maithe do thabhairt. Gach uile chrann nach iomchrann toradh maith gearrthar é, agus téilgthear san teinidh é. Oír is do réir na breithe bheirthí, bheúrhar breath oruibh: Agus is leis an miosúr thomhaistí, toimheósfuidhthear dháoibh a rís.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 37:5-6

Táobh do shlighe ris an TTIGHEARNA; agus cuir do dhóigh ann; agus do dhéana sé é. Agus do bhéaruidh sé amach thfíreuntachd mar an solus, agus do bhreitheamhnus mar sholus an mheadhon laói.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Peadar 2:21-23

Oír is chuige so fós do goireadh sibh: óir do fhúluing Críosd mar an gcéudna air ar soinne, ag fábháil sómpla aguinn, ionnus go leanfadh sibh a lorg: An tin ach dearnuidh peacadh, agus ag nach fríth meabhail na bhéul: An tí, nach dearnuidh anchaint, a naghuidh na hanchainte do rinneadh air; nach dearnuidh bagair, ag fulang dho; achd tug é féin a láimh an tí do ní breitheamhnus go ceart:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 12:14

Tabhruidh bhur mbeannachd don dreim dhíbhreas síbh: tabhruidh bhir mbeannachd dóibh, agus na malluidhe íad.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eabhraigh 12:14

Leanuigh síothchain ris na huile dhaóinibh, agus náomhthachd, óir gan í ní fhaicfidh éinneach an Tíghearna.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 11:17

Do ní an duine trócaireach maith dhá anam féin: acht an té bhíos éattrocaireach buáidhridh sé a fheóil féin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 12:10

Bíodh toil aguibh dhá chéile maillé ré grádh bráithreamhuil; ag tabhairt onóra uáibh gach áon ag dul roimhe a chéile;

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 25:40

Agus freagóruidh an Rí agus a déara sé ríu, A deirim ribh go fírinneach, An feadh do rinneabhair é don duine is lugha do na dearbhráithreachaibhsi agumsa, go ndearnabhair dhamhsa é.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eifisigh 4:29

Ná tigheadh bríathar ar bith thruáillighe amach as bhur mbéul, achd gidh bé bríathar fhoghnas chum follamnuighthe, ionnus go dtíubhradh grása don luchd éisdeacha.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 19:11

Cuiridh discréid duine a fhearg air cáirde; agus isí a ghlóir míríaghuil do léigean thairis.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Peadar 5:5

Mar an gcéudna, a dhaóine óga, tuguidh úmhladh do na sinnsearuibh. Agus bíghidh uile úmhal dá chéile, déunuidh sibh féin deaghmhaiseach don táobh a stigh ó úmhlachd inntinne: óir cuiridh Día a naghuidh na nuáibhreach agus do bheir grása do númhal.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Séamas 5:16

Admhuighe bhur gcionta dhá chéile, agus déunuidh guidhe ar son a chéile, chum go leighéosfuidh sibh. Oir as mór an bhrígh atá a nurnuighe dhúthrachduigh a nfíréin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Eoin 2:10

An tí ghrádhuigheas a dhearbhráthair atá sé na chomhnuighe sa tsolas, agus ní bhfuil oilbhéim ann.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 5:7

Is beannuighthe na daóine trócaireacha: óir do gheabha síad trócaire.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Galataigh 5:22-23

Achd a sé as toradh don Spiorúid grádh, gáirdeachas, síothcháin, foíghid fhasa, ceannsachd, rún maitheasa do dhéunamh, creideamh, Macántas, measardhachd: ní bhfuil dligheadh a nadhuigh a samhuil sin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lúcás 17:3-4

Tabhraidh bhur naire dhíbh féin: Má pheacaigheann do dhearbhrathair ad aghaidh, imdhearg é; agus má ní sé aithrighe, tabhair maitheamhnus dó. Is da réir so bhias ar an lá ann a bhfoillseochthar Mac an duine. Ann sa lá sin, an té bhiás a tigh, agus a mháoin ann sa tighsin, ná tuirlingeadh sé chum a dtógbhála: agus an tí atá ar an machaire, na casadh sé tar a ais mar an gcéadna. Cuimhnighe ar mhnáoi Lot. Gidh bé neach iárrfas a anam féin do shabháil caillfidh sé é; agus gidh bé chaillfeasa anam beodhfuidh sé é. A deirim ribh, béid diás a náoinleabaigh ann sa noidhche úd; geubhthar lé háon aca, agus fúighfighthear an fear eile. Beid diás ban ag bróinteórachd a náoinfheachd; géubhthar lé mnáoi aca, agus fuigfighthear an dara bhean. Beid diás fear ar an machaire; géubhthar lé háon aca, agus fuigfighthear an fear eile. Agus ar bhfreaga dhóibhsion a deirid ris, Gá háit, a Thighearna? Agus a dubhairt seision riú, Gidh bé ball a mbíu an corp, is ann sin fós chruinneochthar na hiolair. Agus má pheacaigheann sé ad aghaidh seachd nuáire sa ló, agus go bhfillfe sé chugad seachd nuáire sa ló, ag rádh, Atá aithreachas oram; tabhair maitheamhnus dó.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 5:39

Achd cheana a deirimsi ribh, Na cuiridh a naghaidh a nuilc: achd giodh bé neach bhúailfeas tú air do ghíall deas, iompóigh chuige fos an gíall oile.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eifisigh 5:21

Ag déunamh úmlachda dhá chéile a neagla Dé.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 41:1-2

Is beannuigh аn té do bheir aire don bhochd: sáorfuidh an TIGHEARNA é a ló a nuilc. Acht tusa, a THIGHEARNA, déan trócaire orum, agus tóg súas mé, agus do bhéur luáigheachd dóibh. Air so aithnighim go bhfuil dúil agadsa ionnam, do bhrígh nach déanuid mo naimhde caithréim ós mo chionn. Acht ar mo shonsa, congmha tú súas mé ann mo iomláine, agus cuirfir mé ós coinne haighthe go bráth. Go madh beannuigh bhías an TIGHEARNA Día Israel ó shíorruidheachd, agus go síorruidhe. Amen, Amen. Cuimhdeochuidh an TIGHEARNA é, agus coimhéadfa béo é; biáidh sé beannuigh air an ttalamh: agus ná tábhairsi é do thoil a námhad.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eoin 3:16

Oír is mar so do ghrádhuigh Día an domhan, go dtug sé a éighein Meic fein, ionnus gidh bé chreideas ann, nachd rachadh sé a mugha, achd go mbeith an bheatha shiorruidhe aige.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 18:35

Agus is mar sin do dhéana Máthair neamhdhasa ribhsi, muna maithfe gach áonduine agaibh da dhearbhrathair ó bhur gcroidhthibh a gcionnta.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eabhraigh 13:1-2

Biodh grádh bráithreamhuil go comhnuigheach eadruibh. Atá altóir aguinne, dá nach bhfuil a gcúmhachdaibh na druing do ní seirbhis don tabearnácail ní íthe. Oír na hainmhinntighe, agá mbeireann an tárdsagart a bhfuil leis a steach don níosdadh náomhtha ar son peacadh, loisgthear a guirp don táobh a muígh don champa. Uime sin do fhúlaing Iósa an pháis mar an gcéudna, don táobh amuígh don gheata, chum an phubail do náomhadh dhó ré na fhuil féin. Ar a nádhbharsin imthigheam amach as an gcampa chuigesion, ag iomchur masla air a shon. Oír ní bhfuil cathair chomhnuigheach aguinn ann so, achd atá iarruidh aguinn ar an gcathruigh atá chum teachda. Uime sin foráileam thrídsion do ghnáth íodhbairt mholta do Dhía, eadhon toradh na mbéol admhuigheas a ainm. Ná dearmaduigh maith agus cúmann do dhéunamh: óir dí dúil ag Día ann a samhuil sin díobarthuibh. Tábhruidh úmhlachd do luchd bhur dtréoruighthe, agus íslighe sibh féin dóibh: óir bíd siad ag faire bhur nanmann mar an luchd bhéuras conntas úathadh, chum so do dhéunamh dhóibh maille ré gáirdeachas agus ní ré hosnaighibh: óir as neamhtharbhach dhíbhse so. Déunuidh úrnuighe air ar soinn: óir is muinighneach sinn as coinnsías maith do bheith aguinn, ar mbeith fonnmhar dhúinn ar sinn féin diomchar go cubhaidh sna huile neíthibh. Agus as móide shírim so oruibh, ionnus go madh lúathaide gheábhus sibh mé aiseag dhíbh a rís. Ná dearmaduigh aóidheachd thabhairt do chóímthighachuibh: óir dá réir so tugadar dream áirighe aóidheachd dainglibh gan fhios dóibh féin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 22:1

Is córa ainm maith do bhreith do roghain ná saidhbhrios mór, agus fabhar gradhach tar airgid agus tar ór.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 15:7

Uime sin gabhaídh chugaibh a chéile, do réir mar do ghabh Críosd sinne chuige chum glóire Dé.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Corantaigh 8:1

Tuilleadh eíle a dtáobh na neitheann iodhbarthar diodhaluibh, atá a fhios aguinn go bhfuil éolus aguinn uile. Arduighe an teólus inntínn dhuine, achd do ní an grádh follamnughadh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Colosaigh 4:5-6

Siúbhluidh go héagnuidhe a dtáobh na druinge atá a muíth, ar mbeith dhíbh ag fúasgladh na haimsire. Bíodh bhur gcomhrádh do ghnáth grásamhuil, ar na thumadh a salann, ionnas go mbíadh a fhios aguibh cionnas as coir dhíbh gach áon do fhreagra.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Séamas 2:8

Gidheadh dá gcoimhlíona sibh an reachd ríogha do réir an sgriobtúir, Gradhuigh do chómharsa mar thú féin, as maith do ní sibh é:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lúcás 6:31

Agus mar as toil libh dáoine do dhéunamh dhíbh, deunuidhsi mar an gcéudna dhóibhsin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 3:27

Ná connaimh maith ón ndruing dar dúal í, a nuáir bhías sé a ccumas do laimhe ré na dhéanamh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Filipigh 2:4

Nár ab íad na neithe bheanais ris féin bhéuras gach áon dá aire, achd gach áon na neithe fós bheanas ré dáoinibh eile.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 10:16

Féuch, cuirimse sibhse mar cháorchaibh a measg mhadradh állta: ar anadhbharsin bídhidh glic mar na haithreacha neimhe, agus neamburchóideach mar na colama.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
2 Corantaigh 1:4

Do bheir furtachd dúinn ann ar nuile thriublóid, ionnus go dtiucfadh dhínn comhfhurtachd do thabhairt don druing ar a mbí buáidhreadh ar bhith, trés an gcomhfhurtachd ré a bhfaghmaóid féin furtachd ó Dhía.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 82:3-4

Déanaidh ceart don bhocht agus don dílleachta: déanuidh cóir don duine chráite agus do neasbhuidheach. Sáor an bocht agus an ríachtanach: ó láimh an duine urchóidigh tárthuigh é.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Corantaigh 10:24

Nár ab é a ní bheanus ris féin shírfeas neach ar bith, achd síreadh gan áon a ní rachus a sochar da chomharsuin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eifisigh 6:7-8

Maille ré deagthoil ag déunamh seirbhíse, amhuil do Tíghearna, agus ní do dháoinibh: Ar mbéith a fheasa aguibh gidh bé maith do dhéunas gach áon, go bhfuighe sé a lúaidheachd ón Dtíghearna, más dáor nó sáor é.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 6:21

Oír goidh bé ball iona bfuil bhur nionnihas, is ann sin bhiás bhur gcroidhe mar an gcéadna.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 112:5

Atá an duine maith grásamhuil, agus áirleacthach: ceannsochaidh sé a bhríathra le breitheamhnus.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Peadar 3:15

Achd náomhuígh an Tíghearna Día ann bhur gcróidhthibh: Agus bíghidh ullamh do ghnáth lé freagra thabhairt uáibh do gach aóinneach shireas oruibh réusun na muinighne atá aguibh maille ré ceannsachd agus ré faitcheas:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Teasalónaigh 4:9

Achd a dtáobh ghrádh bhráithreamhuil ní bhfuil sibhse a riachdanas sgríobhadh chuguibh: óir do teaguisgeadh sibh ó Dhía, chum a chéile do grádhughadh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lúcás 6:28

Tabhruidh bhur mbeannachd don dreim mhalluigheas sibh, agus déunuidh urrnaíghe ar son na muinntire do ní bhur ndíoghbháil.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 25:15

Le hiomchar fada cláochluighthior prionnsa, agus brisigh teanga bhog an cnáimh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 8:1

Ar a nadhbharsin ní bhfuil damnughadh ar bith a nois don dreim atá a Niósa Críosd, nach siobhlann do réir na féola achd do réir na Spioruide.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 31:26

Oscluidh sí a béul re gliocus; agus iona teangaidh atá dligheadh an chinéultais.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
2 Tiomóid 2:24-25

Oír ní coir do shearbhfoghantuidhe an Tíghearna bheith ceannarraiceach; achd bheith ceannsa ris na huile dháoinibh, réidh chum teaguisg, ag iomchar ré drochdháonibh, Ag teagusg na druinge bhíos conntrarrdha dhá inntinn maille ré ceannsachd; dféuchain an dtiubhradh Día aithrighe dhóibh uáir ar bith chum na fírinne dadmháil;

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Séamas 3:17-18

Achd a néagna úd ó neamh atá sí glan ar tús, na dhiáigh sin síothchánta, ceannsuigh, sótheaguisg, lán do thrócaire agus do dheaghthórtuibh, gan chláon, gan fhallas. Agus síolchurthar toradh na fíreuntachda a síothcháin do luchd déunta na síothchána.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Colosaigh 3:23-24

Agus gidh bé ar bith ní do ní sibh, déunuidh é ó chroídhe, amhuil don Tíghearna, agus ní do dhaóinibh; Ar mbeith a fheasa aguibh go bhfuighe sibh ón Dtíghearna luáidheachd oighreachda: óir as don Tíghearna Críosd do ní sibh seirbhis.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Teasalónaigh 3:12

Agus go méuduighe an Tíghearna sibh agus go dtuguidh fó deara dhibh líonadh a ngrádh dhá chéile, agus do na huile dhaóinibh, do réir mar atámuidne fós díbhse:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 12:18

Mas féidir é, an mhéid thig dhíbhsé dhe, bíodh síothcháin agaibh ris na huile dhaóinibh

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Eoin 5:3

Oír a sé so grádh Dé, eadhon sinne do choimhéud a aitheantadh: agus ní bhfuilid a aitheanta trom.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 22:6

Teagaisg an leanabh sa ntslighe ann ar choir dho imtheachd: agus tan bhías sé áosta, ní thréigfidh sé í.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eifisigh 5:15-16

Uime sin tábhruidh dá bhur náire cionnas do thiucfadh ribh siúbhal go haireach: ní mar dhruing gan eagna, achd mar dhruing eagnuidhe, Ag fúasgladh na haimsire do bhrígh go bhfuilid na laethe go holc.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 13:8

Ná bíodh fíacha ag áoin neach oraibh, achd amháin sibh féin do ghrádhughadh a cheile. (Oír an tí ghrádhaigheas a chómharsa do choimhlíon se an dligheadh.)

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 5:13-16

Is sibhsi salann na tulmhan: gidheadh dá ccaillfeadh an salann a bhlas, creúd lé a saillfidhthear é? ni bhfuil féidhm air ó sin súas, achd a thilgean a mach, agus a shailart fá chosaibh dáoine. Is sibhsi solus an domhain. Ní héidir cathair atá ar na suighiughadh ar shlíabh dfolach. Agus ní lasaid dáoine coinneal do, chum go gcuirfidis fa bhéul buiséal í, achd a gcoinnléoir; agus ní sí solas dá a mbíonn a stigh. Go madh mar sin dhealróchus bhur soillsisi a bhfíaghnuisi na ndáione, a gcrúth go bhfaicfidh síad bhur ndeaghoibrighthe, agus do dtiobhruid glóir dá bhur Nathair atá ar neamh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 34:13-14

Coimhéad do theanga ó urchóid, agus do bhéul ó labhradh ceilge. Dealuidh ris a nolc, agus déan maith; íarr síothcháin, agus lean í.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
2 Corantaigh 6:6

A ngeanmnuidheachd, a néolus, a niomchar fhada, a macántas, máille ris an Sbiorad Náomh, máille ré grádh neamhfhallsa,

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Corantaigh 6:12

Atáid na huile neithe dlisdeanach dhamh, achd ní bhfuilid uile tarbhach: atáid na huile neithe dlisdeanach dhamh, gidheadh ní béarthar fáoi chúmhachda éinneithe mé.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 14:1

Gabhaidh chugaibh an tí atá éagcruáidh sa gcreideamh, achd ní chum ímreasan diosbóireachda.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 6:14

Oir ma mhaithi a gcionnta do dháonibh, maithfidh bhur Nathair neámhdha dáoibhsi mar an gcéadna:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Colosaigh 2:2

Ionnus go mbíadh sólás air ccroidhthibh, ar mbeith dhóibh dluthuighe ré chéile a ngrádh, agus a nuile shaidhbhrios sháirdhearbhthachd tuisge, chum éolais rúindíamhra Dé, eadhon a Nathar, agus Críosd;

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lúcás 14:12-14

Agus fós a dubhairt sé ris an té thug cuireadh dhó, An tráth do dhéanas tú dinnéir nó suipéir, ná goir do cháirde ná do dhearbhraithre, ná do dháoine gáoil, ná do chomh arsanna saidhbhre; ar eagla go dtiobhradh siadsan fós cuireadhdhuitse arís, agus go bhfúoghtheá an chomáoin chéadna. Achd an tan do ní tú féasda, goir na boichd, na dáoine ciorthuimeacha, na bacaigh, agus na doill: Agus biádh tú beannuighe; do bhrigh nach bhfuil acfuinn aca an chomáoin cheadna do thabhairt dhuit: óir do bhéarthar a luáidheachd dhuit a neiséirghe na bhfíréun.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Filipigh 4:5

Bíodh suáimhneas bhur ninntinne follas do na huile dhaóinibh. Atá an Tíghearna láimh ribh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eoin 12:26

Gidh bé ní seirbhís damhsa, leanadh sé mé; agus mar a mbía misi, bíaidh mo sheirbhiseach ann mar an gcéadna: gidh bé dhéanas seirbhís damh, bhéura Mathair onóir dhó.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 5:16

Go madh mar sin dhealróchus bhur soillsisi a bhfíaghnuisi na ndáione, a gcrúth go bhfaicfidh síad bhur ndeaghoibrighthe, agus do dtiobhruid glóir dá bhur Nathair atá ar neamh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 139:23-24

Cúartuigh mé, a Dhé, agus tuig mo chroidhe: teastuidh me, agus tuig mo smuáintighe: Agus féuch an bhfuil slighe ar bith chiontach ionnam, agus treóruidh mé a slighe na síorruidheachta.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Corantaigh 13:5

Ní dhéanann ní ar bith ré taircuisne, ní iarran sé na neithe bheanus ris féin, ní sobhrosduighe é chum feirge, ní smuáineann sé ar a nolc;

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 12:20

Cealg bhíos a ccroidhe na droinge noch smuáinios an tolc: acht do chomh-airleachaibh na síothchána atá gáirdeachus.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Eoin 3:1

Tuguidh dá bhur naire, créd é méud an ghrádha tug an Tathair dhúinne, as a ngoirfidhe clann Dé dhínn: is uime so nach aithnidh don tsáoghal sinn, do bhrígh nach aithnidh dhó eisean.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 5:11

Acht gáirdigheadh a nuile dhuine do chuir a dhóigh ionnadsa: gáiridís lé lúathgáir go bráth, do bhrígh go ccumhduigh tusa íad: bidís mаr an ccéadna an dream learab ionmhain thainm, lúathgáireach ionnad.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Galataigh 5:25

Más beó dhúinn sa Sbiorúid, siubhlam mar an gcéudna sa Sbiorúid.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 19:19

Onóruigh hathair agus do mhathair: agus, Grádhuigh do chomharsa mar thú féin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lúcás 6:36-37

Ar a nadhbharsin bíthísi trócaireach, mar atá bhur Nathuir trocuireach. Agus ná beiridh breath, agus ní bhéurthar breath oruibh: ná damnuighe, agus ní daiméontar sibh: maithidh, agus maithfithear dháoibh:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eifisigh 4:15

Achd ar mbeith dhúinn ag leanmhuin do fhírínne a ngrádh, fásam sna huile neithibh, chum an tí as ceann ann, eadhon Críosd:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Eoin 2:9

An tí a deir é féin do bheith sa tsolas, agus fhúaithigheas a dhearbhráthair, atá sé sa dorchadus gus a nois.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 4:23

Coimhéad do chroidhe re úile chiollachd; óir is as sin thigid toibreacha na beatha.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 13:13

Síubhlam go cubhaidh amháil sa ló; ní a gcráos ná a meisge, ná a seómradóireachd ná a macnus, ná a gceannarraic ná a dtnúth.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 9:13

Achd imthigh, agus foghlomaigh a chíall so, Trócaire is áill leam, agus ní hiódhbuirt: óir ní tháinic misi do ghairm na bhfíréunach, achd na bpeacach do chum aithrighe.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
2 Corantaigh 8:7

Uime sin, amhuil atá sibh iomlán sna huile neithibh, a gcreideamh, agus a mbréithir, agus a néolas, agus fa nuile dhúthrachd, agus a ngrádh dár dtaóibhne, gur mar sin bhías sibh iomlán sa ngrássa mar an gcéudna.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eabhraigh 13:5-6

Seachnuidh sibh féin ar shaint; go madh lór libh na neithe atá a lathair aguibh: oír a dubháirt sé, Ní dhealocha mé riot, agus ní thréigfead thú. Ionnus gur féidir linn a rádh go dána, Sé an Tíghearna mfear cabhartha, agus ni bhiáidh eagla oram fá ní dhar féidir do dhuine dhéunamh oram.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 119:64

A THIGHEARNA, atá an talamh líonta dot thrócaire: teagaisg do reachda dhamh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 3:23

Oir do pheacaigh a nuile dhuine, agus atáid a négmhuis ghlóire Dé;

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eoin 17:20-21

Ní ar a sonsan amháin do ním guidhe, achd mar an gcéudna ar son na ndaóine chreidfios ionnam tre na mbreithirsean; Ionnus go mbéidis uile náon; mar atá tusa, a Athair, ionnamsa, agus misi ionnadsa, ionnus go mbéidision mar an gcéadna na náon ionnuinne: ionnus go gcreidfeadh an sáoghal gur tusa do chuir uáit mé.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 22:37-40

Agus a dubhairt Iósa ris, Gráidheóchuidh tú do Thighearna Día léd chroidhe uile, agus léd anam uile, agus léd smuáintiughadh uile. A sí so an chéad aithne, agus a naithne mhór. Agus is cosmhuil an dara háithne ría so, Gráidheóchuidh tú do chomharsa mar thú féin. A rís, do chuir sé shearbhfhoghantuidhe eile chuca, da rádh, Abruighsi ris an mhuinntir úd dár tugadh cuireadh, Féuch, do ullmhuigh mé mó dhínnéir; á táid mo dhaimh agus mainmhinntighe bíadhta ar na marbhadh, agus a tá gach uile ní ullamh: tigidh chum na bainnse. Is ann sa dá aithnese atá suim an dlighe, agus na bhfáidheadh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 25:11

Is cosmhuil focal labharthar go hiomchubhaidh ré húbhlaibh óir a bpictíuruibh airgid.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Peadar 4:10

Ag déunamh miniosdralach dá chéile, gach áon réir tiodhlaice fuáir sé, mar fheadhmanntacha maithe ghrás eugsamhui; Dé.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Corantaigh 12:31

Achd bíodh mían na súbhailceadh as fearr oraibh: agus foillseochaidh mé slighe dhíbh ré mbéura sibh bárr.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 119:165

Atá síothcháin mhór don lucht ghrádhuigheas do dhligheadhsa: agus ní bhfuil ceap tuislighe na naghaidh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Galataigh 3:28

Ní bhfuil Iúduighe na Gréugach, ní bhfuil sáor na dáor, ní bhfuil fear na bean: óir is áon sibh uile a Niósa Críosd.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Colosaigh 1:11-12

Ar bhur neartughadh maille ris a nuile neart, tré na chúmhachd glórmharsan, chum na huile fhoighide agus fhulaing maille ré gáirdeachas; Ag breith bhuídheachais ris a Nathair, noch do rinne sinne iomchubhaidh chum coda dóighreachd na náomh sa tsoillse:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lean orainn:

Fógraí


Fógraí