Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 7:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Comhlíon m'aitheanta agus mairfidh tú beo; coinnigh mo theagasc mar mhac imreasan do shúile.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Coimhéad maitheanta, agus bí béo; agus mo dhligheach mar ubhail do shúl.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 7:2
16 Tagairtí Cros  

Is fíréanta iad d'fhorálacha go deo; tabhair teagasc dom agus mairfidh mé.


Déan mo chosaint mar mhac imreasan do shúile; folaigh mé faoi scáth do sciathán


Beir greim docht ar an dea-theagasc, agus ná lig uait é; cosain é ós é do bheatha é.


Ná scaoil as do radharc iad, coinnigh i gcochall do chroí iad.


Sé mhúin sé dom agus sé a dúirt: “Bíodh mo bhriathra i gcochall do chroí; coinnigh m'aitheanta agus mairfidh tú beo.


Tugaigí cluas agus tagaigí chugam, éistigí agus beidh bhur n‑anam saolach. Déanfaidh mé conradh libh, conradh buan an uair seo, an chomaoin cheanúil a chur oraibh a ba mhinic ag Dáiví.


“Ní thabharfar dóibh thú,” d'fhreagair Irimia, “ach umhlaigh do ghuth an Tiarna a labhraimse leat. Iarraim sin d'achainí ort, agus beidh sé go maith agatsa agus mairfidh tú beo.


Coimeádaigí mo dhlíthe agus mo reachtanna. An té a leanann iad, beidh an bheatha aige iontu. Mise an Tiarna.


agus dúirt sé leis: “Rith leat agus abair leis an ógánach sin go gcaithfear Iarúsailéim a fhágáil gan bhallaí mar gheall ar oll-líon na ndaoine agus na mbeithíoch a bheidh inti.


An té a bhfuil m'aitheantasa aige agus a choinníonn iad, sin é an té a bhfuil grá aige dom. An té a bhfuil grá aige dom, beidh grá ag m'Athair dó, agus beidh grá agam dó, agus taispeánfaidh mé mé féin dó.”


Sibhse mo chairde má dhéanann sibh na nithe a ordaím daoibh.


Fuair sé sa díthreabh é, i bhfásach uallairte an fhiántais. Cumhdaíonn sé é, oileann é agus cosnaíonn mar mhac imreasan a shúile.


Is méanar dóibh siúd a níonn a n‑éidí, chun go mbeadh ceart acu chun crann na beatha, agus dul na geataí isteach don chathair.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí