Agus do labhair Día na bríathra so uile, ag rádh, Ach sé an seachdmhadh lá sábóid an TIGHEARNA do Dhía: ní dhéana tú obair ar bith ann, tú feín, nó do mhac, nó hinghean, hóglach, nó do bhanoglach, no táirnéis, nó do choimhightheach atá táobh a stigh dot dhoirsibh: Oir ís a sé láethibh do rinne an TIGHEARNA neamh agus talamh a nfairge agus a nuile ni atá ionta, agus do scuir sé an seachdmhadh lá: uime sin do bheannuidh an TIGHEARNA lá na sábóide, agus da naomhuigh é. Onoruigh hathair agus do mhathair: ionnus go ma fada do laethe ar an ttalamh noch do bheir an TIGHEARNA do Dhía dhuit. Ní dhéana tú dúnmharbadh. Ní dhéana tú adhaltrannas. Ní dhéana tú goid. Ní bhéura tú fíaghnuisi bhréige a naghuidh do chomharsan. Ní shainteocha tú tigh do chomharsan, ní shainteocha tú bean do chomharsan, nó óglach do chomharsan, nó a bhanóglach, nó a dhamh, nó a assal, no énni is lé do chomharsaín.
Agus grádhochuidh tú an TIGHEARNA do Dhía réd chroidhe uile, agus réd anam uile, agus réd chumhachduibh uile. Agus béid na bríathraso, aithnighimsi dhíot a niugh, ann do chroidhe:
Agus a dubhairt Iósa ris, Gráidheóchuidh tú do Thighearna Día léd chroidhe uile, agus léd anam uile, agus léd smuáintiughadh uile. A sí so an chéad aithne, agus a naithne mhór. Agus is cosmhuil an dara háithne ría so, Gráidheóchuidh tú do chomharsa mar thú féin. A rís, do chuir sé shearbhfhoghantuidhe eile chuca, da rádh, Abruighsi ris an mhuinntir úd dár tugadh cuireadh, Féuch, do ullmhuigh mé mó dhínnéir; á táid mo dhaimh agus mainmhinntighe bíadhta ar na marbhadh, agus a tá gach uile ní ullamh: tigidh chum na bainnse. Is ann sa dá aithnese atá suim an dlighe, agus na bhfáidheadh.
Má choimhéudtaói maitheanta, fanfuidhe am grádh; mar do choimhéud misi aitheanta Mathar, agus fanuim ann a ghrádh.
Oír a sé so grádh Dé, eadhon sinne do choimhéud a aitheantadh: agus ní bhfuilid a aitheanta trom.
¶ Agus a nois, a Israel, cread atá do THIGHEARNA Día diarraidh ort, acht eagla do THIGHEARNA Día de bheith ort, siubhal iona shlighthibh uile, agus a ghrádhughadh, agus serbhís do dhéanamh dot THIGHEARNA Día maille red uile chroidhe agus led uile anum, Aitheanta an TIGHEARNA do choimhéad, agus na reachda, noch aithníghimsi dhíot aniugh ar son do leasa?
Ní dhealochuidh an leabharsa an dlighe red bhéul; achd biáidh tú ag meabhair ann do ló agus doidhche, chor go ttiubhra tú haire do nuile ní da bhfuil sgriobhtha ann do dhéanamh: óir ann sin do dhéana tú do shlighe suthuin, agus éireochuidh leachd go maith annsin.
Ní é gach uile neach a deir riomsa, A Thighearna, A Thighearna, rachas a sdeach sa rióghachd neamhdha; achd an té do ní toil Mhatharsa atá áir neamh.
A mhic, ná dearmaid mo dhligheadh; acht coimhéadadh do chroidhe maitheanta: Marsin líonfuighear do scioból lé saídhbhrios, agus brisfid do chantaóirighe amach le fíon núadh. A mhic, na tarcuisnigh smachtughadh an TIGHEARNA; agus na bí curtha dhá cheartughadh: Oír an té ghrádhuighios an TIGHEARNA, smachtuighidh sé é; amhuil athair an mac iona mbí a dhúil. Is beanuighe an té do gheibh eagna, agus an duine do gheibh tuigsi. Oír is féarr a ceanniugheacht ná ceannuigheacht airgid, agus a sochar ná ór glan. Is mórluáigh go mór í náid na clocha uaisle: agus na huile neithe is áoibhinn leachd ní coimhmeas ría íad. Atáid fad láethe ann a deasláimh; agus ann a láimh chlé saidhbhrios agus onóir. Is slighthe soláis a slighthe, agus is síodhchain a casáin uile. Is crann beatha í don druing ghlacus greim dhí: agus is beanuighe gach aon dá bhfostoighionn í. Do shuighidh an TIGHEARNA an talamh le na ghliocas; le tuigse do dhaingnidh sé na flaitheamhnuis. Oír do bhéaruid síad chugad, fad láetheadh, agus sáoghal fada, agus síothcháin.
Agus a dubhairt Samuel, An bhfuil oirid dúile ag an TTIGHEARNA a nofráluíbh loisge agus a níodhbarthaibh, mar atá aige a numhla do ghlór an TIGHEARNA? Féuch, Is féarr umhlughadh ná íodhbairt, agus éisdeachd ná méathas reitheadh.
Gidh bé agá bhfuilid maitheantasa, agus choimhéadas íad, as é sin ghrádhuigheas misi: agus gidh be ghrádhuigheas mise gráidhéochaidh Mathair eisean, agus gráidhéochuidh misi é, agus foillseochad mé féin dó.
Agus bíghidh bhar luchd na bréithre chur a ngníomh, agus ní bhur luchd a héisdeachda amháin, dá bhur mealladh féin.
¶ Má shíubhluighthí ann mo statúidibh, agus maitheanta do choimhéud agus a ndéanamh; Agus scríosfa misi bhur náite árda, agus gearrfa mé síos bhur níomhaighe, agus teilgfe mé bhur gconablach ar chonablachuibh bhur niodhal, agus fuaitheochuidh manam sibh. Agus do dhéana mé bhur gcaith reacha na bhfásách, agus do bhéura mé bhur sanctóra chum uáíguis, agus ní bhoiltneacha me boladh bhur mboltanuis ndeaghbholuidh. Agus do bhéura mé an tír chum uáignis agus bhur náimhde áiteochus innte: biáidh úamhán orra fán ní sin. Agus scainnreocha mé sibh a measc ná ngenteadh, agus tairreonga mé cloidheamh amách bhur ndiáigh: agus biáidh bhur ndúthaigh uáigneach, agus bhur gcaithreacha na bhfasach. Annsin choinneochus an talamh a sabbóidigh, an fad bhías se folamh, agus beithíse a ttír bhur námhad; is annsin shuáimhneochus an talamh, agus buáidheochtháoi a sabbóidigh. An feadh bhías sé gan áitreabh biáidh suáimhneach; do chionn narshuáímhnigh sé ionbhur sabbóidibhsi, in feadh do chomhnuigheabhair féin ann. Agus cuirfe mé loige a gcroidhthibh an mheid fhúicfíghear beó aguibh a ccríochuibh a námhad; agus cuirfe torann an duílleabhair a tteitheamh íad; agus teithfid, mar do theithfidís roimhe cloidheamh; agus tuitfid a nuáir nach bía éanduine dhá leánmhuin. Agus tuitfid ar muin a cheile, amhuil do dhéandáois roimhe chloidhiomh, a nuáir nach mbiáidh éanduíne na ndiáigh: agus ní bhéidh cumas aguibh a lathair bhur námhad. Agus tuitfídhe a measc na ngennteadh, agus íosuidh talamh bhur námhad súas sibh. Agus an mhéid mhairfeas dhíbh seargfuid ann a nolc a ttír a námhad; agus már an gcéadna a ccoirthibh a náithreadh seargfuid meille riú. Annsin do bhéura mé fearthuinn dhibh na ham féin, agus do bhéura an talamh a bhíseach, agus do bhéaruidh croinn an mhachaire a ttoradh.
An é nach bhfuil a fhios aguibh, gidh bé dhá dtabharthaói sibh féin mar sheirbhíseachuibh chum úmhlachda, gur seirbhísigh sibh don tí sá númhlaighthí; mas do pheacadh chum báis, no dúmhlachd chum firéantachda?
Oír an tí choimhéudas a aitheanta comhnuighe sé ann, agus eisean annsan. Agus is as so aithnighemíd eisean do bheith na chomhnuighe íonnuinn, as an Sbioruid tug sé dhúinn.
Ar a nadhbharsin gráidheocha tú an TIGHEARNA do Dhía, agus coimhéadfa tú a chúram, agus a reachda, agus a bhreitheamhnuis, agus a aitheanta, a gcomhnuidhe.
Achd má umhluigheann tú dhá ríribh dhá ghuth, agus go ndéarna tú a nabruimsi uile; ann sin biaidh mé am námhuid dot naimhdibh; agus am eascaruid dod eascairdibh.
¶ Feuchuidh, do chuir mé romhuibh a niugh beannughadh agus mallughadh; Beannughadh, má umhluighionn sibh daitheantaibh an TIGHEARNA bhur Ndía, noch aithnighimsi dháoibh a niagh: Agus mallughadh, muna numhluighthí daitheantuibh an TIGHEARNA bhur Ndía, achd iómpodh a leathtáoibh as an tslighe noch aithnighimsi dháoibh a niugh, do dhul do leanmhuin deé oile, nar bhaithnidh dáoibh.
Do bheirim áithne núa dhíbh, Grádhuighe a chéile; mar do ghrádhuigh misi sibhsi, grádhuighidh féin a chéile amhluidh sin. Air so aithéonaid na huile dháoine gur deisciobail dhamhsa sibh, má bhíonn grádh aguibh féin dá chéile.
Agus coimhéad cúram do THIGHEARNA Dé, ag siubhal iona shlighthibh, ag coimhéad a statúideadh, agus a aitheanta, agus a bhreitheamhnasa, agus a fhiaghnuiseadh, mar atá scriobhtha a ndligheadh Mhaóise, chor go mbeirigh tú buáidh ann sa nuile ní dá déana tú, agus ann gach uile tháobh a niompochuídh tú thú féin:
An té choimhéadas teagasg atá sé a slighe na beatha: acht an té dhíultas smachtughadh atá sé air seachrán.
Agus ar mbeith dhó ar na dhéunam iomlán, do rinneadh úghdar an tslánuighe shíorruighe dhe do na huile dáoinibh úmhlaigheas dó;
Agus a sé so an grádh, eadhon sinn do shiúbhal do réir a aitheantasan. A sé so a náithne, Do réir, mar do chúalabhair ó thosuigh, chum bheith dhíbh ag siúbhal innte.
Ní bhfuil éifeachd sa timchillghearradh, agus ní fhuil éifeachd sá neimhthimchillghearradh, achd a gcoimhéud aitheantadh Dé.
O gan a leithéid sin do chroidhe ionnta, go mbía meaglasa orra, agus go gcoimhéadaidís maitheanta a ccomhnuidhe, chor go mbiáidh sé go maith aca, agus agá ccloinn go bráth.
Ar a nadhbharsin giodh bé neach bhrisfeas áonaithne do na haitheantaibh robheagaso, agus theagaisgfeas na dáoine mar sin, goirfidhthear dhe an duine is lúgha a rioghachd neimhe: achd giodh bé neach dhéanas agus theagaisfeas iád, goirfidh thear duine mór dhe a rioghachd neimhe.
Coimhéadfa tú ar a nadhbharsin a státuide, agus a aitheanta, noch aithnighimsi dhíot a niugh, chor go rachaidh sé go maith dhuit, agus dod chloinn ad dhiáigh, agus go bhfaduighe tú do laéthe ar an ttalamh, noch do bheir an TIGHEARNA do Dhía dhuit, go bráth.
Molaidh an TIGHEARNA. Is beannuighe an duine air a bhfuil eagla an TIGHEARNA, agá bhfuil dúil iona aitheantaibh go ro mhór.
Achd créud fá ngoirthísi, A Thighearna, a Thighearna dhíomsa, agus nach déuntáoi na neithe a deirim?
Agus na cumaidh sibh féin ris an tsáoghalsa: achd cuiridh sibh féin a natharrach crotha ré hathnúadhughadh bhur ninntinne, ionnus go mbíadh a dhearbh aguibh créud í toil mhaith, gheanamhuil, dhiongmhála Dé.
Uime sin, a chaired, amhuil tug sibh úmhlachd uáibh a goimhnuidhe, ní hé amháin dom láthairse, achd a nois go mórmhór ar mbeith dhamh bhur bhféugmhuis, sáothruighe bhur slánughadh féin maille ré faitchéas agus ré criothnughadh. Oír a sé Día oibrigheas ionnuibh an toil agus an gníomh do réir a dheaghthola.
Siubholtaoi a ndiáigh an TIGHEARNA bhur Ndía, agus biáidh a eagla oruibh, coimhéadfuidhe a aitheanta, agus uimhleochtaói dá ghuth, agus do dhéantaói serbhís dó, agus greamochuighe dhe.
Agus a dubhairt, Má eísteann tú go dúthrachdach re guth an TIGHEARNA do Dhía, agus do ndéana tú an ní is ceart na radharc, agus go ttiubhra tú aire dá aitheantuibh, agus go gcuimhdeocha tú a reachda uile, ni chuirfe me énni dona heasláintibhsi oruibh noch thug mé ar na Hégiptibh: óir is misi an TIGHEARNA leighisios tú.
Tábhruidh úmhlachd do luchd bhur dtréoruighthe, agus íslighe sibh féin dóibh: óir bíd siad ag faire bhur nanmann mar an luchd bhéuras conntas úathadh, chum so do dhéunamh dhóibh maille ré gáirdeachas agus ní ré hosnaighibh: óir as neamhtharbhach dhíbhse so.
(Oír ní híad luchd éisdeachda an dlighidh atá na bhfirénchuibh a bhfiadhnuisi Dé, achd luchd choimhlíonta an dlighigh a síad shairfuidhear.
Agus tiucfa a ccrích, má éisteann tú go dúthrachdach re glór do THIGHEARNA Dé, do choimhlíonadh agus do dhéanamh a aithneadh uile noch aithníghimsi dhiot a niugh, go gcuirfe do THIGHEARNA Día súas thú ós cionn gach uile chimeadh ar talumh: Agus do chífe na huile dhaóine ar talumh go ngoirfighear thú a nainm an TIGHEARNA; agus biáidh eagl aaca romhad. Agus do dhéana an TIGHEARNA saidhbhir a maóin thú, a ttoradh do chuirp, agus a ttoradh háirnéisi, agus a ttoradh do thalaimh, an sa dúithche noch do mhionnuigh an TIGHEARNA dot aithribh do thabhairt dhuit. Oisceoluídh an TIGHEARNA a ionmhus maith dhuit, neamh do thabhairt fearthanna dot fhearann na ham féin, agus do bheannughadh uile oibreach do lámh: agus do bhéara tú áirleagadh do mhórán do chineadhachaibh, agus ní iarrfa tú áirleagadh. Agus do dhéana an TIGHEARNA ceann díot, agus ní hearball; agus biáidh tú amháin a núachdar, agus ní bhiáidh tú a níochdar; má éistionn tú re haitheantuibh do THIGHEARNA Dé, noch aithnighimsi dhíot a niugh, dá ccoimhéad agus dá gcoimhlíonadh: Agus ní racha tú a leathtaoibh ó éanfhocal dá labhruimsi riot a niugh ar a láimh dheis, nó ar a láimh chlé, do leanmhuin dée oile do dhéanamh seirbhíse dhóibh. ¶ Ach tiucfa a ccrích, muna numhluighe tú do ghlór do THIGHEARNA Dé, do chóimhéad a aithneadh uile do choimhlíonadh agus a reachda uile noch aithnighimsi dhíot a niugh; go ttiucfuid na mallachdasa uile ort, agus go mbéaruid ort: Biáidh tú malluigh an sa chathruigh, agus biáidh tú malluigh an sa machaire. Biáidh do bhascáeid agus do stór malluigh. Biáidh toradh do chuirp malluigh, agus toradh thfearuinn, biseach do bhó agus do thréad cáorach. Biáidh tú malluigh a nuáir thiucfas tú a steach, agus biáidh tú malluigh a nuáir rachus tú amach. Agus tiucfhaid na beanachdasa uile ort, agus bearuid ort, má éísteann tú ré glór do THIGHEARNA Dé.
Ar a nadhbharsin a dubhairt Iósa ris na Iúdaidhibh do chreid dhó, Má chomhnuighthísi am bhréithirsi, go fírinneach beithí bhar ndeiscioblaibh agam;
¶ Cluinmíd críoch na cúise uile: Eagluigh Día, agus coimhéad a aitheanta: óir sé so iomlán an duine.
Atáid reachda an TIGHEARNA ceart, ag gáirdiughadh an chroidhe: atá áithne an TIGHEARNA fiorghlan, ag tabhairt radhairc do na súilibh.
Agus a dubhairt seision, Achd as beannaighe an dream eisdeas briáthar Dé, agus choimhéudus é.
Tabhair tuigse dhamh, agus coimheadfad do dhlighe; agus coimhlíonfad é le mo chroidhe iomlán.
Biodh gach uile anum úmhal do na cúmhachdaibh atá ós a chionn. Oír ní bhfuil cúmhachda ar bith achd ó Dhía: agus na cúmhachda atá ann as ó Dhía do hórduigheadh íad.
An tan do aithin mé dhíot a niugh do TIGHEARNA Día do ghrádhughadh, agus siubhal iona shlighthibh, agus a aitheanta do choimhlíonadh agus a reachda agus a bhreitheamhnuis, chum go mbeithfeá béo agus go bhfoirlíonfa: agus beannochuidh do THIGHEARNA Día thú an sa dúithche a bhfuil tú ag dul dá shealbhughadh.
Mar chloinn na húmhlachda, gan bheith dhíbh dá bhur nathchuma féin ris na hainmíanuibh do ghnáthuigh sibh roimhe ann bhur nainbhfios: Achd do réir mar atá an tí do ghoir sibh náomhtha, bíghidhse mar an gcéudna náomhtha sa nuile choinbhearsáid;
Gidh bé tharcuisnighios an bríathar millfighthear é: acht an té eagluighios a naithne do gheabha sé luáigheacht.
Oir gidh bé neach choimhlíonfus an reachd uile, agus gheubhas tuisleadh a néun áithne amháin, ata sé ciontach ionnta uile.
Ag cur theilgin na hinntinne ar gcúl, agus gach uile áirde dá nárduigheann é féin a nadhuigh éolais Dé, agus ag breith gach uile smuáintighe a mbráighdeanus chum úmhluighthe do Chríosd.
¶ Biodh a fhios agad ar a nadhbharsin gur bé an TIGHEARNA do Dhia, ís Día ann, Dia firinneach, noch choimhéadas a chunnradh agus a thrócaire don droing ghrádhuigheas é agus choimhlíonus a aitheanta, go míle geinealach;
Agus teaguisgidh íad gach uile ní dár, aithín misi dhibh do choimhéud: agus, féuch, a táimsi bhur bhfochair gach éinla go deireadh an tsaoghail. Amen.
Agus gach ní shirmid, do gheibhmíd úadh é, do bhrígh go gcoimhéudamaóid a aitheanta, agus go ndéunamaóid na neithe ar a bhfuile gean aige.
Do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé ris, Gidh bé ghrádhuifheas misi, coimheudfuidh sé mo bhriathar: agus gráidheochuidh Mathair é, agus tiocfamaóid chuige, agus do dhéunam comhnuidhe aige.
Ar a nadhbharsin coimhéadfa tú aitheanta an TIGHEARNA do Dhía, do shiubhal iona shlighthibh, agus a eagla bheith ort.
Agus thaisbéanas trócaire do mhíltibh don luchd ghrádhuigheas mé, agus choimhéadas maitheanta.
Gidheadh fós do rinne an TIGHEARNA fíadhnuise a naghaidh Israel, agus a naghaidh Iúdah, tres na fáighibh uile, agus treas an luchd faicsiona uile, gha rádh, Fillidhsi ó bhur ndroichshlighibh, agus coimhéuduigh maitheantasa agus mo reachda, do réir a nuile dhlighe dar áithin mé dá bhur naithribh, agus noch do chuir mé chugaibh lem sherbhísigh na fáidhe.
Agus a dubhairt sé ríu, Suighidh bhur ccroidhthe ar na huile bhríathraibh do nímsi dfiadhnughadh bhur measc a niugh, noch aitheontaói da bhur ccloinn do choimhéad do dhéanamh, bríathar an dlighesi uile. Oír ni ní díamhaoin duitsi é; de chionn gur bé do bhéatha é: agus is leis an ní si fhaideochtha tú do láethe san dúithche, a bhfuil tú ag dul a nonu tar Iordán da shealbhughadh.
Na measaidh go dtaínic misi do sgáoileadh an dlighidh, nó ná bhfaigheann: ní dá sgáoileadh thainic mé, achd dá gcoimhlionadh. Oir a deirim ribh go firinneach, No go ndeachaidh neamh agus talamh thort, ní rachaidh éan iota na áonphunc don dligheadh thort, nó go gcoimhlíontar gach éin ní. Ar a nadhbharsin giodh bé neach bhrisfeas áonaithne do na haitheantaibh robheagaso, agus theagaisgfeas na dáoine mar sin, goirfidhthear dhe an duine is lúgha a rioghachd neimhe: achd giodh bé neach dhéanas agus theagaisfeas iád, goirfidh thear duine mór dhe a rioghachd neimhe.
Oír atáid súile an Tíghearna ar na fíreunuibh, agus a chlúasa osguilte dha nurnuighe: achd atá gnúis an Tíghearna a naghuidh na druinge do ní na huile.
Anois uime sin, má umhluighthigh dom ghuth daríribh, agus mo chunnradh do chomhall, annsin beithí mar nionmhus diongmháladh agam os cionn gach uile phobal: óir is liomsa an talamh uile:
Is beannuigh an fear nach siubhluighionn a ccomhairle na neimhdhiadhach, nach seasann a slighe na bpeacach, agus nach suighionn a suigheachán na ttárcuisneach. Acht atá a dhúil a ndligheadh an TIGHEARNA; agus iona dhligheadh smuaineann sé do ló agus doidhche.
Beannughadh, má umhluighionn sibh daitheantaibh an TIGHEARNA bhur Ndía, noch aithnighimsi dháoibh a niagh: Agus mallughadh, muna numhluighthí daitheantuibh an TIGHEARNA bhur Ndía, achd iómpodh a leathtáoibh as an tslighe noch aithnighimsi dháoibh a niugh, do dhul do leanmhuin deé oile, nar bhaithnidh dáoibh.
Agus do ghlac sé leabhar an chunnartha, agus do léigh a néisdeachd an phobuil: agus a dubhradarsan, A nuile ní a dúbhairt an TIGHEARNA, do dhéanam é, agus bíam umhal.
Agus má shiubhluighionn tú am shlighthibhsi, do choimhéud mo reachda agus maitheanta, mar do shiubhail hathair Dáibhi, ann sin faideochaidh mé do laethe.
Coimhéad go dithchiollach aitheanta an TIGHEARNA do Dhía, agus a fhiaghnuisigh, agus a reachda, noch do aithin sé dhíot.
Do mhúin se mé fós, agus a dubhairt riom, Glacadh do chroidhe mo bhríathra: coimhéad maitheanta, agus mair.
Agus do fhreagradar an pobal uile a néinfheachd, agus a dubhradar, a nuile ní do labhair an TIGHEARNA do dhéanuim é. Agus do fhill Maóise bríathra an phobuil chum an TIGHEARNA.
Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé, Gráidheochuidh tú do Thighearna Dia as do chroidhe uile, agus as tanam uile, agus as do bhríoghuibh uile, agus as da smúaintighthibh uile; agus do comharsa mar thu féin.
Ar a nadhbharsin atá an reachd gan amharus náomhtha, agus a náithne náomhtha, agus comhthrom, agus maith.
Uime sin, a dhearbraithre grádhacha, bíghidh comhnuigheach, neamhchorrach, ag méudughadh do shíor a nobair an Tighearna, ar mbeith a fhios aguibh nach diomháoin bhur sáothar sa Dtighearna.
Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Maóise, Gá fad bheithi ag diultadh maitheantadh, agus mo dhlighthe do choímhéud?
An tí a deir, Atá aithne agum air, agus nach ccoimhéudann a aitheanta, as bréugach é, agus ní bhfuil fírinne ann.
Ní chnirfidhe a gcionn an nfocail aítheanus misi dhíbh, ní mó laighdeochtháoi éinní dhe, chor go gcoimhéadfuidhe aitheanta an TIGHEARNA bhur Ndía noch aithnighimsi dhíbh.
Agus a dubhairt seisean ris, Créd fá a ngóireann tu maith dhíomsa? ní bhfuil éinneach maith ach amháin, Día: achd mas mían leachd dul chum na beatha, eoimhéd na haitheanta.
Uime sin ar ndealughadh ris an mbréig dháoibh, lábhradh gach áon aguibh a nfírinne ré ná chomharsuin: óir as buill dá chéile sinn. Bíodh fearg oruibh, gidheadh ná déunuigh peacadh: ná maireadh bhur bhfearg go dul na gréine fáoi: Agus ná tuguidh áit do diábhal. An tí do rinne goid ná gadah ní sá mhó: achd go madh luáithe dheánas sé sáothar, ag oibriughadh maitheasa ré na lámhuibh féin, ionnus go mbíádh ní aige ré thabhairt don tí air bhfuil ríachdanus. Ná tigheadh bríathar ar bith thruáillighe amach as bhur mbéul, achd gidh bé bríathar fhoghnas chum follamnuighthe, ionnus go dtíubhradh grása don luchd éisdeacha. Ag déunamh díthchill air áondachd na Sbioruide do choimhéud a gcoimhcheangal siothchána. Agus ná cuiridh doilgheas ar Sbioruid náomtha Dé, lér cuireadh séula oruibh go lá an fhúasgluighthe. Bíodh gach uile shearbhus, agus gach aingidheachd, agus gach fearg, agus gach gárrtha, agus gach ithiomradh, ar ná thogbháil uáibh, maille ris a nuile olc: Bighidh sochroidhtheach, trócaireach dhá chéile, ag tabhairt maitheamhnuis uáibh, amhuil tug Día mar an gcéudna maitheamhnus dáoibhse a Gcríosd.
Atá dligheadh an TIGHEARNA iomlán, ag iompógh a nanma: is fírinneach fiaghnuise an TIGHEARNA, ag déanamh an tsimpligh críonna.
Oir atá foighid na ríachdanus oruibh, ionnus ar ndéunamh tola Dé dhíbh, go bhfuighe sibh toradh na geallamhna.
Agus ann gach uile ní dá ndubhairt mé riot bí go fuireachair: agus ná tárr thair anmanuíbh dée ar bith eile, narob mó chluinfighear as do bbéul é.
Ionnus go gcoimhlionfuidhe ceart an dlighe ionnuine, nach siobhlann do réir na colla, achd do réir na Spioruide.
Oír coimhliontár an réachd uile a náoinbhréithir amháin, ann so; Grádhuigh do chomharsa mar thú féin.
Do bhéartháoi dá bhur naire ar a nadhbharsin go ndeárntáoi mar do aithin an TIGHEARNA bhur Ndía dhíbh: ní chasfuidhe a leaththáoibh ar bhur láimh dheis nó chlé. Siubhólfáoi annsna huile shlighthibh dar aithin an TIGHEARNA bhur Ndía dhíbh, chor go mairfidhe, agus go mbeithear go maith aguibh, agus go bhfáídeochtháoi bhur laéthe annsa dúthaigh noch shealbhochtháoi.
A chlann, bíghidh úmhal do bhur naithribh agus do bhur máthribh sna huile neithibh: óir as mór gean an Tíghearna ar so.
Ar a nadhbharsin gach uile neach do chluinn na bríathrasa agamsa, agus do ní íad, saimhléochaidh mé lé duine glic é, neach do rinne a thigh air chárraig: Agus do thúirling an fhearthainn, agus tangadar na tuilte, agus do shéideadar na gaótha, agus do bhúaileadar ar an ttigh úd; agus níor thúit sé: óir do bhí a fhuinniméd air charraig. Agus gach uile neach do chlúin mo bhríathrasa, agus nach ccoimhlíonann íad, saimhléochthar é lé duine leamh, neach do thógaibh a thigh air ghaineamh. Agus do thuirling an fhearthainn, agus tangadar na tuilte, agus do shéideadar na gaótha, agus do bhuáileadar air an ttigh úd; agus do thuit sé: agus bá mór a thuitim.
Gidheadh dá gcoimhlíona sibh an reachd ríogha do réir an sgriobtúir, Gradhuigh do chómharsa mar thú féin, as maith do ní sibh é:
Do choimhéad mé haitheanta agus thfíadhnuiseadha: óir atáid mo shlighthe uile ad lathairsi.
Agus a dubhairt Samuel, An bhfuil oirid dúile ag an TTIGHEARNA a nofráluíbh loisge agus a níodhbarthaibh, mar atá aige a numhla do ghlór an TIGHEARNA? Féuch, Is féarr umhlughadh ná íodhbairt, agus éisdeachd ná méathas reitheadh. Oír ionann dul an neasurramachd agus peacadh piseóguigh, agus easumhla ionnán agus éaigceart agus iodhaládhradh. Do chionn gur tharcuisnigh tú focal an TIGHEARNA, do tharcuisnigh seision thusa mar an gcéadna ó bheith ad rígh.
Anois ar a nadhbharsin éistigh riom, a chlann: óir is beannuigh an drong choimhéadas mo shlighthe. Eistigh re teagasg, agus bíthí críonna, agus na díultuighe é.
Achd íarruigh ar tús flaitheas Dé, agus a fhiréuntachdsan; agus teilfidhthear na neithesi uíle chugaibh.
Uimhleocha tú ar a nádhbharsin do ghlór do THIGHEARNA Dé, agus coimhlíonfa tú a aitheanta agus a reachda, noch fhúagruimsi dhuit a niugh.
Ná neithe fós, do fhóghluim sibh agus do ghlacabhair, agus do chúalabhair, agus do chonncabhair ionnamsa, deunuidh íad: agus biáidh Día na síothchána maille ribh.
Oír atá a fhios aguibh créd íad na haitheanta thugamar dhaóibh trés an Dtíghearna Iósa.
Ach tugaidh aire ghéar do choimhlíonadh na naithneadh agus an dlighe, noch do chuir Maóise óglach an TIGHEARNA do chúram oruibh, grádh do thabhairt dá bhur TTIGHEARNA Día, agus siúbhal iona shlighthibh uile, agus a aitheanta do choimhlíonadh, agus táobhaidh ris, agus foghnamh dhó le bhur nuile chroidhe agus lé bhur nuile anam.
A chlann, bíghidh úmhal dá bhur naithribh agus da bhur maithribh sa Dtíghearna: óir as coir so. Fá dheóigh, a dhearbhráithreacha, bíghidh neartmhar sa Dtíghearna, agus a gcúmhachd a neirtsion. Cuiridh iomuibh armáil Dé go huilidhe, ionnus go madh féidir libh seasamh a nadhuigh shlightheadóireachd an Díabhail. Oír ní ré fuil agus ré féoil do níomuid sbáirn, achd ré húachdaranuibh, ré cúmhachduibh, ré prionnsuidhibh an domhuin dhorchaduis an tsáoghailse, ré drochsbioraduibh, noch atá sna hionaduibh árda. Uime sin glacuidh chuguibh armáil Dé go huilidhe, chum go madh-féidir libh cur na nadhuigh a ló an ríachdanuis, agus seasamh ar gcríochnughadh, na nuile neitheann dáoibh. Uime sin seasuidh, ar mbeith dá bhur leasrachuibh ar na gcreaslughadh ré firinne, agus ar gcur éidigh uchda na fíreantachda iomuibh; Agus brogan ullmhuighthe shoisgéil na siothchána fá bhur gcosaibh; Agus tar gach uile ní, glacuibh chuguibh, sgíath an chreidimh, tré na dtucfuidh dhíbh uile gháethe tinntighe na drochsbioruidedo mhúchadh. Agus gabhuidh chuguibh clogud na sláinte, agus cloidheamh na Sbioruide, eadhon bríathar Dé. Ar mbeith díbh ag úrnuighe do shíor ré gach áoin ghné úrnuighe agus athchuinghe trés an Sbiorúid, agus ag féire sá ní gcéudna maille ré gach uile bhúanas agus ghuidhe ar son na nuile náomh; Agus ar mo shonsa, ionnus go dtiubhartháoi dhamh cumas labhartha, a nosgladh mo bhéil maille ré danach, chum seicreide an tsoisgéil do fhoillsiughadh dhamh. Tabhair onóir dod athair agus dod mhathair; (noch as é chéud áithne maille ré geallamhuin;) Dá bhfuilim um theachdaire a ngéibheann: ionnus go ndéunuinn danachd labhartha as, mar as éigean damh lábhairt. Achd ionnus go mbíadh fios aguibhse air na neithibh bheanas riomsa, agus créd do nim, foillseóchuidh Tichicus, dearbhráthair grádhach agus minisdir díleas sa Dtíghearna, na huile neithe dhibh: Noch do chur mé chuguibh a dtimchioll a nádhbhairse féin, ionnus go mbíadh fios na neitheann bheanus rinne aguibhse, agus go dtíubhradh cómhfhurtachd dá bhur gcróidhthibh. Siothcháin ris na dearbhráithribh, agus grádh maille ré creideamh, ó Dhía Athar agus on Dtíghearna Iósa Críosd. Grása maille ris na huile dháoinibh ghrádhuigheas ar Dtíghearna Iósa Críosd maille ré neamhthruáilleadh. Amén. Ionnus go mbíadh rath ort, agus go mbíadh fad-sáoghuil agad ar an dtalamh.
Gach uile neach thig chugamsa, agus éisdeas rém bhríaththruibh, agus do ní dhá reir, foillséochuidh mé dháoibhsi cía ré ar cosmhuil é: As cosmhuil é ré neach do thóg a thigh, agus do thochail, agus do chúaidh go domhuin a dtalumh, agus do chuir a shocrughadh ar charruig: agus mar tháinig an tuile, do bhúail an sruth go fíochmhar fán dtigh úd, achd níor bhéidir leis a chorrughadh: óir do bhí sé socrughthe ar charruig. Achd gidh bé chluin, agus nach deun, as cosmhuil é ré neach do thóg a thigh air thalamh gan socrughadh; air ar bhúail an tuile go fíochmhar, agus do thuit sé do láthair; agus ba mór tuitim an tighe sin.
Na haitheantasa do choimhéud gan cháidh, gan lochd, go teachd ar Dtíghearna Iósa Críosd:
Cruinnigh na daóine a bhfochair a chéile, fir, agus mna, agus leinibh, agus do choimhitheach atá táobh a stigh dod dhoirsibh, ionnus go cluinfid síad, agus go bhfoghlumuid, agus go mbía eagla bhur TTIGHEARNA Dé orra, agus go gcoimhéadaid uile bhríathra an dlighe si do dhéanamh: Agus go ccluinfid a cclann, ag nach raibh fios éinneil he, agus go bfoghlumuid eagla bhur TTIGHEARNA Dé do bheith orra, an fad mhairfidhe ansa dúithche mar a ttéighthí tar Iordan dá shealbhughadh.
Anois uimesin a radharc Israel uile comhchruinniughadh an TIGHEARNA, agus a neisteachd ar Ndé, coimhéaduigh agus íarruidh uile aitheanta bhur TTIGHEARNA Dé: chor go sealbhochthaoi an fearann maithsi, agus go bhfuigfidhe é mar oidhreachd ag bhur ccloinn bhur ndiaigh go bráth.
Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ríu, Créd fá sáruigheann sibhsi leis aithne Dé lé bhur ngnáthughadh féin? Agus do chúadar slúaighte móra chuige, agá rábhadar bacuigh, doill, balbháin, dáoine ciorthuimeacha, agus móran eile, agus do thellgeadar fá chosaibh Iósa íad; agus do shlánaigh sé íad: Ionnas gur ghabh iongantus an slúagh, an tan do chonncadar na balbháin ag labhairt, agus na dáoine ciorthuimeacha slán, na bacaigh ag siobhal, agus a radharc ag na dallaibh: agus tugadar gloír do Dhía Israel. Agus ar ngairm a dheisciobal chuige Diósa, a dubhairt sé, A tá trúaighe agam don tslúagh, oir do fhanadar a nois ré trí lá am fhocair, agus ni bhfuil ní acá do iósaidis: agus ni hail leam a leígean úaim na dtrosgadh, deagla go racháidis a nanbhfainne ar a tslighe. Agus a deirid a dheisciobail ris, Cía a naít as a bhfuigheamáois ar an bhfasach a noireadsin darán, lé a saíseóchamáois a chomhmór do shlúagh? Agus a deir Iósa ríusan, Gá mhéad arán a tá agaibh? Agus a dubhradarsan, A seachd, agus beagan diásgaibh beaga. Agus do aithin seisean do tslúagh suidhe siós ar an dtalamh. Agus ar nglacadh na seachd narán agus na níasgsin dó, ag tabhairt buidheachais, do bhris sé íad, agus thug sé dhá dheisciobluibh, agus tugadar na deisciobail don tslúagh íad. Agus do itheadar uile ní, agus do sasuigheadh iád: agus do thógbhadar lán seachd gclíabh dfuigheall do bhiádh bhrisde. Agus do bhádar an luchd a dúaidh é ceithre mhíle fear, leith a muigh do mhnáibh agus do leanbaibh. Agus ar léigean an tslúaigh úadh, do chúaidh sé a luing, agus taínic sé go leithimlibh Mhagdala. Oír tug Día áithne, ag radh, Onóruigh hathair agus do mhathair: agus, Giodh bé mhalluigheas a athair nó a mhathair, cuirthear chum báis é. Achd a dheartháoisi, Giodh bé neach a déara re na athair nó ré na mathair, Gach tabhartus dá dtuguimsi uaim, rachaidh sé a dtarbha dhuitsi; Agus ni onórfuidh sé a athair nó a mhaithair. Agus mar sin do chuireabhair a neimhbhrigh aithne Dé tré bhur ngnáthughadh féin. A luchd an fhúarchrábhaidh, is maith do rinne Esaías fáigheadóireachd bhur dtimcheall, ag rádh, Druididh an pubalsa leamsa lé na mbéul, agus onóruighid me lé na bpusuibh; achd cheana is fada úaim atá a gcroidhe. Achd is a ndíomháineas onóruighid síad misi, ag teagasg aitheanta na ndáoine mar theagasg.
Tré a bhfúaramairne grása agus absdaltachd, chum úmhlachda an chreidimh; a measg na nuile chineadhach, ar son anmasan:
Gidh bé nach grádhuigheann misi ní choimhéudann sé mó bhríathra: agus an bhriathar do chúalabhair ní leamsa í, achd leis a Nathair do chuir úadh mé.
Má éisteann tú ré guth do THIGHEARNA Dé, do dhéanamh a aithneadh agus a reachda atá scríobhtha ansa leabharso an dlighe, agus má fhilleann tú chum do THIGHEARNA Dé led chroidhe uile, agus led anum uile.
Fá dheóigh, a dhearbhráithreacha, bíghidh neartmhar sa Dtíghearna, agus a gcúmhachd a neirtsion. Cuiridh iomuibh armáil Dé go huilidhe, ionnus go madh féidir libh seasamh a nadhuigh shlightheadóireachd an Díabhail.
An té choimhéadas a naithne coimhéaduigh sé a anam féin: acht an té tharcuisnighios a shlighe éugfuidh sé.
Uime sin a dhearbhráithre, go madh móide dhéunad dibh dúthrachd, ré bhur ngairm agus re bhur dtogha do dhéunamh diongmhalta: óir má ní sibh na neithese, ni bhfuighe sibh leagadh choidhche:
Agus thaisbeanas trócaire do mhiltibh don luchd ghrádhuighios mé agus choimhéadas maitheanta.
Ar a nadhbharsin a dubhairt Iósa ris na Iúdaidhibh do chreid dhó, Má chomhnuighthísi am bhréithirsi, go fírinneach beithí bhar ndeiscioblaibh agam; Agus áithéontáoi a nfírinne, agus saorfaidh a nfirinne sibh.